Ainmneacha gnó
Athrú ar shonraí an ainm gnó cláraithe
Ba chóir aon athrú ar shonraí an ainm gnó cláraithe (m.sh. athrú ar ainm gnó ar sheoladh gnó) a chur in iúl don Chláraitheoir laistigh de mhí amháin i ndiaidh athrú a dhéanamh.
Is iad seo na foirmeacha chun athruithe a chur in iúl:
- RBN2 do dhuine aonair
- RBN2A do chomhpháirtíocht
- RBN2B do chomhlacht corpraithe
Cosnaíonn sé €15 faoi láthair chun é seo a dhéanamh. Is féidir sonraí seolta a athrú saor in aisce ar líne áfach ag www.core.ie
.
Nasc: Foirmeacha
Athrú ar úinéireacht ainm gnó
Más mian le húinéir ainm gnó athrú a dhéanamh ar úinéireacht, ní mór dó trádáil faoin ainm gnó a scor agus ansin iarratas a chur isteach chun an úinéireacht nua a chlárú.
Mar shampla: I gcás ina raibh ainm gnó cláraithe roimhe ag duine aonair, más mian leis é a athrú go comhpháirtíocht, ní mór dó/di na céimeanna seo a leanas a dhéanamh:
Ní mór don duine aonair Foirm RBN3 a chomhlánú agus a chúr isteach chun trádáil a scor faoin ainm sin.
Chun í a chlárú mar chomhpháirtíocht, ní mór do gach comhpháirtí Foirm RBN1A a chomhlánú agus a chur isteach don CRO.
Nasc: Foirmeacha
Priontáil