Cuntais cónasctha

Ní ghlacfaidh le CRO le haon chuntas cónasctha a chlúdaíonn níos mó ná bliain airgeadais amháin, i gcás ina bhfuil níos mó ná tuairisceán bliantúil amháin á chomhdú. Is é an t-aon eisceacht amháin ar an riail sin ná i gcás ina bhfuil níos mó ná 3 thuairisceán bhliantúla agus cuntais a ghabhann leo á gcomhdú.

Sa chás sin, ní mór na trí thuairisceán bhliantúla is déanaí nó teaglaim dóibh a ghabháil le tacar ionair cuntas a chlúdaíonn an bhliain airgeadais lena mbaineann, ach i gcás ina bhfuil níos mó ná 3 thuairisceán bhliantúla á gcomhdú, gach tuairisceán i ndiaidh na trí cinn is déanaí, féadtar tacar amháin de chuntais cónasctha, gan teorainn, a ghabháil leo.

Tá fógra á thabhairt anois do gach cuideachta agus láithreoir don CRO nach nglacfaidh an CRO a thuilleadh le cuntais mhalgamaithe fara sochar bliantúil a fuair an CRO le héifeacht ón 31 Nollaig 2011. Ar an 1 Eanáir 2012 ar aghaidh éileofar sraith chuntas ar leith a chomhdú i ndáil le gach bliain airgeadais cuideachta. Is dó an méid seo do dheimhniú comhlíontachta leis an 4ú Treoir Dlí Cuideachta 78/660/EEC de 25ú Iúil 1978 a chuireann san áireamh go bhféadfadh sraitheanna aonair cuntas do gach bliain airgeadais a bheith ann.

Is é éifeacht an mhéid sin roimhe seo go n-éilíonn gach tuairisceán bliantúil a fuair an CRO ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2012 go mbeidh sraith chuntas in éineacht leo do bhliain airgeadais dár críoch nach luaithe ná naoi mí roimh dháta éifeachtach an tuairisceáin, sraith chuntas a chuimsíonn an tréimhse ó chríoch na tréimhse a chuimsíonn na cuntais a ceanglaíodh le tuairisceán bliantúil roimhe seo na cuideachta. Ní bheifear in ann a thuilleadh iltuairisceáin bhliantúla a chomhdú leis an CRO agus ní féidir go nglacfar le sraith chuntas malgamaithe ag cuimsiú roinnt blianta airgeadais in éineacht leis na tuairisceáin sin.

Ní mór do gach tuairisceán bliantúil a shraith chuntas féin a bheith ceangailte d’fhonn déanamh de réir cheanglais Achtanna na gCuideachtaí 1963 - 2009 maidir le réiteach agus comhdú na gcuntas. Ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh an méid sin roimhe seo i bhfeidhm mar an gcéanna ón 1 Eanáir 2012 i gcás cuideachtaí díscaoilte á gcur ar ais ar an gclár, bíodh sé sin ar Fhoirm H1/H1R nó trí iarratas cúirte don chur ar ais san áit go bhfuil an cur ar ais ar feitheamh ar 31 Nollaig 2011.