Modhanna Íocaíochta
Is féidir na táillí a íoc mar seo a leanas:
- Airgead tirim (ní chóir airgead tirim a chur isteach leis na doiciméid a sheoltar ar an bpost)
- Ordú airgid poist
- Dréacht bainc
- Seic (tarraingthe ar bhanc i bPoblacht na hÉireann)
- Is féidir cárta creidmheasa/dochair a úsáid le cuardach a dhéanamh ar líne le haghaidh cuideachta nó le hairgead a chur i gcuntas custaiméara CRO.
Ba chóir orduithe poist/airgid, dréachtaí bainc agus seiceanna a íoc leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (teideal iomlán).
Ní ghlactar a thuilleadh le míreanna airgeadra coigríche, steirling agus euro atá tarraingthe ar bhainc suite lasmuigh de Poblacht na hÉireann toisc gur gá íoc as seiceanna a réiteach. Dá bhrí sin, ní mór dréacht bainc Euro a úsáid do na híocaíochtaí a fhaightear ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann le doiciméid a chlárú, iarratas doiciméad agus seirbhísí ilghnéitheacha. Ní mór don bhanc i gceist a bheith i gcóras imréitigh na hÉireann.
Ní féidir le CRO glacadh le híocaíocht trí chárta creidmheasa. (Is féidir Cárta creidmheasa/Léasair a úsáid le cuardach cuideachtaí ar líne nó le taiscí a chur i gcuntas custaiméara ar líne amháin).
Seiceanna Obtha
Chun déileáil leis an bhfadhb mhéadaitheach le seiceanna easonóraithe (is é sin, obtha) Tá CRO ag forfheidhmiú na mbeart seo a leanas go dian láithreach bonn:
(1) Ní ghlacfaidh CRO le seiceanna ó chuideachtaí /na láithreoirí a mhainnigh íocaíochtaí san am a chuaigh thart. Sna cásanna sin, go dtí go n-íocfar an fiachas atá gan íoc leis an CRO, caithfear íocaíochtaí ar gach comhdú ina dhiaidh a dhéanamh le hairgead tirim, le hordú airgid/poist nó dréacht bainc.
(2) Diúltóidh CRO ábhar atá curtha isteach i gcás a n-obtar seic. Sa chás a n-obann an banc an seic a úsáideadh chun íoc ar dhoiciméad a cuireadh isteach, diúltóidh an CRO an doiciméad a chlárú ach amháin sa chás a ndéantar an seic a athsholáthar le hairgead tirim, le hordú airgid/ordú poist nó le dréacht bainc laistigh de 14 lá.
Ba mhór ag CRO do chomhoibriú le cloí leis na rialacha sin.
Nasc: Cuntas Tasice a Oscailt
Priontáil