Oifig chláraithe


Éilítear ar gach cuideachta de réir dlí, oifig chláraithe a bheith aici sa dlínse. Seoltar na doiciméid oifigiúla, fógraí agus páipéir chúirte ar fad chuig an seoladh seo de réir dlí.

Suíomh fisiceach

Ní mór suíomh fisiceach a bheith i gceist, agus ní uimhir bhosca oifig phoist amháin, toisc go bhfuil sé de cheart ag daoine cuairt a thabhairt ar oifig chláraithe na cuideachta le scrúdú a dhéanamh ar chláir agus doiciméid áirithe nó le doiciméid a sheachadadh de láimh.

Litir a bhfuil seoladh oifig chláraithe na cuideachta uirthi, ní mór í bheith inseolta ag An Post. Faoi alt 50(4) d'Acht na gCuideachtaí 2014, féadfar oifig chláraithe cuideachta a chur faoi chúram gníomhaire a bhfuil oifig aige nó aici sa Stát agus atá údaraithe chuige sin ag Cláraitheoir na gCuideachtaí

Alt 51 d’Acht 2014

Ní mór tabhairt faoi deara aon doiciméad a seoladh sa phost ná a fágadh ag áit a bhfuil taifead ag CRO mar shuíomh oifig chláraithe na cuideachta, meastar de réir dlí gur fágadh ag oifige chláraithe na cuideachta nó gur seoladh chuici in ainneoin gur féidir go bhfuil athrú tagtha ar shuíomh a hoifig cláraithe.

Seolta oifige a chur in iúl

Tá an oifig chláraithe bunaidh a iontráil ar an bhfoirm A1 a ionchorprú ar an gcuideachta. Ní mór do chuideachta athruithe seolta oifige a chur in iúl don CRO agus is féidir léi é seo a dhéanamh trí Fhoirm B2 chomhlánaithe a sheoladh isteach tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta athraithe. Is féidir an fhoirm a chomhdú saor in aisce tríd an leagan gréasáin a chomhlánú ar https://core.cro.ie