Iarrthóir cuideachta


Cuirimid míniú ar fáil sa rannóg seo

  • íoslíon na n-oifigeach cuideachta nach mó bheith ann i gcuideachta;
  • an t-éileamh gur cheart stiúrthóir amháin ar a laghad bheith ina chónaí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE);
  • uaslíon na stiúrthóireachtaí ar féidir bheith i seilbh stiúrthóireachta ag am ar leith;
  • nósanna imeachta a bhaineann i gcás a bhfuil stiúrthóir/rúnaí dícháilithe i ndlínse eile

Iarrthóir cuideachta

Ní mór do gach cineál cuideachta rúnaí amháin agus beirt stiúrthóirí a bheith inti ar a laghad, lena n-áirítear duine a chónaíonn in Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA).

Má tá an chuideachta ina cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (cuideachta TEO), tá cead aici gan ach aon stiúrthóir amháin a bheith aici, más inmhianaithe é sin, faoi alt 128 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Chomh maith leis sin, ní bhaineann sé le cineálacha cuideachta eile, Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe, CPTanna, cuideachtaí ráthaíochta, srl. Is tar éis a comhshóite chuig cuideachta TEO, gus ansin amháin, gur féidir le cuideachta gan ach aon stiúrthóir amháin a bheith aici. Is gá rúnaí a bheith ag cuideachta go fóill. Mura bhfuil ag an gcuideachta ach stiúrthóir amháin, ní féidir gurb é nó í an duine céanna an rúnaí agus an stiúrthóir

Tá aois íosta i bhfeidhm maidir le stiúrthóirí: Ní mór do gach stiúrthóir a bheith os cionn ocht mbliana déag d'aois. Tá feidhm ag alt 131 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Ní féidir le comhlachtaí corpraithe a bheith ina stiúrthóir ar chuideachta. Má tá duine aonair, seachas comhlacht corpraithe, ina rúnaí, ní mór an duine sin a bheith os cionn ocht mbliana déag freisin.

Ar Foirm A1: Tabhair ainm na cuideachta agus líon na gcomhlachtaí corpraithe, más ionchorpraithe sa Stát nó in áit eile atá siad, a bhfuil nó a raibh an duine ina stiúrthóir orthu. Déantar eisceachtaí ar an rial seo do chomhlachtaí (a) nach raibh an duine ina stiúrthóir orthu tráth ar bith le 5 mbliana anuas; (b) a raibh an chuideachta (nó a raibh ag an am cuí) ina fochuideachta faoi úinéireacht iomlán; (c) atá ina bhfochuideachtaí (nó a bhí ag an am cuí) faoi úinéireacht iomlán den chuideachta.
De bhun alt 142 d'Acht na gCuideachtaí 2014, ní bheidh duine ag aon am ar leith ina stiúrthóir ar os cionn 25 cuideachta. Mar sin féin, faoi alt 142(3) den Acht, ní féidir stiúrthóirí áirithe a áireamh chun críocha alt 142(1). Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Duillín Faisnéise an CRO Uimh. 1.

Féimheach neamhscaoilte

Ní féidir le féimheach neamhscaoilte a bheith ina oifigeach comhlachta. Tá foráil i Mír 132 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a deireann má fheidhmíonn duine, atá ina fhéimheach neamhscaoilte, mar oifigeach nó má ghlacann sé páirt, go díreach nó go hindíreach, i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistiú comhlachta ar bith, seachas le cead na hArd-Chúirte, beidh sé ciontach as coir ar féidir leis an OSFC a ionchúiseamh go sciobtha. Is é a chiallaíonn féimheach neamhscaoilte ná duine a bhfógraíonn cúirt laistigh den stát nó in áit eile go bhfuil sé bancbhristebancbhriste, nach bhfuil teastas scaoilte nó a iontamhail faighte aige sa dlínse atá i gceist.

an LEE

Tá an LEE comhdhéanta de 27 ballstáit an AE* móide an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Is féidir leis an rúnaí bheith mar dhuine de stiúrthóirí na cuideachta.

*Amhail an 31 Eanáir 2020 tá an RA imithe ón Aontas Eorpach ach beidh forálacha idirthréimhseacha i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020. Le linn na tréimhse sin beidh caidreamh trádála na RA leis an AE mar an gcéanna.

Is féidir le comhlacht corparáideach gníomhú mar rúnaí do chuideachta eile, ach ní dó féin. Tá réimse leathan freagrachtaí dlíthiúla ag oifigigh go léir na cuideachta. Tá príomhcheanglais rúnaí agus stiúrthóir na cuideachta leagtha amach i mBileog Faisnéise Uimh.16, Rúnaí na Cuideachta agus Bileog Faisnéise Uimh. 2, Sé rud ar chór bheith ar eolas ag stiúrthóir cuideachta faoi chlárú cuideachta. Ba cheart do stiúrthóirí cuideachtaí bheith ar an eolas faoi Leabhrán Faisnéise 2, Stiúrthóirí Cuideachta de chuid Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidmiú Corparáideach (ODEC).

Stiúrthóir a chónaíonn in Éirinn

Faoi réir eisceacht amháin (féach thíos) éilítear ar dhuine amháin ar a laghad de na stiúrthóirí bheith ina chónaí (cónaí) i mballstát an LEE le linn tréimhse na cuideachta atá á corprú. Chun críocha alt 142 Acht na gCuideachtaí 2014, tá cónaí ar dhuine sa Stát, tráth áirithe (an tráth iomchuí) más rud é - go bhfuil sé nó sí i láthair sa Stát -

aon tráth amháin nó tráthanna ar leithligh sa tréimhse 12 mhí roimh an tráth iomchuí (an tréimhse láithreach 12 mhí) ar feadh tréimhse183 lá nó níos mó san iomlán, nó,

aon tráth amháin nó tráthanna ar leithligh -

  • *sa tréimhse láithreach 12 mhí, agus
  • *sa tréimhse 12 mhí roimh an tréimhse láithreach (an tréimhse 12 mhí roimhe sin),

ar feadh tréimhse (arb é atá inti san iomlán an líon laethanta ar a bhfuil an duine i láthair sa Stát sa tréimhse láithreach 12 mhí agus an líon laethanta ar a raibh an duine i láthair sa Stát sa tréimhse 12 mhí roimhe sin) 280 lá nó níos mó san iomlán, nó go bhfuil an tráth sin i mbliain mheasúnachta (de réir bhrí an Achta Comhdhlúite Cánacha, 1997), a mbeidh rogha déanta ag an duine ina leith faoi alt 819(3) den Acht sin.

Chun críocha fho-ailt (8) agus (9)-. aon tagairtí san alt seo do dhuine a bheith i láthair sa Stát is tagairtí iad don duine a bheith i láthair i bpearsa sa Stát, agus measfar duine a bheith i láthair sa Stáit ar feadh lae má tá an duine i láthair sa Stát ag aon am an lae.

Díolúine ón gceanglas chun stiúrthóir as ballstát an LEE a bheith sa chuideachta

Ní mór do stiúrthóir amháin ar a laghad a bheith ina c(h)ónaí i mballstát Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ní bhaineann an ceanglas seo le haon chuideachta, áfach, ag a bhfuil banna i bhfeidhm aici ar luach €25,000 san fhoirm atá leagtha.

Forálann an banna, nuair a theipeann ar chuideachta fíneáil nó cuid d’fhíneáil a íoc a fhorchuirtear i leith ciona faoi Acht na gCuideachtaí 2014 nó an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997, nó pionós faoin acht dheireanach, go n-úsáidfear an t-urra chun íoc as dliteanas na cuideachta, chomh hard le luach an bhanna.

Ní mór don bhanna tréimhse dhá bliana bailíochta ar a laghad a bheith aige, ag tosach tráth nach luaithe ná dáta an tarlaithe is cúis le ceanglas an bhanna. Ní mór don Urra faoi bhanna bheith ina chomhalta ar rangú a shonraítear - is é sin banc, cumann foirgníochta, cuideachta árachais nó institiúid chreidmheasa.

I gcás, i ndiaidh corpraithe, a chuireann cuideachta isteach ar dheimhniú agus má bhronntar é ó chláraitheoir cuideachtaí, ag deimhniú go bhfuil fíorcheangal leanúnach le gníomhaíocht gheilleagrach amháin nó níos mó atá á seoladh sa Stáit, beidh an chuideachta sin díolmhaithe ó na ceanglais chun stiúrthóir amháin a chónaíonn i mBallstát an LEE a bheith aice ó dháta an deimhnithe, fad agus a bhíonn an deimhniú i bhfeidhm. Déantar iarratais ar an deimhniú seo ar Fhoirm B67, agus ní mór ráiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur leis a rinneadh laistigh de dhá mhí ó dháta an iarratais agus iad ag rá go bhfuil forais réasúnacha acu creidiúint go bhfuil an ceangal sin ag an gcuideachta.

Naisc: Foirmeacha

Nóta cleachtais na CRO maidir le bannaí alt 137 (éilítear i gcás nach bhfuil stiúrthóir a bhfuil cónaí air/uirthi sa LEE ag cuideachta) agus cuideachtaí nua

Iarratais ar chorprú a bhfuil bannaí faoi iamh acu, iarrtar ar láithreoirí iad sin a shainaithint go soiléir.

  • Ní mór cloí leis na ceanglais fheidhmithe de réir mar atá leagtha síos (is é sin faoi Chomhshéala an Urraithe).
  • Ní mór an banna bunúsach, in éineacht le cóip deimhnithe dó, a chur isteach don CRO, leis an bhFoirm A1.

Dáta éifeachtach an bhanna

Is tréimhse dhá bhliain atá leagtha mar an íostréimhse le sonrú mar thréimhse bailíochta an bhanna, tréimhse nach féidir tús a chur léi nach luaithe ná tarlú an imeachta ar cúis leis an mbanna a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, maidir le cuideachta nua, ní mór don bhanna bheith i bhfeidhm ag dáta an chorpraithe.

Maidir le cuideachtaí nua, is é corprú cuideachta nach bhfuil stiúrthóir ag an gcuideachta a bhfuil cónaí aige/aice i mballstát LEE an t-imeacht a éiríonn ar an gceanglais lena cur faoi bhanna . Tá ceanglas reachtúil ann freisin nach mór don bhanna bunúsach, in éineacht le cóip deimhnithe dó, a chur isteach don CRO, leis an bhFoirm A1.

Ba cheart tabhairt faoi deara go ligeann alt 5 den bhanna do na páirtithe dáta tosaithe an bhanna a fhoráil. Ní éilítear air seo comhfhreagairt le dáta ar a bhfuil na páirtithe ag forghníomhú an bhanna, tá méid solúbthachta ag na páirtithe dá réir.

Nasc: Foirmeacha

Chuir an CRO na ceanglais se leanas i bhfeidhm maidir le dáta éifeachtach na mbannaí a fuarthas i dteannta cuideachtaí nua:

Ní féidir le dáta éifeachtach an bhanna ceithre lá oibre roimh dháta corpraithe na cuideachta a shárú, ar leith ón dáta corpraithe.

Mar is eol do chustaiméirí, baineann caighdeáin seirbhísí le gach scéim chorpraithe. Is iad seo:

  • Fé Phráinn: corprú laistigh de thráth na déanaí ná deich lá oibre ó na doiciméid a thaisceadh leis an CRO
  • A1 ar líne: chorprú laistigh de thréimhse cúig lá oibre.
  • Gnáthscéim: cé nach bhfuil leibhéal seirbhíse ráthaithe, eisítear laistigh de 15 lá oibre de réir cleachtais é.

Chun dáta a mheas óna bhfuil an banna le forghníomhú, dá réir, ní mór d’iarratasóirí an scéim chorpraithe, a bhfuil siad ag úsáid agus an caighdeán seirbhíse ábhartha do chustaiméirí, a thabhairt san áireamh.

Bainfidh na dátaí éifeachtacha seo a leanas go hiarmhír:

  • Fé Phráinn: ní mór an banna a fhorghníomhú tráth ó chúigiú lá oibre i ndiaidh dáta a fuair an CRO an Fhoirm A1.
  • A1 ar líne: ní mór an banna a fhorghníomhú tráth ó dháta admhála den Fhoirm A1.
  • Gnáthschéim: ní mór an banna a fhorghníomhú tráth ón chúigiú lá oibre i ndiaidh dáta admhála na Foirme A1.

I gcás a sheolfaidh an CRO iarratas ar chorprú ar ais a bhfuil banna leis don láithreoir lena leasú, éilítear banna nua a bhfuil dáta éifeachtach athraithe air de réir mar atá thuasluaite, ach amháin go seolfar an t-iarratas athraithe ar ais don CRO laistigh de chúig lá oibre.

Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach Bileog Faisnéise Uimh.17, "Ceanglas chun Stiúrthóir a chónaíonn in Éirinn a bheith ag Cuideachta".

Nasc le Bileoga Faisnéise

Líon na Stiúrthóireachtaí Éireannacha

Cuirtear - ní féidir le duine bheith ina stiúrthóir ar bhreis is 25 chuideachta ag am áirithe. Ní áirítear cuideachtaí áirithe, áfach, ar na cuideachtaí a úsáidtear chun an méid stiúrthóireachtaí a ríomh. Ní áirítear na catagóirí cuideachta seo a leanas agus measúnú á dhéanamh ar an méid stiúrthóireachtaí:

  • (a) cuideachta phoiblí theoranta
  • (b) cuideachta a bhfuil deimhniú i bhfeidhm ina leith faoi alt 140 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Nuair a bhíonn duine ina stiúrthóir ar dhá chuideachta nó níos mó, agus ceann de na cuideachtaí seo ina cuideachta shealbhaíochta ar an gcuideachta/na cuideachtaí eile, breathnaítear orthu mar chuideachta amháin.

Ina theannta sin, nuair a bhíonn cuideachta i gceist a luaitear i gceann amháin nó níos mó de na catagóirí cuideachtaí a shonraítear sa tábla a ghabhann le halt 142 d’Acht na gCuideachtaí 2014, is féidir leis an stiúrthóir nó cuideachta Foirm B68 a chur faoi bhráid an chláraitheora

Stiúrthóir dícháilithe i láthair na huaire faoin dlí i stát eile

Má bhíonn an duine atá á cheapadh mar stiúrthóir cuideachta, dícháilithe i láthair na huaire faoin dlí i stát eile (cé acu de bhun ordaithe breithimh nó binse nó ordaithe eile) óna bheith ceaptha ina stiúrthóir nó rúnaí ar chomhlacht corparáideach nó gnóthas nó ó phost den sórt sin a thógáil, cuirtear de cheangal ar an duine sin de réir dlí a chinntiú go ngabhann Foirm B74 le Foirm A1.

Mura ndéantar Foirm B74 a sheachadadh in éineacht le Foirm A1 nó má sholáthraítear ábhar bréagach nó míthreorach sa bhfoirm, meastar, nuair a sheachadtar Foirm A1 don CRO, go mbeidh an duine áirithe faoi réir ordaithe dícháilithe fad is a leanann an t-ordú dícháilithe thar lear.

Nasc: Foirmeacha

Seoladh Conáithe a Choimeád siar

Faoi Alt 150(11) d'Acht na gCuideachtaí 2014, is féidir le stiúrthóirí cuideachta gan a seolta cónaithe a nochtadh ar fhoirm arna cur faoi bhráid an CRO