Ceardchumann

Cláraítear ceardchumainn faoi na hAchtanna Ceardchumann 1871-1990. Tá ceardchumainn bunaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na n-oibrithe i gcaidreamh le fostóirí nó gníomhú mar chomhlacht ionadaíochta do ghrúpálacha a bhfuil suim ar leith acu.

Chun ceardchumann a chlárú, ní mór don ghrúpáil a bhaineann leis, nach mór seachtar ar a laghad a bheith ann, sraith rialacha a leagadh amach a rialaínn oibríocht an chumainn. Ní mór na nithe a éilítear mar a fhorálann an Chéad Sceideal den Acht Ceardchumann, 1871 a bheith ann sna rialacha. Cuirfear na rialacha, in éineacht leis an bhfoirm iarratais agus táille atá leagtha síos, faoi bhráid an Chláraitheora agus más meastar go bhfuil na rialacha de réir reachtaíochta, clárófar an cumann.

Ní rathaíonn clárú mar cheardchumann go bhfaighidh an cumann ceadúnas idirbheartaíochta; is ceist é seo don Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, rud nach bhfuil feidhm ag Cláraitheoir na gCeardchumann ann.

Ceanglais Iarchláraithe

Tuairisceán Bliantúil
I ndiaidh clárú dó, ní mór don cheardchumann iniúchadh a dhéanamh ar a chuntas gach bliain ag "duine oiriúnach cuí nó daoine oiriúnacha cuí" a cheapann na hiontaobhaithe (alt 11 den Acht Ceardchumann 1871). Cé nach n-éilítear ar cheardchumann ó thaobh dlí iniúchadh a dhéanamh ag iniúchóir cláraithe, molann an Cláraitheoir go hard do chumann amhlaidh a dhéanamh. Ní mór don cheardchumann tuairisceán bliantúil a dhéanamh, déanta suas go 31 Nollaig, don Chláraitheoir faoi 1 Bealtaine dár gcionn agus ní mór cuntais iniúchta a chur leis.

Agus tú ag cur doiciméad isteach sa RFS cinntigh nach gcuirtear ach leathanaigh neamhcheangailte isteach le do thoil. Cinnteoidh sé seo go gcaithfear an t-am is lú agus is féidir chun ábhar a ullmhú agus a scanadh, rud atá i leasanna na RFS agus ár gcuid custaiméirí. Coinneofar leathanaigh an doiciméid le chéile le fáiscín nó stápla ar chúinne ar bharr ar chlé agus nach ndéanfar iad a fhuáil le chéile ná ceangal ar shlí eile nó téip ghreamaitheach a chur orthu.

Leasuithe ar Rialacha Cláraithe
Má dhéanann ceardchumann leasú ar cheann ar bith dá rialacha, ní mór dó iarratas a chur isteach don Chláraitheoir lena leasú a chlárú. Déanfaidh an Cláraitheoir an leasú a chlárú nuair a bheas sé sásta go bhfuil sé de réir reachtaíochta. Tá foirmeacha iarratais chun leasú ar riail a chlárú ar fáil ón gClárlann.

Leasú páirteach Foirm C: Aon iarratas ar leasú páirteach ar rialacha a chlárú, ní mór do sheachtar ball den cheardchumann é a dhéanamh agus ní mór é a chur isteach in éineacht leis na doiciméid seo a leanas:
(a) Dhá chóip de na rialacha nua de réir mar a athraíodh iad de bhun na leasuithe atá beartaithe. Beidh O marcáilte ar an dá chóip agus beidh siad sínithe ag gach duine de na hiarratasóirí; in éineacht le dearbhú ag gabháil leis an athrú rialacha (foirm D)

Leasú iomlán Foirm F: Aon iarratas ar leasú iomlán ar rialacha a chlárú, déanfaidh seachtar ball den cheardchumann é agus beidh dhá chóip chlóite de na rialacha nua in éineacht leis. Beidh P marcáilte ar an dá chóip agus beidh siad sínithe ag gach duine de na hiarratasóirí. Sula gcláróidh sé an tsraith nua rialacha, gheobhaidh an Cláraitheoir amach go bhforáiltear léi do gach ní a bhfuil le foráil dóibh le rialacha ceardchumainn chláraithe, de réir na nAchtanna Ceardchumainn, 1871 go 1990. in éineacht le dearbhú ag gabháil leis an athrú rialacha (foirm D)  

Athrú ar Oifig Chláraithe
Má athraíonn ceardchumann an oifig chláraithe aige ní mór dó é a fhógairt don Chláraitheoir (Foirm M) Táille 15.

Cónascadh, Aistriú Gealltanas agus Athrú ar Ainm
Is féidir le ceardchumann cónascadh le ceardchumann eile nó a chuid gealltanas a aistriú go ceardchumann eile de réir forálacha den Achta Ceardchumann 1975. Tá tuilleadh faisnéise ar na ceanglais ar fáil ón gClárlann. Is féidir le ceardchumann a ainm a athrú de réir alt 12 den Acht Ceardchumann 1975. Tá tuilleadh faisnéise ar an nós imeachta ar fáil ón gClárlann.