Iris CRO 2004

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004 .

IRIS CRO 2004

Tuairisceáin bhliantúla

 
Cuideachtaí a bhfuil dáta tuairisceáin bhliantúil acu ar an 30 Meán Fómhair agus spriocdháta comhdaithe ar an 28 Deireadh Fómhair, iarrtar orthu an tuairisceán bliantúil a chomhdú in am, agus é a chomhdú ar líne mar an chéad rogha.

1ú Meitheamh 2017: Tá feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh: Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht), Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe, Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí, Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú.

Má chuireann tú d'fhoirm B1 isteach ar líne beidh 28 lá eile agat ón dáta ar ar cuireadh isteach é chun do leathanach sínithe agus do chuid ráiteas airgeadais a sheachadadh ar an CRO. Gearrtar táille comhdaithe €20 ar r-B1. Má dhéantar comhdú déanach ar thuairisceán bliantúil, cuirfear pionóis um chomhdú déanach ort agus, i gcás inarb infheidhme, caillfidh an chuideachta an teidlíocht maidir le díolúine ó iniúchadh
a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.

Má bhíonn deacrachtaí agat maidir le d'fhoirm a chomhdú ar líne, tá cabhair maidir le hábhar na foirme ar fáil ó:

Íosghlao 1890-252536* / 059-9178981 / 01-8045394 nó eb1@djei.ie  

Tá cabhair maidir le gnóthaí teicniúla nó gnóthaí TF ar fáil ó: 01 8045355 nó electronic.filing@djei.ie  

* Tabhair faoi deara go bhféadfadh soláthraithe seirbhíse éagsúla rátaí éagsúla a ghearradh ar uimhreacha 1890 (Íosghlao).

Please login or register to post comments.