Faisnéis faoi Oifigeach na Cuideachta a Athrú

Tá freagrachtaí dáiríre ag baint le hoifigeach cuideachta agus, dá bhrí sin, ní mór athrú ar stiúrthóir nó ar rúnaí nó ar a gcuid sonraí a fhógairt don CRO, mar shampla, athrú ar sheoladh baile.

Ní féidir le féimheach neamhscaoilte a bheith ina oifigeach comhlachta. Tá foráil i Mír 183 d’Acht na gCuideachtaí 1963 a deireann má fheidhmíonn duine, atá ina fhéimheach neamhscaoilte, mar oifigeach nó má ghlacann sé páirt, go díreach nó go hindíreach, i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistiú comhlachta ar bith, seachas le cead na hArd-Chúirte, beidh sé ciontach as coir ar féidir leis an OSFC a ionchúiseamh go sciobtha. Is é a chiallaíonn féimheach neamhscaoilte ná duine a bhfógraíonn cúirt laistigh den stát nó in áit eile go bhfuil sé bancbhristebancbhriste, nach bhfuil teastas scaoilte nó a iontamhail faighte aige sa dlínse atá i gceist.

Foirm le comhlánú le ceapadh/athrú ar sheoladh/éirí as oifig/bás oifigigh a fhógairt

Foirm B10 - éirí as oifig, cailliúint poist, bás

Déanann cuideachta Foirm B10 a chomhdú d’fhonn a chur in iúl gur ceapadh oifigeach tar éis a hionchorpraithe, gur tháinig deireadh le ceapachán oifigigh (éirí as oifig, cailliúint poist, bás, srl.) nó d’fhonn a chur in iúl don CRO gur tháinig athrú ar shonraí oifigigh m.sh. athrú ainm nó seoladh cónaithe nua.

Ní mór Foirm B10 a sheoladh chuig an CRO tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta ar tharla an t-athrú. Is féidir an fhoirm a chomhdú saor in aisce tríd an leagan gréasáin a chomhlánú ar www.core.ie. Cion is ea é mura gcomhdaítear Foirm B10.

Ní mór d’oifigeach reatha na cuideachta Foirm B10 a shíniú; ní féidir le hoifigeach a d’éirigh as oifig an fhoirm a shíniú. Clárú doiciméad - Cóip Pháipéir €15 Cóip Leictreonach saor. I gcás ina raibh athrú ar oifigeach cuideachta nó ar a chuid/cuid sonraí, ní mór do gach cuideachta a bhaineann leis Foirm B10 a chomhdú.

Nasc: Foirm B10                  Nasc: Táille CRO                       Nasc: CORELinks to external website

Dícháilithe i ndlínse thar lear

Cuirtear de cheangal ar dhuine ar bith á cheapadh mar stiúrthóir ar chuideachta atá cláraithe in Éirinn, Foirm B74 a chomhlánú, nuair a bhíonn an duine sin dícháilithe óna bheith ina stiúrthóir nó rúnaí ar chomhlacht corparáideach nó gnólacht i ndlínse thar lear. Má bhíonn duine dícháilithe thar lear óna bheith ina stiúrthóir, agus má úsáidtear Fóirm A1 nó B10 chun an ceapachán a chur in iúl don CRO, cuirtear de cheangal ar an duine sin a chinntiú go gcuirtear Foirm B74, atá comhlánaithe i gceart, isteach le Foirm A1 nó B10. Ní mór dó/dí an fhoirm a shíniú freisin.

Mura ndéantar Foirm B74 a sheachadadh don CRO in éineacht le Foirm A1 nó B10 nó má sholáthraítear ábhar bréagach nó míthreorach sa bhfoirm B74 a bhíonn sínithe ag an duine dícháilithe, meastar, nuair a sheachadtar Foirm B10 don CRO, go mbeidh an duine áirithe faoi réir ordaithe dícháilithe (Alt 160 Acht na Cuideachtaí 1990 arna ionsú alt 42 Acht um Fhorfheidmiú Dlí Cuideachtaí 2001)fad is a leanann an t-ordú dícháilithe thar lear.

Nasc: Foirm B74                        Nasc: Táille CRO   

Cuirtear de cheangal ar chuideachta beirt stiúrthóirí a bheith aici ar a laghad

Cuirtear de cheangal ar chuideachta beirt stiúrthóirí a bheith aici ar a laghad.43 Dá réir sin, diúltófar Foirm B10 agus seolfar í ar ais chuig an láithreoir mura léirítear stiúrthóir ionaid inti, nó i gcás go mbeadh níos lú ná beirt stiúrthóirí aici, an t-uasmhéid stiúrthóirí reachtúil, nuair a chuirtear in iúl go bhfuil deireadh tagtha le stiúrthóireacht. Ar an gcuma chéanna, nuair a chuirtear in iúl don CRO ag úsáid Foirme B10 go bhfuil deireadh tagtha le ceapachán stiúrthóra, ní mór stiúrthóir ionaid a chur in iúl ar an bhfoirm, ag féachaint don cheanglas reachtúil gur gá do gach cuideachta rúnaí a bheith aici.

Stiúrthóir LEE

Nuair a chuirtear in iúl go gcuirtear deireadh le stiúrthóireacht agus nach mbeadh stiúrthóir ag an gcuideachta atá ina c(h)ónaí in Éirinn mar gheall ar an athrú seo44 ní mór Banna a chur isteach le Foirm B10, a úsáidtear leis an athrú seo a chur in iúl don CRO,45 ach amháin nuair a bhíonn deimhniú alt 44 i bhfeidhm maidir leis an gcuideachta. (Deimhniú is ea é seo go bhfuil nasc fíor agus leanúnach idir an chuideachta agus gníomhaíocht eacnamaíoch nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhíonn ar siúl sa Stát; cuirtear iarratas isteach ar an deimhniú seo ag úsáid Foirme B67). Féach Bileog 17.

Ní mór don chuideachta a chur in iúl don CRO freisin, ag úsáid Foirme B10, athruithe ar shonraí an rúnaí (i.e. athrú seolta), chomh maith le rúnaí a éiríonn as oifig. Is féidir an fhoirm seo a chomhdú saor in aice ar líne ag www.core.ie. Cion is ea é mura gcomhdaítear Foirm B10 leis an CRO.

Nasc: Bileog fáisnéise

Oifigeach Cuideachta ag fógairt éirí as oifig iad féin - Foirm B69

Má theipeann ar chuideachta Foirm B10 a thaisceadh i leith duine nach bhfuil ina stiúrthóir/rúnaí ar an gcuideachta sin a thuilleadh, tá nós imeachta ann ar féidir leis an iar-stiúrthóir/rúnaí a fhógairt don CRO gur éirigh sé/sí as an oifig, ag baint úsáide as Foirm B69.

Ní féidir Foirm B69 a chomhdú ach amháin i gcás gur theip ar an gcuideachta n B10 a chomhdú. Bíodh a fhios agat nach í an fhoirm B69 an doiciméad le comhlánú chun stiúrthóir/rúnaí a éirí as oifig. Ní mór Foirm B10 a chur isteach. Is féidir foirm B10 a chomhdú ar líne ag baint úsáide as CORE

Níl foirm B69 le húsáid ach amháin i gcás gur theip ar an gcuideachta foirm B10 a chomhdú. Féach Bileog Faisnéise Uimh. 18, Nósanna Imeachta maidir le fógra éirí as oifig ag stiúrthóir/rúnaí. Is féidir foirm B69 a chomhlánú ar líne ag baint úsáide as CORE

Nasc: Foirm B69                              Nasc: Táille CRO                 Nasc: Bileog fáisnéise

Nuair a fhaigheann duine bás - Foirm B70

Nuair a fhaigheann duine bás, a bhí ina rúnaí cuideachta, is féidir é seo a chur in iúl don CRO ag úsáid Foirme B70. Ní mór cóip oifigiúil den deimhniú báis a chur i gceangal leis an bhfoirm seo. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, gurb í an chuideachta atá freagrach go príomha as athruithe ar an rúnaí/na stiúrthóirí a chur in iúl don CRO ag úsáid Foirme B10. Ní gá Foirm B70 a chomhdú nuair a bhíonn Foirm B10 curtha isteach cheana ag an gcuideachta, foirm a léiríonn go gcuireadh deireadh le tréimhse an rúnaí a bhí ann cheana agus gur ceapadh rúnaí nua.

Nasc: Foirm B70                        Nasc: Táille CRO