Téarmaí agus Coinníollacha.
Téarmaí agus Coinníollacha a Bhaineann le Ríomhchomhdú Doiciméad Ina n-Iomláine Leis an CRO
Réamhrá
A. Chun foirmeacha/tuairisceáin de chuid CRO a ríomhchomhdú ina n-iomláine, de bhun Achtanna na gCuideachtaí 1963-2009 agus Achta um Thráchtáil Leictreonach, 2000 (ECA), glacfaidh an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) le doiciméid i bhfoirm leictreonach, ríomhshínithe, ríomhdheimhnithe agus ríomhchomhdaithe sa mhodh arna leagadh amach iontu.
B. Baineann na téarmaí agus na coinníollacha sin le gach foirm CRO a bhféadfadh go gcuirfeadh Cláraitheoir na gCuideachtaí an Córas comhdaither seo ar fáil dóibh sa todhchaí.
C. Eisíonn an Oifig um Chlárú Cuideachtaí na Téarmaí agus Coinníollacha seo mar chomhlacht poiblí, de bhun Alt 12 agus 13 d’ECA, agus ba cheart iad a léamh i bpáirtíocht leis an Acht sin agus le haon fhógraí eile a eisíonn an CRO de bhun an Achta sin. Gníomhairí Comhdaithe
D. Déanfar gníomhairí a shainaithint do chóras CRO i modh a cheadóidh cruthúnas céannachta an tseoltóra ar aon doiciméad i bhfoirm leictreonach a sheachadtar ar an CRO. Déanfaidh an CRO uimhir a shannadh do ghníomhairí.
E. Déanfaidh an uimhir atá sannta mar chuid den chóras aicmiúcháin de bhun Alt 247 d’Acht na gCuideachtaí 1990.
F. Ní mór do ghníomhairí iarratas a chur isteach ar an uimhir sin ar Fhoirm J1. Sainaitheantas Sínitheoirí
G. Oifigeach cuideachta, is é sin. stiúrthóir nó rúnaí, a roghnaíonn doiciméid a ríomhshíniú, eiseofar uimhir aitheantais dó (ID CRO) atá ceangailte lena Uimhir/hUimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP). Aitheantóir singil nua is í an UPSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí ) at le húsáid ag saoránaigh na hÉireann ina gcuid déileálacha leis an Stát. I gcuid mhór cásanna, éiríonn RSI (Uimhir Ioncaim agus Árachais) an duine ina UPSP. Baineann CRO úsáid as UPSP chun sainaitheantas a chur ar dhaoine. Ní thaispeánfaidh an CRO ar aon doiciméad poiblí í agus bíonn sí rúnda don úinéir i gcónaí.
H. Féadann oifigeach cuideachta ID CRO a úsáid i gcomhfhreagras leis an CRO mar thagairt. Éilítear í a chur ar ríomhdhoiciméid atá seolta ag an oifigeach nó thar cheann an oifigigh don CRO.
I. Beidh ID CRO mar chuid de chóras aicmiúcháin de bhun Alt 247 d’Acht na gCuideachtaí 1990.
J. Déanfar Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) rúnda a shannadh d'oifigigh mar ríomhshíniú de bhun Ailt 13 d’ECA. Is leis an oifigeach an fhreagracht cinntiú nach mbaintear mí-úsáid as an PIN, mar shampla, í a chur le ríomhdhoimicéad gan údarás aige/aici.
K. Bainfidh an CRO úsáid as an tacar aitheantais ID CRO agus PIN le cinntiú gur shínigh oifigeach cuideachta doiciméad i bhfoirm leictreonach mar is ceart.
L. Ba cheart d’oifigeach cuideachta iarratas ar eisiúint tacar aitheantais a dhéanamh ar Fhoirm J2. Údarú Gníomhairí
M. Déanfaidh oifigigh na gníomhairí siúd a údarú i scríbhinn, gníomhairí a mholtar chun doiciméid CRO a ríomhchomhdú ag corprú a dtacar aitheantais. Déanfaidh CRO taifid ar na gníomhairí aonair arna n-údarú thar cheann oifigigh aonair na cuideachta agus diúltóidh siad do dhoiciméid i bhfoirm leictreonach a ríomhchomhdóidh aon duine nach bhfuil údaraithe dá réir. Coimeádfaidh an CRO taifid scríofa ar na húdaraithe agus ar fhoirceannadh na n-údaruithe sin.
N. Is féidir le hoifigeach gníomhaire amháin nó níos mó a údarú doiciméid a ríomhchomhdú ar a shon/a son. Déanfar tacar aitheantais amháin a eisiúint don oifigeach aonair le húsáid ar gach doiciméad atá comhdaithe ag gach gníomhaire údaraithe.
O. Bainfidh údarú an ghníomhaire le haon doiciméad i bhfoirm leictreonach a chomhdaíonn an gníomhaire agus é ag baint úsáide as an tacar aitheantais. Ábhar eisiach don oifigeach agus don ghníomhaire is ea bainistíocht ar úsáid cheart an tacair aitheantais agus taifid chuí a choimeád ar idirbheartaíochtaí agus ar na fíorúcháin siúd de réir mar is gá.
P. I gcás a bhfuil tacar aitheantais ar bheirt oifigeach nó níos mó ar fhoirm CRO, atá á ríomhchomhdú le CRO, ní mór do gach oifigeach, a bhfuil a thacar aitheantais ar taispeáint sna doiciméid sin, údarú a thabhairt don ghníomhaire comhdaithe atá ag ríomhchomhdú an doiciméid.
L. Ba cheart d’oifigeach cuideachta gníomhaire a údarú ar Fhoirm J3. Ní mór don ghníomhaire sin bheith cláraithe cheana le CRO mar ghníomhaire comhdaithe, ag baint úsáide as Foirm J1.
R. Ba cheart d’oifigeach foirceannadh nó athrú ar údarú aon ghníomhaire a dhéanamh ar Fhoirm J4.
CRO Notice: ECA 1Date of Issue: 15 Lúil 2002
Nasc: Foirmeacha
Priontáil