Mheabhrán agus de na hairteagail chomhlachais a athrú
Leagann an leathanach seo amach na doiciméid ar chór cur isteach leis na cineálacha cuideachta a athchlárú mar seo a leanas:
- phríobháideach faoi theorainn scairchaipitil go neamhtheoranta
- neamhtheoranta go phríobháideach faoi theorainn scairchaipitil
- Phríobháideach faoi theorainn scairchaipitil go phoiblí theoranta
- Phoiblí theoranta go phríobháideach faoi theorainn scairchaipitil
- Cumann go cuideachta
Rúin speisialta/Gnáthrúin
Foirm G1/G2 (rúin)
(a) Rúin speisialta/Gnáthrúin (seachas rúin le haghaidh ainm a athrú) a chuirtear i láthair le hiad a chomhdú, ní mór iad a chló nó a chlóscríobh agus an dáta a chur orthu.
Ní mór Foirm B4 a chur isteach freisin nuair a thagann méadú ar an scairchaipiteal de bharr rúin. Ní mór Foirm 28 a chur isteach freisin nuair a dhéantar an scairchaipiteal a chealú (seachas de bharr ordaithe cúirte), a chomhdhlúthú, a fhoroinnt nó a fhuascailt.
Nasc: Foirmeacha B4-B7 Nasc:Táillí CRO
Rún speisialta le haghaidh ainm a athrú (Foirm G1Q)
Ní mór rúin speisialta le haghaidh ainm a athrú (Foirm G1Q) a chló nó a chlóscríobh agus an dáta a chur orthu agus ní mór an t-ainm cuideachta céanna a úsáid a bhíonn scríofa ar an deimhniú ionchorpraithe. Ní chóir rún ar bith eile a lua ar an bhfoirm seo. Ní mór cóip den mheabhrán agus de na hairteagail chomhlachais athcheartaithe, a thaispeánann ainm nua na cuideachta, a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm agus an rún.
Rúin a leasaíonn an meabhrán agus/nó na hairteagail chomhlachais de chuid cuideachta teoranta, ní mór téacs leasaithe a chur isteach leo ina ionchorpraítear na hathruithe ar fad a tharla ón am a comhdaíodh an meabhrán bunaidh agus na hairteagail chomhlachais bhunaidh.
Baineann na ceanglais ghinearálta seo a leanas:
- ní mór iad a chló nó a chlóscríobh.
- Ní mór téacs iomlán agus suas chun dáta an mheabhráin agus na n-airteagal araon a bheith sa doiciméad, lena n-áirítear sonraí an tsíntiúsóra i ngach cás.
- Ní mór gach athrú a cuireadh i bhfeidhm ó am corpraithe na cuideachta a chorprú sa téacs.
- Ní mór cóip den mheabhrán agus de na hairteagail chomhlachais athcheartaithe, a thaispeánann ainm nua na cuideachta, a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm agus an rún.
Ní ghlactar le hathruithe lámhscríbhinne. Ní mór ord uimhriúil ceart na n-alt a choimeád. Ní ghlactar le doiciméad atá doléite nó go mbeadh deacrachtaí lena scanadh nó lena chóipeáil. Ní ghlactar le fótachóipeanna de théacs ach amháin go bhfuil an cló soléite agus in-athchóipeáilte agus inscanta go sásúil.
Nasc: FoirmG1 Nasc:Táillí CRO
Priontáil