Cad atá nua 2012?
Bealtaine
--------------------------------------
Áis Cuardaigh RFS
Is féidir cuardach a dhéanamh ar líne
anois maidir le cumann nó ceardchumann (tríd an ainm). Is féidir liosta doiciméad a fheiceáil a cumdaíodh i gcoinne an chumainn/an cheardchumainn. Má chliceálann tú ar chumann nó ar cheardchumann faoi leith, feicfidh tú an uimhir, seoladh, cineál eintitis (cara-chumann, cumann tionscail & coigiltis nó ceardchumann), an dáta clárúcháin, an dáta deireanach a cuireadh tuairsiceán bliantúil isteach
Gníomhaíocht ionchúishimh méadaithe an ODCE maidir le cásanna iniúchóra
Le blianta beaga anuas, rinne Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach (ODCE) roinnt cás a ionchúiseamh go rathúil nuair nach raibh teideal ag na gnólachtaí/daoine a shínigh na tuarascálacha iniúchóra, a comdaíodh leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, a leithéid a dhéanamh nó nuair a úsáideadh ainmneacha gnólachtaí iniúchóireachta bona fide i ngan fhios do na gnólachtaí.
Tá na cionta seo faoi alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990 (dícháilíocht le haghaidh ceapacháin mar iniúchóir) agus faoi alt 242 d’Acht 1990 (faisnéis bhréagach a sholáthar do Chláraitheoir na gCuideachtaí). Rinneadh roinnt ionchúiseamh breise a thionscnamh, nó is dócha go ndéanfar iad a thionscnamh, i rith na coda eile de 2012.
Maidir le cás amháin, ba é an toradh a bhí ar chiontú faoi Alt 242 ná pianbhreith phríosúnachta a fhorchur ar an gCosantóir.
Sa chás sin, a tugadh os comhair Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath, ciontaíodh an Cosantóir sa dá chion, a raibh ceann amháin díobh faoi Alt 242. Forchuireadh pianbhreitheanna príosúnachta comhthráthacha 3 bliana sa chion faoi Alt 242 agus forchuireadh ceann eile maidir le gadaíocht agus calaois (cuireadh an bhliain dheireanach i ngach cás ar fionraí). Forchuireadh banna dea-iompair a mhairfidh dhá bhliain tar éis é nó í a scaoileadh saor agus diúltaíodh an cead achomhairc.
I gcás eile le déanaí sa Chúirt Chuarda, cúisíodh an Cosantóir in 12 chion faoi Alt 187 agus 242. Forchuireadh pianbhreith choimeádta 5 mhí air/uirthi (a cuireadh ar fionraí ar feadh 3 bliana) i ndáil le ceithre chúiseamh faoi Alt 242, agus forchuireadh fíneáil air/uirthi i ndáil le roinnt cúiseamh eile.
Le tuilleamh faisnéise a fháil faoi na cásanna seo agus cásanna eile, féach ar an leathanach ionchúisimh ar láithreán gréasáin an ODCE
.
Aibreán
---------------------------------------
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
2ú Dréacht-Chomhscéim arna hullmhú ag an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus ag Clár na gCara-chumann
D’iarr an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus ar Chlár na gCara-Chumann dara chomhscéim a dhréachtaigh faoi réir Alt 11 agus 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é is príomhaidhm atá san Acht fáil níos fearr agus ardchaighdeán seirbhísí don phobal trí Ghaeilge a chinntiú.
Comhlacht reachtúil is ea an Oifig um Chlárú Cuideachtaí faoi choimirce na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta, atá freagrach as cuideachtaí agus ainmneacha gnóthas a chlárú agus as faisnéis faoi chuideachtaí reachtúla a sholáthar don phobal. Don aidhm dheireanach, is é an Oifig um Chlárú Cuideachtaí an stór lárnach faisnéise poiblí reachtúla faoi chuideachtaí Éireannacha.
Tá Clár na gCara-chumann faoi choimirce na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Áirítear i bpríomhfheidhmeanna RFS clárú éifeachtúil éifeachtach agus rialú ginearálta na gCeardchumann faoi Achtanna Ceardchumann 1871-1990; cumainn tionscail agus choigiltis faoi Achtanna um Chumainn Tionscail agus Choigiltis 1893-1978, agus cumainn chara-chumann faoi Achtanna na gCara-chumann 1896-1977.
Is mian leis an gCláraitheoir aighneachtaí a lorg anois ó aon pháirtí leasmhar maidir le hullmhú dhréacht an dara chomhscéim. Moltar gan níos mó na 4,000 focal (c. 8 leathanach) a bheith sna haighneachtaí. Moltar go seolfar aighneachtaí, rud a bheas ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige www.cro.ie, le ríomhphost chuig vivien.cunningham@djei.ie. Seachas sin, is féidir iad a sheoladh sa phost chuig an Roinn Riaracháin, an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Teach Parnell, 14 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1.
Is é 5.00i.n. 1 Bealtaine 2012 an spriocdháta deireanach do na haighneachtaí.
Tá tuilleadh eolais a bhaineann leis an Acht ar fáil ar an láithreán gréasáin ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta www.pobail.ie
nó trí iarraidh ríomhphoist ó achtteanga@pobail.ie.
Foirmeacha LP1, LP2, LP3 agus LP4
Tá leaganacha nua de na foirmeacha Comhpháirtíochta Teoranta LP1, LP2, LP3 agus LP4 ar fáil le híoslódáil ón láithreán gréasáin. Athruithe ar an gcuma a rinneadh den chuid is mó Is féidir seanleaganacha de na foirmeacha a chur isteach fós.
Aoine an Cheasta
I gcás aon chuideachta a bhfuiltear chun iad a bhaint den Chlár ar dheireadh seachtaine na Cásca 8 Aibreán 2012 - ní mór a gcuid tuairisceán bliantúil amuigh a chur ar an gcóras faoi am scoir gnó ar an Déardaoin 5 Aibreán 2012, mar beidh an oifig dúnta ar Aoine an Chéasta 6 Aibreán; mura ndéantar amhlaidh bainfear a gcuideachta den chlár an deireadh seachtaine sin.
Márta
----------------------------------------
Twitter
Is é an OCC le fáil ar Twitter anois - https://twitter.com/#!/cro_ie
AG FÁIL ROCHTANA AR SHONRAÍ CROIs é an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) an stór lárnach maidir le faisnéis reachtúil phoiblí faoi chuideachtaí Éireannacha agus ainmneacha gnó. Stóráiltear faisnéis go leictreonach faoi chuideachtaí Éireannacha agus ainmneacha gnó mar shonraí agus mar íomhánna doiciméid i mbunachar sonraí. Soláthraíonn an CRO rochtain ar na sonraí seo ar mhórán slite:
- 1. Is féidir rochtain a fháil ar líon teoranta faisnéise tríd an Uirlis Cuardaigh Cuideachta ar láithreán gréasáin an CRO.
- 2. Trí Sheirbhísí Oscailte, cuireann an CRO an fheidhmiúlacht Cuardaigh Cuideachta ar fáil le gur féidir é a chomhtháthú le láithreáin ghréasáin eile;
- 3. Is féidir Doiciméid atá Sainiúil do Chuideachtaí a cheannach ina n-aonar ar láithreán gréasáin an CRO.
- 4. Ar shuibscríobh bliantúil a íoc, cuirtear sonraí builc ar fáil a chuimsíonn faisnéis agus/nó íomhánna doiciméid maidir le gach cuideachta ar an gclár;
- 5. Is féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin CRO ar Chlár Gnó na hEorpa (EBR)
- 6. Tá rochtain shaor ag údaráis faoi leith phoiblí air.
FOIRM C1 - CLÁRÚ MORGÁISTE
Má bhunaíonn cuideactha muirear ar thalamh cláraithe, de bharr athraithe ar chleachtas Chlárlann na Talún, ní mór foirm nua a thaiseadh le Clárlann na Talún amhail ar an agus ón 1 Márta 2012. Ní gá an gníomhas muirir a sheachadadh chuig Clárlann na Talún a thuilleadh. Ní mór ach an fhoirm a sheoladh a nglacfaidh Clárlann na Talún léi agus ar sliocht ón ngníomhas muirir é go bunúsach, amhail ar an agus ón 1 Márta 2012. Is é dearcadh an CRO nach toisc bhrostaitheach é seo maidir leis an riachtanas C1 eile a chomhdú leis an CRO i dtaobh an idirbhirt muirir. Ní muirear ar leith é foirm na Clárlainne Talún
Níl tuilleadh muirir á bhunú ag cuideachta nuair a chomhlánaítear foirm na Clárlainne Talún le go gclárófar muirear go daingean i gClárlann na Talún - níl san fhoirm seo ach athrú nós imeachta a thug Clárlann na Talún isteach chun a cuid próiseas clárúcháin a éascú. Ba mhaith linn a dheimhniú go ndiúlteoidh an CRO aon dúblach ar C1 a d’fhéadfadh a bheith comhdaithe i ndiaidh Fhoirm na Clárlainne Talún a fháil nó C1 a seachadadh i ndáil le gníomhas muirir, ar an mbonn nach mbaineann siad le muirear inchláraithe.
Feabhra
----------------------------------------
COTHABHÁIL LÁITHREÁN GRÉASÁIN/BUNACHAR SONRAÍ CRO
Beidh an CRO ag déanamh cothabhála ar ár láithreán gréasán agus bunachar sonraí ar an Deardaoin seo chugainn 1 Márta 2012. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh fáil ar láithreán gréasáin agus bunachar sonraí CRO ó 17.00 Déardaoin go dtí 20ú. Ní bheith fáil ar ár seirbhísí ar líne le linn an ama seo. Is oth linn aon chur isteach ar an bpobal le linn na cothabhála riachtanaí seo.
Ár mbuíochas leat as do chomhoibriú.
A1 NUA AR FÁIL AG CORE IN IONAD CRODISK
Is féidir le Comhaltaí Scéim ‘Féphráinn' A1 (Corprú Cuideachta Nua) a chomhdú ag CORE-www.core.ie anois. Tá an t-athrú seo riachtanach toisc go bhfuil CRODisk as dáta agus nílimid ábalta é a thabhairt cothrom le dáta nó a chotabháil a thuilleadh. Tabhair faoi deara gurb é an leagan nua den A1 atá ar fáil ag CORE faoi láthair, mar atá ar ár láithreán gréasáin.
Ní ghlacfar le A1 a ghintear ar CRODisk an 1ú lá de Mháirt 2012, nó dá éis. Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil le claudine.forrest@djei.ie.
Eanáir
-----------------------------------------
Cuntas cónasctha
Ní ghlacfaidh le CRO le haon chuntas cónasctha a chlúdaíonn níos mó ná bliain airgeadais amháin, i gcás ina bhfuil níos mó ná tuairisceán bliantúil amháin á chomhdú. Is é an t-aon eisceacht amháin ar an riail sin ná i gcás ina bhfuil níos mó ná 3 thuairisceán bhliantúla agus cuntais a ghabhann leo á gcomhdú. Sa chás sin, ní mór na trí thuairisceán bhliantúla is déanaí nó teaglaim dóibh a ghabháil le tacar ionair cuntas a chlúdaíonn an bhliain airgeadais lena mbaineann, ach i gcás ina bhfuil níos mó ná 3 thuairisceán bhliantúla á gcomhdú, gach tuairisceán i ndiaidh na trí cinn is déanaí, féadtar tacar amháin de chuntais cónasctha, gan teorainn, a ghabháil leo.
Tá fógra á thabhairt anois do gach cuideachta agus láithreoir don CRO nach nglacfaidh an CRO a thuilleadh le cuntais mhalgamaithe fara sochar bliantúil a fuair an CRO le héifeacht ón 31 Nollaig 2011. Ar an 1 Eanáir 2012 ar aghaidh éileofar sraith chuntas ar leith a chomhdú i ndáil le gach bliain airgeadais cuideachta. Is dó an méid seo do dheimhniú comhlíontachta leis an 4ú Treoir Dlí Cuideachta 78/660/EEC de 25ú Iúil 1978 a chuireann san áireamh go bhféadfadh sraitheanna aonair cuntas do gach bliain airgeadais a bheith ann.
Is é éifeacht an mhéid sin roimhe seo go n-éilíonn gach tuairisceán bliantúil a fuair an CRO ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2012 go mbeidh sraith chuntas in éineacht leo do bhliain airgeadais dár críoch nach luaithe ná naoi mí roimh dháta éifeachtach an tuairisceáin, sraith chuntas a chuimsíonn an tréimhse ó chríoch na tréimhse a chuimsíonn na cuntais a ceanglaíodh le tuairisceán bliantúil roimhe seo na cuideachta. Ní bheifear in ann a thuilleadh tuairisceáin bhliantúla a chomhdú leis an CRO agus ní féidir go nglacfar le sraith chuntas malgamaithe ag cuimsiú roinnt lianta airgeadais in éineacht leis na tuairisceáin sin.
Ní mór do gach tuairisceán bliantúil a shraith chuntas féin a bheith ceangailte d’fhonn déanamh de réir cheanglais Achtanna na gCuideachtaí 1963 - 2009 maidir le réiteach agus comhdú na gcuntas. Ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh an méid sin roimhe seo i bhfeidhm mar an gcéanna ón 1 Eanáir 2012 i gcás cuideachtaí díscaoilte á gcur ar ais ar an gclár, bíodh sé sin ar Fhoirm H1/H1RH1-OMC nó trí iarratas cúirte don chur ar ais san áit go bhfuil an cur ar ais ar feitheamh ar 31 Nollaig 2011.
Priontáil