Ceangaltáin R-phoist

Tugann an leathanach seo treoracha ginearálta ar an dóigh chun amharc ar dhoiciméid CRO a sheoltar mar cheangaltáin r-phoist chuig ár gcustaiméirí

Is leis an gcustaiméir an fhreagracht cinntiú go bhfuil gach seoladh r-phoist bailí.

Doiciméid a fháil mar cheangaltáin

Nuair a fhaightear r-phost ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí, seolfar tuarascáil ná doiciméid na cuideachta mar cheangaltán (cheangaltáin) don teachtaireacht r-phoist. Ceanglaítear tuarascáil na cuideachta mar chomhad PDF agus is féidir é a oscailt ag úsáid bogearraí acrobat.

Is íomhánna scanta na ndoiciméad bunúsach atá sábháilte mar chomhaid TIFF iol-leathanach iad na doiciméid a sheolfar ar ais. Is féidir leat roghnú íomhánna a sheoladh mar TIFF nó mar PDF. Is féidir doiciméid PDF a oscailt le bogearraí Adobe Acrobat - www.adobe.comLinks to external website. Chun amharc ar íomhánna TIFF iol-leathanach, beidh amharcóir íomhánna nó amharcóir TIFF a bhfuil tacaíocht ann do TIFF iol-leathanach de dhíth ort. Beidh sé ar eolas agat má tá amharcóir íomhánna ag an ríomhaire, chun comthú le comhaid a bhfuil iarmhír chomhadainm ‘TIF’ acu, gur pictiúr beag é an t-íocón don cheangaltán, seachas sin an t-íocón réamhshocraithe a bheas ann.

Amharcóir TIFF darb ainm 'Wang Imaging' is ea an caighdeán ar gach Microsoft Windows 95 agus gléas NT. Déanfar é seo a shuiteáil mar chuid den suiteáil réamhshocraithe don chuid is mó. Murar rinneadh é, beidh ort iarraidh ar do riarthóir córais íomháú a shuiteáil ar do ghléas. Is rud simplí é seo a dhéanamh, ach ní mór CD an Chórais Oibriúcháin nó na dioscaí a seoladh le do ghléas a bheith agat.

Lean na treoracha thíos lena shuiteáil:

  • Oscail an painéal rialúcháin, cliceáil faoi dhó ar íocón na ríomhchlár ‘Cuir leis nó Bain’
  • Cliceáil ar tháb Suiteála Windows.
  • Scrollaigh síos go bhfeicfidh tú grúpáil darbh ainm íomháú. Amharc ar shonraí don ghrúpa sin.
  • Seiceáil an bosca seiceála, in aice le ‘Íomháú’ agus ansin cliceáil OK.
  • Cliceáil an cnaipe Cuir i bhfeidhm, agus gheobhaidh tú leid chun CD nó dioscaí a chur isteach.
  • Athbhútáil an gléas.