Deimhnithe an CRO

Sa chás go ndéantar cuideachta a chorprú nó ainm gnó a chlárú, eisítear deimhniú don tabharthóir.

Gnéithe Slándála

Is iad gnéithe an pháipéir slándála ná go bhfuil sé clóite ar pháipéar bán cuilte CSBI a bhfuil comhartha uisce air. Tá snáithe miotalach agus flioscaí ultraivialaite a éiríonn fluaraiseach mar dhá dhath faoi sholas ultraivialait ann. Tá dathanna tuar ceatha ar imeall an pháipéir chomh maith, in éineacht le híomhá de dhearadh solais i lár an doiciméid.

In Iúil 2010, cuireadh gné slándála eile leis, trína mbíonn deimhnithe Corpraithe agus Ainm Gnó sínithe go leictreonach agus níl a síniú leictreonach gafa mar shonraí ar an gcóras RSS chun na gcríoch seo ach ag oifigigh áirithe údaraithe de chuid an CRO.

Deimhnithe Dúblacha

Is féidir leat Deimhniú Dúblach a fháil le haghaidh úsáid na hearnála poiblí amháin - gheobhaidh tú saor in aisce é ach seoladh ríomhphoist agus uimhir na cuideachta/an ainm ghnó a chur isteach. Naisc: Deimhniú DúblachLinks to external website. Seoltar an deimhniú i bhfoirm PDF trí ríomhphost. Is féidir leat Deimhniú Dúblach a fháil chomh maith le síniú bunaidh.