D’ainm Gnó a Chlárú ar Líne


Céim 1 - Riachtanais an chórais
Chun comhdú ar líne beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:

  • Cuntas r-phoist atá ag obair. 
  • Adobe Reader 9, nó leagain níos déanaí, ar do ríomhaire (saor in aisce ó www.adobe.com). 
  • Printéir chun leathanach na sínithe a phriontáil.

Má tá bogearraí frithvíreas ar do ríomhaire, cumasaigh Míreanna Anuas chun amharc ar leathanach na sínithe.

 Baile

Céim 2 - Clárú
Chun comhdú ar líne beidh ort: clárú le CORE sa chéad dul síos. Is próiseas simplí é seo.

  •  Logáil isteach ar www.core.ie
  • Ar thaobh na láimhe deise den leathanach, cliceáil ar CLÁRAIGH. Má tá tú cláraithe le comhdú ar líne cheana, féadann tú d’ainm úsáideora agus focal faire atá agat a úsáid.

Claraigh - CORE

Céim 3 - Comhlánú na foirme

  • Cliceáil ar “Comhad.Foirm” agus roghnaigh “Clárú Ainm Gnó Duine Aonair” ón spás oibre. Lean na treoracha, ag cinntiú go léann tú gach teachtaireacht a théann aníos go cúramach.
  • Tuilleadh sonraí le cuidiú leat. Nuair atá sí réidh, cliceáil Cuir Foirm Isteach. Osclóidh an cnaipe “Cabhair” leathanach treoracha.

CORE - ainm gnó   

Céim 4 - Iontráil sonraí faoin ainm gnó
Tabhair an t-ainm gnó faoina bhfuil sé ar intinn agat trádáil agus nádúr an ghnó. Ní mór cur síos iomlán a dhéanamh. Cliceáil Lorg chun NACE classification a fháil. Ní mór áit an ghnó bheith i bPoblacht na hÉireann. Iontráil an chéad dá líne den seoladh ar a laghad agus cliceáil Bailíochtaigh seoladh. Déanfar an seoladh a bhailíochtú in aghaidh geo-eolaire An Post.

Céim 5 - Iontráil sonraí faoin duine ar leis/léi an t-ainm gnó.

Iontráil sonraí faoi úinéir an ainm ghnó. If you are a non- EU national, you will need to enter your Garda National Immigration Bureau Number. Nuair a bheas tú réidh cliceáil Ar Aghaidh.

Céim 6 - Sonraí ar an Láithreoir
Chomhlánódh sonraí ar an Láithreoir roimh ré le sonraí a iontráladh ar chlárú le CORE. Is é seo an seoladh a seolfar Deimhniú an Ainm Ghnó chuige. Cliceáil Ar Aghaidh. Taispeántar Amharc Iomlán duit ar shonraí a d’iontráil tú le hathbhreithniú. Ón scáileán sin cliceáil ar Seiceáil Foirm le cinntiú gur iontráladh an fhaisnéis eile atá de dhíth. Má fágadh aon fhaisnéis amach, iarrtar ort faisnéis atá ar iarraidh a iontráladh.

Céim 7 - Déan an leathanach sínithe a phriontáil agus a shíniú

Nuair a dhéanfar an cnaipe Cuir Isteach a chliceáil ginfear leathanach sínithe, a bheas ort é a phriontáil agus a shíniú. Ba cheart an leathanach sínithe a sheoladh chuig an CRO le clárú in éineacht le doiciméadú riachtanach eile Tá táille chomhdaithe €20 le híoc (tá sé seo níos  saoire ná iarratas a chomhlánú ar pháipéar, ar a bhfuil táille chomhdaithe €40 mar tá próiseas clárúcháin níos faide ag baint leis).

Spás oibre - CORE

Do Spás Oibre
Tá an leathanach agus an doiciméad clárúcháin ar fáil i do spás oibre mar thagairt duit sa todhchaí. Is féidir cóip den leathanach sínithe a phriontáil anseo má bhí aon deacracht agat tríd an bpróiseas níos luaithe. Má sheoltar an doiciméad ar ais chugat do chúis ar bith, féadfaidh tú eagrú a dhéanamh air i do spás oibre trí chliceáil ar an Íocón Cuir in Eagar & Athchuir Isteach.

Beidh ort leathanach nua sínithe a ghiniúint má dhéanann tú athrú ar an bhfoirm. Ní mheasfar gur glacadh leis an doiciméad sa CRO go dlíthiúil go dtí go bhfuarthas an leathanach sínithe agus an táille.

Fadhbanna le CORE

Má bhíonn fadhbanna agat le húsáid CORE, tá cnaipí cabhair ar fáil ar gach leathanach. Is féidir leat amharc ar liosta na gCCanna a bhaineann le r-chomhdú. Féadann tú teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Ríomhchomhdaithe ag (01) 804 5355/5374 nó r-phost a sheoladh chuig Ríomhchomhdú. Má bhíonn fadhbanna agat le foirm B1 í féin a chomhlánú in áit CORE a úsáid, déan teagmháil - seol r-phost chuig Deasc Chabhrach na dTuairisceán Bliantúil.