Áit ghnó
Clárú doiciméad
Doiciméid chuntasaíochta
Cuideachtaí, seachas cuideachtaí príobháideacha, ag a mbíonn áit ghnó acu sa Stát, ní mór dóibh na doiciméid seo a leanas a chomhdú gach bliain
- clár comhardaithe
- cuntas brabúis agus caillteanais
- tuarascáil na stiúrthóirí agus
- tuarascáil an iniúchóra
Nuair a bhíonn cuideachta shealbhaíochta i gceist, ba chóir grúpchuntais a chur ar fáil.
Cuirtear de cheangal ar chuideachtaí seachtracha, gur Institiúidí Creidmheasa iad a bhunaíonn áit ghnó sa Stát, cuntais a chomhdú.
Ní mór Foirm F7 a chur isteach leis na cuntais.
Nasc: Foirmeacha Nasc: Táillí CRO
Morgáistí/muirir
Ní mór sonraí morgáistí/muirear áirithe a chruthaíonn an chuideachta a sheachadadh don CRO tráth nach déanaí ná 21 lá ón dáta a chruthaítear an muirear.Mura ndéantar na sonraí For further information on procedures to be followed and the forms to be used, see morgáistí/muirir
Athrú Eile
Foirm F2 - Athrú ar an gcairt (meabhrán & airteagail, srl.) Laistigh de 21 lá
Foirm F3 - Tuairisceán ar athruithe stiúrthóirí/rúnaí/nó duine údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh do chuideachta Laistigh de 21 lá
F4 Athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát atá údaraithe glacadh le himeachtaí thar ceann na cuideachta nó athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát ar gá dó/dí comhlíonadh a chinntiú nó athrú ar sheoladh phríomháit ghnó nó brainse sa Stát €15 Cóip Leictreonach (athrú ar sheoladh brainse sa Stát amháin) Saor Laistigh de 21 lá
Nasc: Foirmeacha Nasc: Táillí CRO
Áit Ghnó a Fhoirceannadh
I gcás a scoireann aon chuideachta, atá cláraithe faoi Chuid XI d’Acht na gCuideachtaí 1963, d’áit ghnó a bheith aice sa Stát, ní mór fógra scoir a chomhdú. De bhrí nach bhfuil foirm fhorordaithe ann, ní mór a fógra a thabhairt ar pháipéar ceannlitreacha na cuideachta agus é sínithe ag duine údaraithe.
Priontáil