Athrú ar Scairchaipiteal

Gach cuideachta a bhfuil scairchaipiteal aice, tá méid an scairchaipitil údaraithe léirithe i meabhrán agus in airteagail na cuideachta. Dá réir sin ní mór meabhrán agus airteagail na cuideachta a athrú i gcás ina mbíonn aon mhéadú nó laghdú sa mhéid sin, rud atá ar na comhaltaí é a dhéanamh. Éilíonn laghdú scairchaipitil eisithe Ordú na hArd-Chúirte faoi s72 d’Acht na gCuideachtaí 1963 go ginearálta.

Méadú i gcaipiteal eisithe na cuideachta teoranta

(a) Scaireanna a chionnroinnt le haghaidh airgid thirim

Ní mór cionnroinnt scaireanna ag cuideachta faoi theorainn scaireanna, nó ag cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal, a chur in iúl don CRO ag úsáid Foirme B5 tráth nach deanaí ná mí amháin ó dháta na cionranna.

Ó cuireadh deireadh le dleacht chaipitil na gcuideachtaí le héifeacht ón 7 Nollaig 2005 ar aghaidh, is féidir Foirm B5 le héifeacht ón dáta sin nó ina dhiaidh sin a chomhdú go díreach leis an CRO. Ní chóir ach Foirm B5 le héifeacht ó dháta roimh an 7 Nollaig 2005 a chomhdú anois le hOifig Stampála na gCoimisinéirí Ioncaim in éineacht leis an táille chlárúcháin (€15 móide an dleacht chaipitil chuí). Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a bhíonn freagrach as dleacht chaipitil.

Tar éis na sonraí dleachta caipitil a dhíscor, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim Foirm B5 ar aghaidh chuig an CRO.

Nasc: Foirmeacha           Nasc: Táille CRO

Tabhair Aire - Foirm B5

Nuair a ghlactar leis an bhfoirm, ní féidir leis an CRO glacadh le haon leasuithe ar na sonraí a soláthraíodh ar an bhfoirm de bhun ailt 122(5) d'Acht na gCuideachtaí 1963, a laghdódh an méid scairchaipitil cuideachta a eisítear agus beidh ar an gcuideachta ordú ARD-CHÚIRTE a fháil chun ábhar na foirme a leasú mar sin. Mar thoradh ar seo, ba chóir a bheith an-chúramach nuair a dhéantar an fhoirm a chomhlánú.

(b) Scaireanna a chionroinnt chun críocha eile seachas airgead tirim (Foirm B5 agus an Conradh nó Foirm 52(B6))

D’ainneoin an fhaisnéis thuas, ní mór dhá chóip den Fhoirm B52, nó an conradh a bhaineann le scaireanna a leithroinnt chun críocha eile seachas airgead tirim, a chomhdú leis na gCoimisinéirí Ioncaim. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim stampa ar na doiciméid nó tríd E-stampingLinks to external website  agus seolfaidh siad an chóip ar ais chuig na láithreoirí. Ba chóir cóip bhunaidh amháin a chomhdú ansin leis an CRO in éineacht leis an táille chomhdaithe (€15).

Bíonn na doiciméid seo a leanas ag teastáil:

  • Ní mór Foirm B5 a chomhdú tráth nach déanaí ná mí amháin ó dháta na cionnranna in éineacht le conradh i scríbhinn, a bhíonn comhdhéanta de theideal na ndaoine a fhaigheann cionnroinnt, in éineacht le conradh díolacháin ar bith, a bhíonn stampa breithnithe curtha air ó thaobh dleachta caipitil de;
  • Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim Foirm 52(B6) a stampáil agus í a bhreithniú ó thaobh dleachta caipitil de.

Nasc: Foirmeacha           Nasc: Táille CRO

Nuair a bhíonn comaoin scaireanna neamhairgid i gceist, ní mór conradh i scríbhinn (dhá chóip) nó Foirm 52 (dhá chóip) mura mbíonn conradh ar fáil, a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, Limistéar Stampála Réigiún Bhaile Átha Cliath, An Oifig Stampála, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2 nó tríd e-stampingLinks to external website. Nuair a sheoltar ar ais é chuig an té a sheol é, ní mór é a chur isteach leis an táille chomhdaithe chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí, de bhun ailt 58 d'Acht na gCuideachtaí 1963.

I gcás a bhfuil conradh scríofa de réir bhrí alt 58(1)(b), áfach, ní mór an conradh a chomhdú. Ní féidir Foirm 52(B6) a chomhdú in áit conradh scríofa a chomhdú.

Méadú ar scairchaipiteal ainmniúil

Ní mór na doiciméid seo a leanas a chomhdú laistigh de 15 lá tar éis an rún ag méadú a scairchaipitil a rith:

  • Cóip shínithe den rún atá rite i bhfabhar an mhéadaithe.
  • Foirm B4
  • Téacs suas chun dáta mheabhrán agus airteagal comhlachais na cuideachta.

Ní éilítear ar chuideachtaí neamhtheoranta meabhrán nó airteagail chomhlachais leasaithe a chomhdú.

Nasc: Foirmeacha           Nasc: Táille CRO

Laghdú ar chaipiteal ainmniúil

(a) Cuideachta faoi theorainn scaireanna, cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta agus scairchaipiteal acu.

(i) Má laghdaíonn cuideachta a caipiteal ainmniúil trí scaireanna neamhúsáidte a chur ar ceal ní mór don chuideachta na nithe seo a leanas a chomhdú:

  • Cóip shínithe den rún;
  • Leagan leasaithe an mheabhráin agus na n-airteagal comhlachais;
  • Foirm 28(B7)

(ii) Má laghdaíonn cuideachta a caipiteal ainmniúil trí:

  • an dliteanas ar aon scair dá cuid i leith scairchaipitil nár íocadh a mhúchadh nó a laghdú; nó
  • i dteannta nó in éagmais dliteanas ar aon scair dá cuid a mhúchadh nó a laghdú, cealú a dhéanamh ar aon scairchaipiteal íoctha atá caillte nó nach bhfuil sócmhainní ar fáil á ionannú; nó
  • i dteannta nó in éagmais dliteanas ar aon scair dá cuid a mhúchadh nó a laghdú, aon scairchaipiteal íoctha de bhreis ar riachtanais na cuideachta a eisíoc;

ní mór don chuideachta na nithe seo a leanas a chomhdú:

  • Ordú cúirte agus miontuairisc atá aontaithe ag an gCúirt a thaispeánfaidh caipiteal na cuideachta, an líon scaireanna a bhfuil sé le roinnt iontu, agus méid gach scaire;
  • Cóip shínithe den rún speisialta;

Leagan leasaithe an mheabhráin agus na n-airteagal comhlachais;

(b) Cuideachtaí neamhtheoranta

Ní éilítear ordú cúirte nó miontuairisc ar chuideachtaí neamhtheoranta. Tá orthu comhdú amháin

  • Cóip shínithe den rún speisialta;
  • Foirm 28(B7)


Nasc: Foirm B7           Nasc: Táille CRO

Laghdú i gcuntas scairphréime

I gcás a n-eisíonn cuideachta scaireanna ar biseach, cibé ar airgead tirim nó eile, ní mór méid is ionann agus comhiomlán na préimheanna ar na scaireanna sin a aistriú chuig cuntas ar a dtugtar cuntas scairphréime. Meastar aon laghdú sa chuntas scairphréimhe mar laghdú i gcaipiteal na cuideachta.

Má laghdaíonn cuideachta a cuntas scairphréimhe ní mór don chuideachta na nithe seo a leanas a chomhdú:

  • Cóip shínithe den rún speisialta;
  • Ordú cúirte a dheimhníonn an laghdú agus miontuairisc atá faofa ag an gCúirt a leagann amach méid an chuntais scairphréimhe.

Nasc: Foirm G1         Nasc: Táille CRO

Laghdú i gcúlchiste fuascailte caipitil

I gcás go bhfuasclaíonn cuideachta na scaireanna (de bhun alt 208 Acht na gCuideachtaí 1990) as an mbrabús atá ar fáil lena ndáileadh nó go bhfuasclófar go hiomlán nó go páirteach as na fáltais iad ó eisiúint úr ansin déanfar suim áirithe (méid is ionann i gcás fhomhír 208(b)), a aistriú chun cúlchiste ar a dtugtar an cúlchiste fuascailte caipitil.

Meastar aon laghdú sa chiste seo mar laghdú i gcaipiteal na cuideachta is dá mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil.

Má laghdaíonn cuideachta a cúlchiste fuascailte caipitil ní mór don chuideachta na nithe seo a leanas a chomhdú:

  • Cóip shínithe den rún speisialta;
  • Ordú cúirte a dheimhníonn an laghdú agus miontuairisc na cúirte a leagann amach méid an chúlchiste fuascailte caipitil.

Nasc: Foirm G1          Nasc: Táille CRO

Laghdú i gcúlchiste comhshóite caipitil (bainteach le euro)

Nuair a rinne cuideachta luach a scaireanna a choigeartú ina méideanna áisiúla euro roimh 30 Meitheamh 2002, trí luach ainmniúil a cuid scaireanna a laghdú, éilíodh méid is ionann agus an laghdú a íocadh i gciste ar a dtugtar cúlchiste comhshóite caipitil.

Meastar aon laghdú sa chiste seo mar laghdú i gcaipiteal na cuideachta agus baineann alt 72 Acht na gCuideachtaí 1963 sa chás sin.

Athruithe ar scairchaipiteal

Cuideachta a bhfuil scairchaipiteal aice, éilítear uirthi fógairt don CRO i gcás a ndéanfaidh sí scaireanna a chomhdhlúthú, a roinnt, a aistriú go stoc nó a aistríonn stoc ar ais ina scaireanna, scaireanna a fhoroinnt, a fhuascailt nó a chealú ar dhóigh eile nach bhfuil baint le laghdú ar scairchaipiteal faoi alt 72 d’Acht na gCuideachtaí 1963. Ní mór an fhógra sin a chomhdú ar Fhoirm 28(B7) laistigh de mhí amháin tar éis an tarlaithe sin.

Nasc: Foirmeacha           Nasc: Táille CRO

Ordú Nochta

Ciallaíonn ordú nochta ordú na Cúirte do dhuine ar bith faisnéis a thabhairt ar úinéireacht scaireanna. Duine ar bith a bhfuil leas airgid acu i gcuideachta, is féidir leo cur isteach don Chúirt le haghaidh ordú nochta. Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara go ndéanfar fógra ar Fhoirm H2 in éineacht le cóip den ordú a sheoladh trí phost cláraithe laistigh de seacht lá tar éis an t-ordú a dhéanamh don CRO, don chuideachta, srl. (Eisítear cuideachtaí phoiblí theoranta, cumainn tionscail agus choigiltis, cumainn foirgníochta agus carthanachtaí ó na forálacha seo.)

Nasc: Foirm H2           Nasc: Táille CRO

Tuairisceán ag cuideachta atá ag ceannach a gcuid scaireanna féin nó scaireanna i gcuideachta shealbhaíochta nó an bheirt acu araon.

Déanfaidh gach cuideachta a cheannaigh a cuid scaireanna féin (alt 211 Acht na gCuideachtaí 1990) Foirm H5 a sheachadadh don CRO lena clárú laistigh de 28 lá tar éis seachadadh na scaireanna don chuideachta.

Ní mór rún na cuideachta a fhaomhann conradh an cheannaigh a chur leis an bhfoirm.

Ní cheannóidh cuideachta aon cheann dá cuid scaireanna faoin alt seo más rud é, de bharr an cheannaigh sin, go mbeadh luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe neamh-infhuascailte níos lú ná aon deichiú de luach ainmniúil scairchaipiteal eisithe iomlán na cuideachta

Nasc: Foirm H5        Nasc: Táille CRO