Comhpháirtíochtaí Teoranta
Doiciméid a chomhlánú
Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a chomhlánú agus iad a chomhdú:
- LP2 Fógra maidir le hathrú ar chomhpháirtíocht theoranta
- Foirm LP4 Ráiteas cuideachtaí faoi dhleacht chaipitil (Ní gá dleacht chaipitil a íoc i láthair na huaire.)
- Foirm P1 Doiciméid chuntasaíochta a chur ar ais
Doiciméid chuntasaíochta
Cuirtear de cheangal ar chomhpháirtíochtaí teoranta, nuair is cuideachtaí teoranta iad na comhpháirtithe ginearálta ar fad, doiciméid chuntasaíochta a chur ar ais faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuntais) 1993 (I.R. Uimh. 396 de 1993). Ní mór do chomhpháirtíochtaí ginearálta é seo a dhéanamh freisin nuair is cuideachtaí teoranta iad na comhpháirtithe ginearálta.
Áirítear ar na doiciméid chuntasaíochta:
- clár comhardaithe
- cuntas brabúis agus caillteanais
- tuarascáil na gcomhpháirtithe
- tuarascáil an iniúchóra
De réir na Rialachán 1993, baineann Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Grúpchuntais) 1992 (I.R. Uimh. 201 de 1992) le comhpháirtíochtaí teoranta.
Ní mór do bheirt chomhpháirtithe na doiciméid chuntasaíochta a dheimhniú mar chóipeanna dílis - faigheann siad cead ó na comhpháirtithe eile chun é seo a dhéanamh. Ní mór na doiciméid a chur ar aghaidh chuig an CRO tráth nach déanaí ná sé mhí ó dheireadh bhliain airgeadais na comhpháirtíochta (Rial. 20).
Foirceannadh
Mura léiríonn comhaontú idir na comhpháirtithe a mhalairt, díscaoilfear comhpháirtíocht theoranta ar bhás nó ar fhéimheacht comhpháirtí ginearálta.
Is féidir comhpháirtíocht a dhíscaoileadh trí fhógra go bhfuil sé de rún ag comhpháirtí teoranta an chomhpháirtíocht a dhíscaoileadh, ar choinneáil gur chomhaontaigh an chomhpháirtíocht gur féidir leis an gcomhpháirtí teoranta an fógra sin a thabhairt. Is féidir comhpháirtíocht a dhíscaoileadh trí ordú na cúirte.
Ní mór fógra maidir le scor/foirceannadh comhpháirtíochta teoranta a chomhdú ar fhoirm LP2. Ní mór don chomhpháirtí ginearálta an fhoirm a shíniú.
Nasc: Foirmeacha Nasc: Táillí CRO Nasc:Bileoga Faisnéise
Priontáil