RFS - Acht um Shaoráil Faisnéise

Is comhlacht forordaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 í an Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS). Tá faisnéis faoin RFS agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise leagtha amach thíos faoi shé cheannteideal dhifriúla:

  • Faisnéis faoin gComhlacht atá faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise
  • Seirbhísí a sholáthraítear nó a sholáthrófar don Phobal
  • An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais
  • Faisnéis airgeadais
  • Soláthar
  • Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus faisnéis eile is gá a fhoilsiú mar chúrsa gnáthaimh

Faisnéis faoin gComhlacht atá faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise:  Cuireadh Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann ar bun i 1846. Feidhmíonn an Oifig faoi choimirce na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Féach an leathanach Gréasáin Feidhmeanna an RFS chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin obair a dhéanann an Oifig.  Is féidir cóipeanna de Thuarascáil Bhliantúil an RFS a rochtain ón Foilseacháin Chorparáideacha.

Tá foireann an RFS miondealaithe mar seo a leanas: 1 Phríomhoifigeach, 1 Ardoifigeach Feidhmiúcháin, 1 Oifigeach Feidhmiúcháin  agus 1 Oifigeach Cléreachais. 

Seirbhísí a sholáthraítear nó a sholáthrófar don Phobal:

Príomhfheidhmeanna na RFS atá:- Tá Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS) freagrach as clárú agus rialú ginearálta na gCumann Tionscail agus Coigiltis, na gCara-Chumann agus na gCeardchumann. Is féidir cuardach a dhéanamh ar líne anois maidir le cumann nó ceardchumann (tríd an ainm). Is féidir liosta doiciméad a fheiceáil a cumdaíodh i gcoinne an chumainn/an cheardchumainn. Má chliceálann tú ar chumann nó ar cheardchumann faoi leith, feicfidh tú an uimhir, seoladh, cineál eintitis (cara-chumann, cumann tionscail & coigiltis nó ceardchumann), an dáta clárúcháin, an dáta deireanach a cuireadh tuairsiceán bliantúil isteach. Is Cláraitheoir na gCara-Chumann é Cláraitheoir na gCuideachtaí freisin.

An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais: Coinníonn an RFS cláir ar bun faoi na hAchtanna atá tuairiscithe thuas agus ní imríonn sí aon ról i gcinntí beartais.

Soláthar: Ar bhonn ráithiúil, foilsítear ar an leathanach Gréasáin Íocaíochtaí os cionn €20,000 sonraí faoi íocaíochtaí nó faoi orduithe ceannaigh os cionn €20,000 i leith earraí agus seirbhísí.  Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Soláthar atá sonraí faoi aon chomórtais reatha tairisceana ar an suíomh Gréasáin eTenders agus faoi aon chonarthaí poiblí arna ndámhachtain.

Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis eile is gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh: Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Loga Nochta Saoráil Faisnéise atá sonraí faoi iarrataí Saoráil Faisnéise arna gcur faoi bhráid an RFS maidir le faisnéis neamhphearsanta.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear an téacs de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.foi.gov.ie/ atá á reáchtáil ag an Rialtas.

Acht 2014

Faoin Acht um SF, tá gach duine i dteideal iarratas a chur isteach ar theacht ar eolas nach mbeadh ar fáil go poiblí ar bhealach eile. Tá sé de cheart ag gach duine:

  • teacht ar thaifid atá á gcoinneáil ag an RFS;
  • go gceartófaí eolas pearsanta a bhaineann leis/léi atá á choinneáil ag an RFS, sa chás go bhfuil an t-eolas sin míchruinn nó míthreorach;
  • teacht ar chúiseanna le cinntí a bhí déanta ag an RFS a raibh tionchar díreach acu air/uirthi.

Tá na taifid seo a leanas faoi scáth an Achta um SF:

  • gach taifead atá ag an RFS a bhaineann le heolas pearsanta, beag beann ar an uair a cruthaíodh é;
  • gach taifead eile a cruthaíodh ón dáta tosaithe .i. 21 Aibreán 1998;
  • aon taifid eile atá riachtanach chun tuiscint a fháil ar thaifead láithreach.

Is gnách go mbeidh sé de dhualgas ar an RFS freagra a thabhairt ar an iarratas taobh istigh de cheithre seachtaine.
Ba chóir iarratais faoin Acht um SF a sheoladh chuig:
Mark Donoghue
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise 
Cláraitheoir na gCara-Chumann
Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
Guthán: 01 804 5251
Ríomhphost: mark.donoghue@dbei.gov.ie

CUR LE CHÉILE D’IARRATAIS
Is gá d’iarratais ar eolas a bheith i scríbhinn agus na sonraí seo a leanas a lua:

  • d’ainm iomlán agus do sheoladh;
  • go bhfuil sé á dhéanamh faoin Acht um SF;
  • uimhir ghutháin lae, más féidir dul i dteagmháil leat go héeasca más gá sonraí d'iarrtais a dheinmhniú;
  • sonraí an eilais atá á lorg agus is gá dóibh a bheith chomh cuimsitheach agus chomh sonrach agus is féidir (má tá deacracht agat le haithint na dtaifead ar leith atá de dhith ort, beimid sásta cabhrúleat d'iarratas a ullmhú);
  • an fhormáid ar leith ina bhfuil an t-eolas á lorg m.sh fótashóip, diosca srl más gá

Cinnteoireacht SF san RFS 
Déantar cinntí ar iarratais ar leibhéal nach ísle ná Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin. Bíonn cinntí inmheánacha achomhairc á ndéanamh ag oifigigh de ghrád níos airde agus ní bheidh siad déanta ag an oifigeach uachtarach atá díreach os cionn an chinnteora SF de ghnáth.

CEARTA ATHBHREITHNITHE AGUS ACHOMHAIRC
Leagann an tAcht um SF amach sraith díolúintí chun eolas íogair a chosaint sa chás go bhféadfadh a nochtadh díobháil a dhéanamh do phríomhleasanna den Stát nó do thríú páirtithe. Má bhaineann an t-oifigeach SF san RFS úsáid as na forálacha seo chun eolas a choinneáil siar, is féidir an cinneadh a achomharc. Is féidir achomharc a dhéanamh chomh maith in aghaidh cinntí maidir le hiarchur teachta, muirir, foirmeacha teachta, srl. Seo a leanas sonraí na meicníochtaí achomhairc:

ATHBHREITHNIÚ INMHEÁNACH
Is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh bunaidh, rud a bheidh déanta ag oifigeach ar leibhéal níos airde sa chás:

  • go bhfuil tú míshásta leis an bhfreagra bunaidh a fuair tú .i. diúltú eolais, foirm teachta, muirir, srl nó
  • nach bhfuair tú freagra taobh istigh de cheithre seachtaine ó rinne tú d’iarratas bunaidh. Féachtar air seo mar dhiúltú d’iarratais agus ceadaíonn sé seo duit leanúint ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach.

Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh i scríbhinn chuig:

An Cláraitheoir 
Cláraitheoir na gCara-Chumann
Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
Guthán: 01 804 5200
Ríomhphost: Maureen.osullivan@dbei.gov.ie

Is gá a leithéid d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh isteach taobh istigh de cheithre seachtaine ó rinneadh an cinneadh bunaidh. Is gá don RFS an t-athbhreithniú a chríochnú taobh istigh de thrí seachtaine. Is gá d’athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe de ghnáth sular féidir achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

ATHBHREITHNIÚ AG AN GCOIMISINÉIR FAISNÉISE
Nuair a bheidh an t-athbhreithniú inmheánach críochnaithe, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg ón gCoimisinéir Faisnéise. Anuas air sin, más rud é nach bhfuair tú freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach taobh istigh de thrí seachtaine, féachtar air seo mar dhiúltú agus is féidir leat an cás seo a achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh
seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
6 Ardán Phort ar Iarla,
Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Guthán: 01-6395689                  Ríomhphost: info@oic.ie                   Suíomh Gréasáin: www.oic.ie

Is féidir táillí ar eolas a bhaineann leis an Acht um SF a ghearradh mar seo a leanas: 

  • Maidir le taifid phearsanta, beidh táillí costas cóipeála na dtaifead iarrtha i gceist.
  • Maidir le heolas eile (neamhphearsanta), d’fhéadfaí táillí a ghearradh ar an am a chaitear ar aimsiú éifeachtúil agus ar chóipeáil taifead, faoi réir ráta chaighdeánach uaire a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais. Ní féidir muirir a ghearradh ar am a chaitheann comhlachtaí poiblí ar mheasúnú
    iarratas.

D’fhéadfadh éarlais a bheith iníoctha sa chás gur dóchúil go mbeidh an táille iomlán os cionn €100. Sna cásanna seo, cabhróimid leis an duine an t-iarratas a leasú chun méid na héarlaise a laghdú nó a dhíchur, má iarrtar a leithéid.

Is féidir muirir a tharscaoileadh sna cásanna seo a leanas:

  • sa chás go mbeadh costas bailithe agus cuntais na táille níos mó ná méid na táille;
  • sa chás go gcuirfeadh an t-eolas go mór le tuiscint ar cheist a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, nó
  • i gcás eolais phearsanta, nach mbeadh a leithéid de mhuirir réasúnta i bhfianaise acmhainn an iarrthóra.

Faisnéis faoin gComhlacht Saorála Faisnéise

  • Bunaíodh Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann in 1846. Feidhmíonn Cláraitheoir na gCara-Chumann faoi choimirce na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Tá Cláraitheoir na gCara-Chumann freagrach as measúnú agus clárú iarratas agus leasú ar bith ina dhiaidh sin ar rialacha dá bhfuil sé de dhualgas ar chumainn iad a chur ar fáil don Chláraitheoir, agus as a chinntiú go gcomhlíonann na cumainn chláraithe a n-oibleagáidí reachtúla maidir le tuairisceáin a chomhdú, a chuirtear ar fáil iad don phobal lena n-iniúchadh a luaithe is a bheidh siad cláraithe.
  • Is féidir cóipeanna de Thuarascáil Bhliantúil RFS a rochtain ón leathanach Gréasáin Foilseacháin Chorparáideacha.
  • Tá foireann RFS comhdhéanta de na baill foirne seo a leanas: 1 Phríomhoifigeach, 1 Phríomhoifigeach Chúnta, 1 Ardoifigeach Feidhmiúcháin, 1 Oifigeach Feidhmiúcháin agus 1 Oifigeach Cléireachais.
  • Chun amharc ar fhaisnéis teileafóin/seoltaí ríomhphoist maidir le RFS, úsáid an leathanach Gréasáin Déan Teagmháil Linn.
  • Cairt Chustaiméirí RFS ar fáil freisin.

Seirbhísí a Sholáthraítear nó a Sholáthrófar don Phobal

  • Coimeádann RFS cláir faoi oibriú Industrial and Provident Societies Act 1893-2018, Friendly Societies Act 1896-2018 and Trade Union Acts 1871-1990. Tugtar naisc chuig suíomh Gréasáin an Leabhair Reachtanna ar na leathanaigh Ghréasáin reachtaíochta.
  • Anuas ar fhaisnéis a chur ar fail ar leathanaigh, is ann d’fhaisnéis faoi Chlár na gCara-Chumann (Cumainn Tionscail agus Choigiltis/Ceardchumainn/Cara-Chumainn).
  • Foilsítear sa Lámhleabhar Saoráil Faisnéise freisin faisnéis a bhaineann leis na seirbhísí a gcuireann RFS iad ar fáil.
  • Is féidir faisnéis faoi tháillí a rochtain i dtaca le Clár na gCara-Chumann.

An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais

  • Coimeádann RFS cláir faoi na hAchtanna a luaitear thuas. Níl baint aici le cinntí beartais. Níl aon chumhachtaí imscrúdaitheacha aici ach oiread.

Faisnéis Airgeadais

  • Gach ráithe, foilsítear ar an leathanach Gréasáin Íocaíochtaí thar €20,000 sonraí faoi íocaíochtaí nó orduithe ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ar mó a luach ná €20,000.

Soláthar

  • Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Soláthar atá sonraí maidir le comórtais reatha tairisceana ar shuíomh Gréasáin etenders agus aon chonarthaí poiblí a dheonaítear.

An Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis Eile is Gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh.

  • Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Loga Nochta Saoráil Faisnéise atá sonraí faoi iarrataí saorála faisnéise a rinneadh chuig RFS i dtaca le hiarrataí neamhphearsanta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs na nAchtanna, téigh chuig an suíomh Gréasáin rialtais www.foi.gov.ie/