Cuardach Daoine Srianta/Dícháilithe a Úsáid

NÓTAÍ D’ÚSÁIDEOIRÍ

Sliocht as Cláir um Dhaoine a Dícháilíodh agus a Srianadh is ea an fhaisnéis a chuirtear ar fáil anseo, rud atá nuashonraithe go rialta. Féadann míchruinneas a tharlú anois agus arís, rud a dhéanfaimid a cheartú chomh luath agus a thugtar ár n-aird air. Má fheiceann tú rud éigin a mhothaíonn tú nach bhfuil ceart, inis dúinn le do thoil ionas gur féidir linn, más féidir é, an bunachar sonraí a cheartú.

Má tá aithne agat ar dhuine ar bith atá ag feidhmiú mar stiúrthóir cuideachta nó oifigeach eile nó scáthstiúrthóir in ainneoin, féach www.odce.ieLinks to external website.

Amharc ar Chuardach

Is le sloinne amháin an cuardach. Iontráil Cuardach Daoine Dícháilithe/Srianta

Scáthstiúrthóir

Scáthstiúrthóir is ea duine, in ainneoin nach bhfuil liostáilte nó ceaptha go foirmiúil mar stiúrthóir na cuideachta, atá ag feidhmiú sa cheapaíocht sin agus glacann daoine eile leis. Ordú dícháilíochta/srianta a bhaineann le ról an stiúrthóra, baineann sé go huathoibríoch le ról an scáthstiúrthóra freisin.

Srian

Dearbhóidh an chúirt, mura mbeidh sí deimhin de i dtaca le haon ní de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) Alt 150, Acht na gCuideachtaí1990, nach ndéanfar, ar feadh tréimhse chúig bliana, duine lena mbaineann an Chaibidil seo a cheapadh ná nach ngníomhóidh sé ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, mar stiúrthóir nó mar rúnaí ar aon chuideachta, ná nach mbeidh baint ná páirt aige I dtionscnamh ná I bhfoirmiú aon chuideachta, mura gcomhlíonann an chuideachta na ceanglais atá leagtha amach thíos:

Is iad na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (1)-

(a) gurb é a bheidh i luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta-

(i) i gcás cuideachta poiblí teoranta, €317,435 ar a laghad,

(i) i gcás aon chuideachta eile, €63,487 ar a laghad,

(b) go mbeidh gach scair leithroinnte suas go dtí méid comhiomlán nach lú ná an méid dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) nó (ii) de mhír (a) de réir mar a bheidh, láníoctha, lena n-áirítear iomlán aon phréimhe uirthi, agus

(c) go n-íocfar as gach scair leithroinnte den sórt sin agus iomlán aon phréimhe uirthi in airgead tirim.

Dícháilíocht

I gcás duine a chiontú ar díotáil in aon chion indíoltáilte i ndáil le cuideachta, nó lena mbaineann calaois nó mímhacántacht, ansin ar feadh tréimhse chúig bliana ó dháta an chiontaithe nó ar feadh cibé tréimhse eile a ordóidh an chúirt, ar iarratas ón ionchúisitheoir agus ag féachaint d’imthosca uile an cháis-

(a) ní cheapfar é ná ní ghníomhóidh sé mar iniúchóir, stiúrthóir ná oifigeach eile, ná mar ghlacadóir, leachtaitheoir ná scrúdaitheoir ná ní bheith baint ná páirt aige ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go hindíreach, le tionscnamh foirmiú nó bainistíocht aon chuideachta nó aon chumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair 1893 go1978;

(b) measfar é a bheith, chun críocha an Achta seo, faoi réir ordaithe dícháilíochta ar feadh na tréimhse sin.