Úinéireacht Thairbhiúil - 2017

Is le hionstraim reachtúil uimh. 560 de 2016 a thrasuitear an chéad fhomhír d’Airteagal 30(1) den Cheathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid (‘an Treoir’).

Is é an réasúnaíocht taobh thiar den fhoráil sin a thrasuí roimh an gcuid eile den Treoir ná gurb amhlaidh, ionas go mbeidh éifeacht leis an gclár lárnach um úinéireacht thairbhiúil (mar a cheanglaítear le hAirteagal 33(3) den Treoir) a luaithe is féidir tar éis thrasuí iomlán na Treorach, go mbeidh ar eintitis chorparáideacha na sonraí riachtanacha a bhailiú ar dtús faoi úinéireacht thairbhiúil agus na sonraí sin a thaifeadadh ina dhiaidh sin ar a gcláir chorparáideacha féin um úinéireacht thairbhiúil.

Nasc chuig ionstraim reachtúil uimh. 560 de 2016 dar teideal ‘Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Frithsciúradh Airgid: Úinéireacht Thairbhiúil Eintiteas Corparáideach), 2016’. Ceanglaítear leis an ionstraim reachtúil sin ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile atá corpraithe laistigh den Stát seo faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a choinneáil faoina n-úinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí faoi na leasanna tairbhiúla atá á sealbhú. Tháinig sí i bhfeidhm an 15 Samhain 2016.

Cé gur cuireadh tús cheana féin leis an obair chun clár lárnach um úinéireacht thairbhiúil a chur i bhfeidhm, ní dóigh go mbeidh a leithéid cláir réidh go dtí lár na bliana 2017. Is féidir aon cheisteanna i ndáil leis an ionstraim reachtúil a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: aml@finance.gov.ie  

AN CLÁR UM ÚINÉIREACHT THAIRBHIÚIL - CLÁR LÁRNACH
Ceanglaítear leis an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid ón Aontas Eorpach go gcuirfear clár lárnach um úinéireacht thairbhiúil eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile ar bun. 

Tabharfaidh an Roinn Airgeadais Ionstraim Reachtúil chun críche go luath, rud lena gceapfar Cláraitheoir um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Coigiltis. Beidh an duine sin freagrach as an gclár um úinéireacht thairbhiúil a bhunú agus a chothabháil i ndáil leis na heintitis chorparáideacha lena mbaineann. Meastar go sannfar an ról sin chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí mar fhreagracht dhlíthiúil ar leith dá c(h)uid.

Sula rithfear an Ionstraim Reachtúil, ba mhaith leis an gCláraitheoir an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do chuideachtaí agus do chumainn tionscail agus choigiltis i ndáil leis an dóigh a bhfeidhmeofar an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil:

1. Meastar go mbeidh an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil i bhfeidhm agus réidh lena líonadh isteach ón 26 Meitheamh 2017 i leith.
2. Is dóigh go mbeidh tréimhse 3 mhí ann ina bhféadfar faisnéis a chomhdú gan bheith i mbaol an dualgas reachtúil chun comhdú a shárú (i.e. go dtí an 26 Meán Fómhair 2017).
3. Is trí thairseach ar líne a chomhdófar faisnéis. Ní bheidh aon fhoirmeacha páipéir ann agus ní ghearrfar aon táille comhdaithe.
4. Áireofar na nithe seo a leanas leis an bhfaisnéis a chomhdófar leis an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil i ndáil le gach úinéir tairbhiúil (nach mór gur duine nádúrtha é/í):

  • Réamhainm agus Sloinne
  • Dáta breithe
  • Náisiúntacht
  • Seoladh baile
  • Ráiteas faoi chineál an leasa atá i seilbh gach úinéara thairbhiúil (e.g. scairshealbhóir rialaithe)
  • Ráiteas faoi mhéid an léasa atá i seilbh gach úinéara thairbhiúil (e.g. duine ag a bhfuil 26% de scaireanna na cuideachta)
  • An dáta a iontráladh gach duine nádúrtha sa chlár mar úinéir tairbhiúil ar an eintiteas corparáideach
  • An dáta a scoir gach duine nádúrtha de bheith ina (h)úinéir tairbhiúil ar an eintiteas
  • Mura sainaithnítear aon duine nádúrtha den sórt sin, iontrálfar ainm an duine/na ndaoine nádúrtha ag a bhfuil an post mar ardoifigeach bainistíochta sa chuideachta.

5. Éileofar sonraí an duine atá ag déanamh na hiontrála sa chlár thar ceann na cuideachta freisin, i.e. ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin.

Tá an fhaisnéis seo á cur ar fáil de mheon macánta ag Cláraitheoir na gCuideachtaí ar mhaithe le réamhfhógra a thabhairt do chuideachtaí agus do chumainn tionscail agus choigiltis faoin bhfaisnéis a cheanglófar orthu a thabhairt le linn dóibh sonraí a chomhdú leis an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil. Féadfar an fhaisnéis seo a athrú am ar bith go dtí go rithfear an Ionstraim Reachtúil go foirmiúil. A luaithe a rithfear an Ionstraim Reachtúil, déanfaidh an Cláraitheoir um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Coigiltis feachtas faisnéise a sheoladh ina gcuirfear faisnéis níos cinnte ar fáil do chuideachtaí agus do chumainn tionscail agus choigiltis.

Forbhreathnú ar an rialachán nua maidir le húinéireacht thairbhiúil

Cúlra
Ceanglaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(1) den Cheathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid (‘an Treoir’) ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile atá corpraithe laistigh den Stát faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a choinneáil faoina n-úinéireacht thairbhiúil. Léitear an fhomhír mar seo a leanas:

Cinnteoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile atá corpraithe laistigh dá gcríoch faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a fháil agus a choinneáil faoina n-úinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí faoi na leasanna tairbhiúla atá á sealbhú”
Is é cuspóir na forála sin ná cabhrú lena chinneadh cé hiad na daoine nádúrtha ar fíorúinéirí/fíor-rialaitheoirí cuideachta iad. Tá an méid sin soiléir ina lán cásanna toisc gurb ionann na húinéirí dlíthiúla agus na húinéirí tairbhiúla. I gcásanna eile, d’fhéadfadh go mbeadh úinéireacht na cuideachta chomh caolaithe sin nach féidir úinéir tairbhiúil ar leith a shainaithint. Glactar leis go bhfuil cuid mhór struchtúr casta úinéireachta cuideachta ann, a fhágann nach rud simplí é a chinneadh cé hiad úinéirí tairbhiúla bunúsacha na cuideachta lena mbaineann.

In ainneoin na ndúshlán ar dóigh dóibh teacht chun cinn, áfach, níor cheart aon débhrí a bheith ann gur croíchuspóir leis an Treoir seo ó AE ná meicníochtaí a bhunú chun cúnamh a thabhairt do dhaoine ainmnithe amhail na bainc dícheall cuí don chustaiméir a dhéanamh maidir le heintitis dhlíthiúla agus, mar chuid den obair sin, ceangal a chur ar chuideachtaí an duine nádúrtha a rialaíonn an chuideachta a shainaithint, fiú amháin sa chás gur gá dóibh grinnanailís dhlíthiúil a dhéanamh ar a struchtúir úinéireachta chun teacht ar an bhfaisnéis sin.

Mar achoimre, tá ceanglas ar chuideachtaí sainaithint a dhéanamh ar an duine nádúrtha/na daoine nádúrtha arb é/iad a n-úinéirí tairbhiúla bunúsacha ar bhonn an tsainmhínithe a thugtar in Airteagal 3(6)(a) den Treoir (féach an t-aguisín).

Na príomhghnéithe den rialachán nua
Ba cheart na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara maidir leis an rialachán:
(i) Tá feidhm ag an rialachán maidir le gach eintiteas corparáideach agus le gach eintiteas dlíthiúil eile, seachas:

(a) Eintitis atá liostaithe ar mhargadh rialáilte atá faoi réir ceanglais nochta atá i gcomhréir le dlí AE, nó

(b) Cuideachtaí atá faoi réir caighdeáin idirnáisiúnta choibhéiseacha lena gcinntítear gur sách trédhearcach atá faisnéis úinéireachta.
Leagtar an díolúine sin ó raon feidhme an rialacháin amach sna trí líne dheireanacha den chéad mhír d’Airteagal 3(6)(a)(i) den Treoir.

(ii) Sna rialacháin, tá le ‘úinéir tairbhiúil’ an bhrí a thugtar dó le hAirteagal 3(6)(a) den Treoir, ina leagtar amach conas ba cheart úinéireacht thairbhiúil a chinneadh ionas go mbeifear in ann sainaithint a dhéanamh ar an duine nádúrtha nó ar na daoine nádúrtha a rialaíonn eintiteas dlíthiúil faoi dheoidh trí úinéireacht dhíreach nó neamhdhíreach a bheith acu ar chéatadán leordhóthanach de na scaireanna, de na cearta vótála nó de leas úinéireachta san eintiteas lena mbaineann. Scairshealúchas 25 % móide scair amháin nó leas úinéireachta os cionn 25 % sa chustaiméir a bheith i seilbh ag duine nádúrtha, beidh siad ina léiriú ar úinéireacht dhíreach. Scairshealúchas 25 % móide scair amháin nó leas úinéireachta os cionn 25 % sa chustaiméir a bheith i seilbh ag eintiteas corparáideach, atá faoi rialú ag duine nádúrtha/daoine nádúrtha, nó ag roinnt eintiteas corparáideach atá faoi rialú ag an duine nádúrtha céanna/na daoine nádúrtha céanna, beidh siad ina léiriú ar úinéireacht neamhdhíreach (féach an t-aguisín chun teacht ar an téacs iomlán d’Airteagal 3(6)(a)(i)).

(iii) Ceanglaítear leis na rialacháin ar gach eintiteas corparáideach nó ar gach eintiteas dlíthiúil eile gach beart réasúnach a dhéanamh chun faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a fháil agus a choinneáil faoina n-úinéirí tairbhiúla, e.g. ainm, dáta breithe, seoladh, ráiteas faoi chineál agus faoi mhéid an leasa atá á shealbhú ag gach úinéir tairbhiúil, agus clár a bhfuil an fhaisnéis sin ann a choinneáil laistigh de thaifid an eintitis.

(iv) Foráiltear leis na rialacháin go gcuirfear ainm ardoifigigh bhainistíochta an eintitis leis an gclár sa chás nár éirigh le ceann ar bith de na modhanna atá ann chun úinéir tairbhiúil na cuideachta a chinneadh.

(v) Ceadaítear leis na rialacháin d’eintiteas corparáideach, sa chás nach bhfuil sonraí aige cheana féin faoina úinéireacht thairbhiúil, fógra a thabhairt d’aon duine nádúrtha a gcreideann sé gurb é úinéir tairbhiúil na cuideachta; a luaithe a eiseofar fógra den sórt sin, beidh ar an duine nádúrtha a gcreidtear gurb é an t-úinéir tairbhiúil freagra a thabhairt air laistigh de mhí amháin.

(vi) Ceadaítear leis na rialacháin d’eintiteas corparáideach fógra den chineál céanna a eisiúint chuig duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint gurb eol dó cé hé úinéir tairbhiúil an eintitis nó cé hiad úinéirí tairbhiúla an eintitis. Tá cosaint ann, áfach, a bhfuil feidhm aici maidir le fógraí tríú páirtí lena gceadófar neamhnochtadh faisnéise sa chás go bhféadfaí aon éileamh i leith pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil a choinneáil ar bun in imeachtaí dlíthiúla.

(vii) Foráiltear leis na rialacháin do mheicníochtaí chun cláir na n-eintiteas corparáideach a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear fógraí agus cumarsáidí maidir le hathruithe ábhartha in úinéireacht thairbhiúil a bheith á seoladh idir eintitis chorparáideacha agus a n-úinéirí tairbhiúla;

(viii) Leagtar dualgas ar dhuine nádúrtha ar úinéir tairbhiúil é nó ar cheart gurb eol dó gur úinéir tairbhiúil é fógra a thabhairt d’eintiteas gurb é úinéir tairbhiúil an eintitis sa chás nach bhfuair sé fógra inar iarradh an fhaisnéis sin ón eintiteas. Tá dualgas ar dhaoine nádúrtha fógra a thabhairt, i gcúinsí áirithe, faoi athruithe ábhartha in úinéireacht thairbhiúil freisin.

Aguisín

An sainmhíniú ar úinéireacht thairbhiúil a thugtar sa Cheathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid

3(6) ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ aon duine nádúrtha/aon daoine nádúrtha ar leis/leo an custaiméir nó a rialaíonn an custaiméir faoi dheoidh agus/nó an duine nádúrtha/na daoine nádúrtha a bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á sheoladh nó á seoladh thar a cheann/gceann agus áirítear leis na daoine seo a leanas ar a laghad:

(a) i gcás eintiteas corparáideach:

(i) an duine nádúrtha/na daoine nádúrtha ar leis/leo eintiteas dlíthiúil nó a rialaíonn eintiteas dlíthiúil faoi dheoidh trí úinéireacht dhíreach nó neamhdhíreach a bheith aige/acu ar chéatadán leordhóthanach de na scaireanna, de na cearta vótála nó den leas úinéireachta san eintiteas sin, lena n-áirítear trí scairshealúchais iompróra, nó trí rialú trí mhodhanna eile, seachas cuideachta atá liostaithe ar mhargadh rialáilte atá faoi réir ceanglais nochta atá i gcomhréir le dlí an Aontais nó atá faoi réir caighdeáin idirnáisiúnta choibhéiseacha lena gcinntítear gur sách trédhearcach atá faisnéis úinéireachta.

Scairshealúchas 25 % móide scair amháin nó leas úinéireachta os cionn 25 % sa chustaiméir a bheith i seilbh ag duine nádúrtha, beidh siad ina léiriú ar úinéireacht dhíreach. Scairshealúchas 25 % móide scair amháin nó leas úinéireachta os cionn 25 % sa chustaiméir a bheith i seilbh ag eintiteas corparáideach, atá faoi rialú ag duine nádúrtha/daoine nádúrtha, nó ag roinnt eintiteas corparáideach atá faoi rialú ag an duine nádúrtha céanna/na daoine nádúrtha céanna, beidh siad ina léiriú ar úinéireacht neamhdhíreach. Tá feidhm ag an méid sin gach dochar don cheart atá ag na Ballstáit a chinneadh go bhfuil céatadán níos ísle ina léiriú ar úinéireacht nó ar rialú. Féadfar rialú trí mhodhanna eile a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22(1) go (5) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i measc nithe eile:

(ii) más rud é, tar éis leas a bhaint as gach modh féideartha, agus ar an gcoinníoll nach bhfuil aon fhoras le hamhras ann, nach sainaithnítear aon duine faoi phointe (i) nó, más rud é go bhfuil aon amhras ann gurb é an t-úinéir tairbhiúil an duine arna shainaithint nó gurb iad na húinéirí tairbhiúla na daoine arna sainaithint, is é/iad an duine nádúrtha/na daoine nádúrtha a bhfuil an post mar ardoifigeach bainistíochta/ardoifigigh bhainistíochta aige/acu san eintiteas faoi oibleagáid a choinneoidh taifid faoi na gníomhartha arna nglacadh chun an úinéireacht thairbhiúil a shainaithint faoi phointe (i) agus faoin bpointe seo;