Brainse
Doiciméid chuntasaíochta.
Cuirtear de cheangal ar na cuideachtaí go léir, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha, ag a mbíonn brainse acu sa Stát, na doiciméid seo a leanas a chomhdú:
- cuntais na cuideachta don tréimhse, lena n-áirítear cuideachtaí le fochuideachta amháin nó níos mó, cuntais chomhdhlúite an ghrúpa
- tuarascáil bhliantúil na stiúrthóirí don tréimhse
- tuarascáil na n-iniúchóirí ar chuntais na cuideachta
- tuarascáil na n-iniúchóirí ar thuarascáil na stiúrthóirí
Ní mór Foirm F7 a chur isteach leis na doiciméid chuntasaíochta.
Nasc: Foirmeacha Nasc:Táillí CRO
Mura mbíonn tuarascáil ag teastáil ó na stiúrthóirí de réir dlí sa Stát inar ionchorpraíodh an chuideachta, glactar leis an rialachán seo. Má dhéantar cuntais a chur le chéile de réir an 4ú (cuntais dhuine aonair) agus an 7ú (cuntais ghrúpa) Treorach AE, bíonn tuarascáil ag teastáil ó na stiúrthóirí.
Faoi Rialachán 11 cuirtear de cheangal ar chuideachta AE cloí leis an 4ú, 7ú agus 8ú Treoir de chuid an AE. Tá sé de cheart ag cuideachta AE féachaint ar roghanna difriúla faoi na Treoracha ar glacadh leo faoi reachtaíocht fhorfheidhmithe na mBallstát i.e. cuntais ghiorraithe nó chomhdhlúite a chomhdú.
Cuirtear de cheangal ar chuideachtaí neamh-AE cuntais a chur le chéile de réir an 4ú agus an 7ú Treorach AE nuair nach mbíonn orthu cuntais a ullmhú ina dtíortha féin.
Nuair a bhíonn ceanglais chuntais Stáit ann, is féidir le cuideachtaí neamh-AE a gcuntais a chomhdú de réir an 4ú agus an 7ú Treorach AE nó de réir dlí a Stáit féin.
Iniúchadh
Nuair nach gcuirtear de cheangal ar chuideachta AE iniúchadh a dhéanamh ar a cuntais de réir dlí a Stáit féin ní bheadh uirthi iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais a chomhdaítear i leith an bhrainse.
I gcás nach n-éilítear ar chuideachta neamh AE iniúchadh a dhéanamh ar a cuntais de réir dlí a Stáit féin is féidir na cuntais i leith na cuideachta a chomhdú de réir mar atá siad ullmhaithe. Má tá siad ullmhaithe de réir 4ú agus 7ú Treoir, áfach, ní mór iniúchadh a dhéanamh orthu.
Morgáistí/muirir
Ní mór sonraí morgáistí/muirear áirithe a chruthaíonn an chuideachta a sheachadadh don CRO tráth nach déanaí ná 21 lá ón dáta a chruthaítear an muirear. Mura ndéantar na sonraí. For further information on procedures to be followed and the forms to be used, féach Morgáistí/muirir
Athrú Eile
Foirm F2 - Athrú ar an gcairt (meabhrán & airteagail, srl.) Rial. 4(3)/7(3) de Rial. Bhrainse an AE 1993] Laistigh de 14 lá
Foirm F3 - Tuairisceán ar athruithe stiúrthóirí/rúnaí/nó duine údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh do chuideachta Rial. 4(3)/7(3) de Rial. Bhrainse an AE 1993] Laistigh de 14 lá
Athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát atá údaraithe glacadh le himeachtaí thar ceann na cuideachta nó athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát ar gá dó/dí comhlíonadh a chinntiú nó athrú ar sheoladh phríomháit ghnó nó brainse sa Stát €15 Cóip Leictreonach (athrú ar sheoladh brainse sa Stát amháin) Saor Laistigh de 14 lá
Nasc: Foirmeacha Nasc:Táillí CRO Nasc: CORE
Dúnadh brainse
Fógra maidir le leachtú/dócmhainneacht/dúnadh brainse
Éilítear ar bhrainsí sonraí a fhógairt maidir le foirceannadh na cuideachta, ceapadh leachtaitheora, foirceannadh leachtaithe, imeachtaí dócmhainneachta, socruithe, comhshuímh nó aon imeachtaí analógacha lena bhfuil a chuideachta faoi réir agus dúnadh an bhrainse.
F14 - Tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis na himeachta [Rial. 4(3)/7(3) de Rial. Bhrainse an AE 1993]
Priontáil