Athrú ar oifig chláraithe

Éilítear ar gach cuideachta de réir dlí, oifig chláraithe a bheith aici sa dlínse. Seoltar na doiciméid oifigiúla, fógraí agus páipéir chúirte ar fad chuig an seoladh seo de réir dlí.

Ní uimhir bhosca oifig phoist amháin

Ní mór suíomh fisiceach a bheith i gceist, agus ní uimhir bhosca oifig phoist amháin, toisc go bhfuil sé de cheart ag daoine cuairt a thabhairt ar oifig chláraithe na cuideachta le scrúdú a dhéanamh ar chláir agus doiciméid áirithe nó le doiciméid a sheachadadh de láimh.

Caithfear seoladh poist iomlán sa Stát a thabhairt inar féidir leis an tseirbhís poist post a sheachadadh go réidh.

Athrú ar oifig chláraithe

Cuireann cuideachta athrú seolta in iúl don CRO trí Fhoirm B2 a chomhlánú agus a sheoladh isteach tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta athraithe. Is féidir an fhoirm a chomhdú saor in aisce tríd an leagan gréasáin a chomhlánú ar www.core.ie. Is cion é nuair nach gcuirtear an t-athrú seo in iúl don CRO. Clárú doiciméad Cóip Pháipéir €15 Cóip Leictreonach saor ar www.core.ieLinks to external website.

The current registered office of the company can be checked for free using the Company Search facility.