Oifigeach Taidhleoireachta nó Consalachta na hÉireann

(d) Dearbhuithe Reachtúla a dhéantar chun críocha Acht na gCuideachtaí lasmuigh den Stát ach os comhair oifigeach taidhleoireachta nó consalachta na hÉireann

Féadfar dearbhú reachtúil a dhéanamh lasmuigh den Stát faoi Acht na nDearbhuithe Reachtúla 1938 os comhair oifigeach taidhleoireachta nó consalachta na hÉireann, de bhun an Achta um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993.

Ba chóir dul i dteagmháil ar an gcéad dul síos le hambasáid/consalacht na hÉireann don dlínse i dtrácht, má bhíonn faisnéis bhreise á lorg maidir leis seo. Tá liosta d'ambasáidí/de chonsalachtaí na hÉireann le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí EachtrachaLinks to external website.

Aire: Is nótaí ginearálta iad seo. I gcásanna sonracha, moltar duit dul i gcomhairle le do chomhairleoir gairmiúil féin, mar d'aturnae, cuntasóir nó rúnaí cairte. Ní féidir leis an CRO comhairle a thabhairt ar ghnéithe cáis. Ní féidir leis an CRO glacadh le haon dearbhú reachtúil le haghaidh cláraithe a dhéantar in áit lasmuigh den Stát má theipeann ar an dearbhú reachtúil forálacha ailt 886 den Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le proifisiúnach má bhíonn tú éiginnte ar bhealach ar bith ar conas dearbhú reachtúil a chomhlánú agus/nó a fhorghníomhú sula ndéantar é a thaisceadh leis an CRO.

Siar go Dearbhuithe Reachtúla