Iris CRO 2004

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004 .

IRIS CRO 2004

R-Chomhdú

Saoráid comhdaithe ar líne de chuid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí is ea CORE (Timpeallacht Cláraithe Ar Líne na gCuideachtaí). Tá sí bunaithe le ligean duit, mar chustaiméir de chuid CRO, amharc, i dtimpeallacht phríobháideach shlán, ar an bhfaisnéis is déanaí faoi chuideachtaí a ndéanann tú comhdú dóibh.

Cuireann CORE ar do chumas:-

Doiciméid a chomhdú ar líne (is féidir cuid doiciméad a chomhdú saor in aisce)

  • Stádas do chuideachtaí a sheiceáil i liostaí ar féidir iad a shórtáil in oird éagsúla

  • Fógraí a fháil maidir le comhdú i leith cuideachtaí i do phunann agus le hathruithe ar stádas na ndoiciméad sin.

  • Súil a choimeád ar do chuideachtaí

  • Faigh iarmhéid do Chuntais, idirbhearta agus ráitis CRO

Is féidir líon foirmeacha CRO a ríomhchomhdú, dóigh shlán simplí chun doiciméid a chomhdú. Má tá cabhair de dhíth ort féadann tú r-phost a sheoladh chuig an Rannóg Ríomhchomdaithe.

Féach físeán thíos chun cabhair a fháil le do thoil ar ríomhchomhdú  tuairisceán bliantúil (Foirm B1) - https://www.youtube.com/c/croirl

---------------------------------------------------------------------------------

CCanna CORE: Cliceáil anseo le haghaidh Ceisteanna Coitianta R-Chomhdaithe. Is féidir doiciméad a chomhdú leis an CRO trí láithreán gréasáin CORE a úsáid agus ainm cuideachta a cur in áirithe. Má tá tú ag obair trí dhuine de na díoltóirí bogearraí rúnaíochta a bhfuil caidreamh acu le CRO, féadann tú foirmeacha a chomhdú go leictreonach, agus síniú trí húsáid a bhaint as Xóras PIN agus ID arna eisiúint ag CRO agus leis na Téarmaí & Coinníollacha le ríomhchomhdú. Tá faisnéis ann freisin faoi cheapadh Gníomhaire Ríomhchomhdaithe.

Ríomhchomhdú go héigeantach: Is iad Ionstraim Reachtúil Uimh. 458 de 2016 agus alt 897 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, an Bunús Dlí d’fhoirmeacha B1, B73, B2 agus B10 a ríomhchomhdú go héigeantach – féach I.R. Uimh. 456 de 2016 ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann agus Acht na gCuideachtaí, 2014, ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.

Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an chéad lá oibre eile ina dhiaidh. 

Má bhíonn deacrachtaí agat maidir le d'fhoirm a chomhdú ar líne, tá cabhair maidir le hábhar na foirme ar fáil ó: 
Íosghlao 1890-252536*/059-9178981/ 01-8045394 nó eb1@dbei.gov.ie  

Tá cabhair maidir le gnóthaí teicniúla nó gnóthaí TF ar fáil ó: 01 8045377 / 01 8045355 nó electronic.filing@dbei.gov.ie  

* Tabhair faoi deara go bhféadfadh soláthraithe seirbhíse éagsúla rátaí éagsúla a ghearradh ar uimhreacha 1890 (Íosghlao).

Please login or register to post comments.