CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.
Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.
Irisí CRO de réir blianta
Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004 .
IRIS CRO 2004
Tuarascáil Bliantúil 2016 Tá Tuarascáil Oifig um Chlarú na Cuideachtaí 2016 le fáil ón leathanach Foilseacháin Chorparáideacha https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in-Chorpar%C3%A1ideacha Tá Tuarascáil Chláraitheoir na gCara-Chumann 2016 le fáil freisin ACHT NUA 2017 Tá Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 nua le fáil ón http://www.irishstatutebook.ie/eli/2017/act/9/enacted/en/html Is le halt 15 a leasaítear Cuid 6 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Cuirtear Caibidil nua 1A (ailt 280A – 280H) isteach leis an alt, ar caibidil í lena bhforáiltear do na critéir trína gcáileoidh cuideachtaí mar “cuideachtaí beaga”, “cuideachtaí meánmhéide” nó “cuideachtaí móra”. Tugtar catagóir nua cuideachta isteach leis freisin, is é sin, “micreachuideachta”. AN TRÉIMHSE UM BAINT DEN LIOSTA LE LAGHDÚ
Táthar leis an tréimhse idir tuairisceán bliantúil a cailleadh agus tosú imeachtaí bainte den liosta i gcoinne cuideachtaí as dáta le laghdú. Déanfar an tréimhse reatha os cionn 300 lá a laghdú go 200 lá thar trí mhí. Ní féidir Athbhunú Mear a fháil a thuilleadh. Ní féidir cuideachtaí a athbhunú san oifig phoiblí ar dháta faoi leith. Ní mór iarratas ar athbhunú a dhéanamh ar fhoirm H1 agus ní mór gach tuairisceán bliantúil amuigh a chur isteach ar líne. Mar an gcéanna ní mór athruithe ar bith ar fhaisnéis stiúrthóra/rúnaí nó ar oifig chláraithe na cuideachta a dhéanamh ar fhoirm ar líne B10 nó B2. TÁ RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH 2017 AR AGHAIDH I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tá an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017. Tá feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh: Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht) Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú Nasc: https://www.cro.ie/Athruithe-2017/2017/Comhd%C3%BA-%C3%A1r-l%C3%ADne-Meitheamh https://www.cro.ie/Athruithe-2017/CC-mar-r%c3%adomhchomhd%c3%ba https://www.cro.ie/Athruithe-2017/CCanna-Gn%c3%adomhaire-R%c3%adomhchomhdaithe
Úinéireacht Thairbhiúil Is féidir aon cheisteanna i ndáil leis an ionstraim reachtúil a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: aml@finance.gov.ie https://www.cro.ie/Comhsh%C3%B3/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-Thairbhi%C3%BAil