An Athrú Euro

Réamhrá

Tugadh an euro isteach an 1 Eanáir 2002 agus bhain iarmhairtí praiticiúla leis an athrú seo do na cuideachtaí a raibh scairchaipiteal IR£ acu díreach roimh an dáta sin. Ón dáta sin ar aghaidh léiríodh scairchaipiteal na gcuideachtaí seo i euro. Mar shampla, cuideachta a bhí scairchaipiteal údaraithe IR£100,000 aici, chomh maith le scairchaipiteal eisithe IR£2, a bhí comhdhéanta de dhá scair £1, bhí scairchaipiteal údaraithe €126,973.81 agus scairchaipiteal eisithe €2.5394762 aici tar éis an dáta seo, scairchaipiteal eisithe a bhí comhdhéanta de dhá scair ar luach €1.2697381 gach aon.

Méideanna mí-áisiúla athainmnithe scairchaipitil ab ea iad seo do mhórchuid na gcuideachtaí agus theastaigh uathu a méideanna scairchaipitil a shlánú i méideanna euro.

Ba cheart go dtabharfaidh na nótaí seo a leanas freagraí ar do cheisteanna maidir le scarchaipiteal údaraithe agus eisithe do chuideachta a choigeartú ina méid euro áisiúil.

Ní mór scairchaipiteal a lua i euro, agus ní i bhfigiúirí IR£, i gcás doiciméad cuideachtaí (ar nós tuairisceán bliantúil) curtha le chéile tar éis an 1 Eanáir 2002.

Forálann an tAcht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 1998 an mheicníocht do chuideachtaí méid a gcuid scairchaipitil a choigeartú (ar a dtugtar an téarma ath-ainmluacháil scarchaipitil).

Ba chóir a thuiscint i gceart nach ceart a mheas gur míniú dlíthiúil iad na pointí seo a leanas ar fhorálacha an Achta 1998, agus go mbeadh sé níos fearr duit comhairle dlí neamhspleách a fháil maidir le mionsonraí na ndálaí difriúla.

Athainmníocht scairchaipitil

(figiúirí scairchaipitil a léirú i méideanna áisiúla)

Faoi alt 26 den Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 1998, cuireadh meicníochtaí ar fáildo chuideachtaí chun a scairchaipiteal a athainmniú i.e. figiúirí scairchaipitil a léiriú i méideanna áisiúla euro, nuair a bhíonn méideanna mí-áisiúla (i.e. corra) euro i gceist. Féadfadh cuideachtaí a scairchaipiteal a athainmniú roimh an 1 Iúil 2003. Ní fhéadfadh coigeartuithe den saghas seo luach ainmniúil na scaireanna a laghdú go dtí náid.

Rinneadh scaireanna na cuideachta a athainmniú trí na forálacha scairchaipitil sa mheabhrán agus sna hairteagail chomhlachais a leasú.Ní fhéadfaí déileáil leis an saincheist trí iarracht a dhéanamh codáin scaireanna a chionroinnt d’fhonn méid scaireanna a sholáthar do scairshealbhóirí a d’fhéadfadh é a léiriú i slánmhéid euro. Bhí sé riachtanach an méid scairchaipitil údaraithe agus eisithe a choigeartú trí mheabhrán agus airteagail chomhlachais na cuideachta a leasú.

Athainmníocht lena mbaineann méadú caipitil

I gcásanna ina dtiocfadh méadú ar scairchaipiteal de bharr athainmníochta, b’éigean do na scairshealbhóirí (nó aicmí scairshealbhóirí, más infheidhme sin) glacadh le gnáthrún. Cuireadh de cheangal ar an gcuideachta cóip den rún seo, an meabhrán agus na hairteagail chomhlachais leasaithe agus Foirm B4 (fógra maidir le méadú ar chaipiteal) a chomhdú leis an CRO tráth nach déanaí ná 15 lá ón dáta a glacadh leis an rún, in éineacht leis an táille chlárúcháin. €45.

Nasc: Foirm B4 Nasc:Táillí CRO Nasc: Foirm G1

Coigeartú trí luach ainmniúil na scaireanna a mhéadú

D’fhéadfadh cuideachta gnáthrún a úsáid lena scairchaipiteal a athainmniú tríd a meabhrán agus a hairteagail chomhlachais a athrú chun luach na scaireanna a shlánú suas. D’fhonn é seo a dhéanamh:

  • chaithfeadh na cúlchistí indáilte a bheith coigeartaithe go hiomchuí (brabúis atá ar fáil le hiad a dháileadh) nó
  • chaithfeadh caipiteal breise a bheith curtha ar fáil a bheadh le feiceáil sa mhéid scairchaipitil eisithe.

Sampla de luach méadaitheach ainmniúil

Caipiteal (údaraithe) €126,973.81 de chuid na cuideachta, roinnte i 100,000 scair de luach €1.2697381 gach aon. Scairchaipiteal eisithe - 50,000 scair (de luach iomlán €63,486.91).

(a)Cúlchistí indáilte a choigeartú le caipiteal eisithe a mhéadú:

Luach ainmniúil na scaire €1.2697381
Coigeartú chuig luach (méadú) cothrom €2.00
Difríocht in aghaidh na scaire €0.7302619
Difríocht in aghaidh 50,000 scaire (eisithe) €36,513.10
Laghdófar na cúlchistí (brabúis) indáilte de €36,513.10
Méadófar an scairchaipiteal eisithe de €36,513.10
Méid údaraithe caipitil coigeartaithe €200,000
Méid caipitil eisithe coigeartaithe €100,000
(b) Caipiteal nua a chur ar fáil le caipiteal eisithe a mhéadú:

Luach ainmniúil gach scaire
€1.2697381
Coigeartú chuig luach (méadú) cothrom €2.00
Difríocht in aghaidh na scaire €0.7302619
Difríocht in aghaidh 50,000 scaire (eisithe) €36,513.10
Méadú caipitil ag teastáil €36,513.10
Méadú scairchaipitil eisithe €36,513.10
Méid údaraithe caipitil coigeartaithe €200,000
Méid caipitil eisithe coigeartaithe €100,000

Athainmníocht lena mbaineann laghdú caipitil

Coigeartú trí luach ainmniúil na scaireanna a laghdú

I gcásanna ina dtiocfadh laghdú ar scairchaipiteal de bharr athainmníochta, b’éigean do na scairsheabhóirí glacadh le rún speisialta. B’éigean dóibh glacadh leis an rún speisialta seo le foráil a dhéanamh go n-íocfaí an méid airgid a baineadh ón scairchaipiteal le ciste ar a dtabharfar an Cúlchiste Comhshó Caipitil.

Ní fhéadfaí breis is 10% den scairchaipiteal laghdaithe a aistriú. B’éigean cóip den rún seo, an meabhrán agus na hairteagail chomhlachais leasaithe agus an táille chlárúcháin (€45) a sheoladh chuig an CRO.

Nasc:Táillí CRO Nasc: Foirm G1

Le luach na scaireanna a choigeartú (laghdú):

  • b’éigean a aistriú chuig ciste, ar a dtabharfar an Cúlchiste Comhshó Caipitil, an méid céanna airgid comhiomlán a baineadh ón gcaipiteal, agus
  • teorainn 10% a chur le laghdú ar luach an scairchaipitil eisithe.

Sampla de luach ainmniúil laghdaitheach

Caipiteal eisithe €63,486.91 de chuid na cuideachta, roinnte i 50,000 scair de luach €1.2697381 gach aon.
Luach ainmniúil gach scaire €1.2697381
Coigeartú chuig luach cothrom (laghdú) €1.20 Nóta - ní féidir é a laghdú go dtí €1 de bharr na rialach 10%
Difríocht in aghaidh na scaire = €0.0697381 €0.0697381
50,000 scair @ €1.269738 gach aon €63,486.90
50,000 scair @ €1.20 gach aon €60,000
Laghdú caipitil €3,486.91
Méid a aistreofar chuig an gCúlchiste Comhshó Caipitil €3,486.91

An Cúlchiste Comhshó Caipitil

Mheasfaí gur laghdú ar scairchaipiteal a bheadh i gceist agus laghdú ag teacht ar an gCúlchiste Comhshó Caiptil. Sa chás seo, bheadh alt 72 d’Acht na gCuideachtaí 1963 i bhfeidhm. Faoi alt 26 den Acht AEA 1998, d’fhéadfadh an chuideachta atá ag iarraidh scaireanna neamh-eisithe (ach amháin scaireanna infhuascailte) a íoc, an ciste a chionnroinnt ar scairshealbhóirí na cuideachta mar scaireanna bónais atá íoctha go hiomlán.

Níor tháinig deireadh le héifeacht fho-alt (8) an 30 Meitheamh 2003. D’ainneoin é seo, is cion é faoi alt 141 den Acht 1963 mura gcuirtear an rún isteach laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos. Má ghlacann cuideachta leis an rún faoin alt 26(3) nó (4) nó roimh an 1 Iúil 2003, beidh sé de cheart aici an rún a sheachadadh lasmuigh den tréimhse ama seo. Cuirtear de cheangal uirthi rún ar bith den saghas seo a sheachadadh, déanta na fírinne.

Má ghlacann cuideachta le rún ailt 26(3) nó (4) roimh an 1 Iúil 2003, agus má sheolann sí cóip clóite chuig an CRO lasmuigh den tréimhse ama 15 lá dá bhforáiltear i bhfo-alt (8), beidh sí ciontach i gcion de bhun alt 26(9) agus beidh sí ciontach go hachomair i leith fíneála €317.44 nó níos lú. Nuair a chruthaítear go ndearnadh an cion sin le toiliú, le cúlcheadú nó le haontú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtain ar thaobh stiúrthóra nó rúnaí na cuideachta, beidh an duine sin agus an chuideachta freisin ciontach i gcion, agus beidh orthu fíneáil €317.44 nó níos lú a íoc.

Nasc:Táillí CRO Nasc: Foirm G1