Cuirtear de cheangal ar gach cuideachta a hainm a phéinteáil nó a ghreamú, agus é a choimeád mar seo, ar taobh amuigh na hoifige nó na háite ina mbíonn gnó ar siúl aici. Ní mór an t-ainm a thaispeáint in áit fheiceálach agus litreacha atá éasca a léamh a úsáid.
Ní mór ainm na cuideachta a thaispeáint i gcarachtair inléite ar na fógraí agus na doiciméid oifigiúla eile foilsithe ag an gcuideachta agus ar na billí malairte, nótaí gealltanais, formhuinithe, seiceanna agus orduithe go léir sínithe ag an gcuideachta nó thar a ceann agus ar na sonraisc, fáltais agus litreacha creidmheasa go léir de chuid na cuideachta.
Ní mór na sonraí seo a leanas a thaispeáint ar litreacha gnó na cuideachta:
Litreacha
Ní mór na sonraí breise seo a leanas a thaispeáint ar litreacha. Ní mór iad a thaispeáint freisin ar na foirmeacha ordaithe a bhíonn ag cuideachtaí teoranta ó thaobh fiachais de, cibé an mbíonn siad i bhfoirm pháipéir nó meán eile ar bith (ríomhphost nó faics):
Ní mór na sonraí seo a thaispeáint ar litreacha gnó agus foirmeacha ordaithe - ní gá iad a thaispeáint ar nótaí seachadta nó sonraisc.
Leathanach Greasáin
Ní mór do gach cuideachta teoranta ó thaobh fiachais de, ag a bhfuil láithreán gréasáin aici, na sonraí seo a leanas a thaispeáint go soiléir nó a aithint ar an leathanach baile:
Féach Bileog Faisnéise 7.
Leachtú/Glacadóireacht
Nuair a bhíonn cuideachta á fhoirceannadh, éilítear faoi alt 595 d’Acht na gCuideachtaí 2014 "go sonrófar ar gach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó eisithe ag an gcuideachta nó a eisítear thar a ceann ... go bhfuil an chuideachta á fhoirceannadh". Baineann alt 595 le cuideachtaí teoranta agus neamhtheoranta.
Nuair a bhíonn cuideachta curtha faoi ghlacadóireacht, éilítear faoi alt 429 d’Acht na gCuideachtaí 2014 "go sonrófar ar gach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó eisithe ag an gcuideachta nó a eisítear thar a ceann... gur ceapadh glacadóir". Baineann alt 429 le cuideachtaí teoranta agus neamhtheoranta.