Iris CRO 2012

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004 .

IRIS CRO 2012

Tuarascáil Bliantúil 2016

Tá Tuarascáil Oifig um Chlarú na Cuideachtaí 2016 le fáil ón leathanach Foilseacháin Chorparáideacha
https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in-Chorpar%C3%A1ideacha  

Tá Tuarascáil Chláraitheoir na gCara-Chumann 2016 le fáil freisin 
 

ACHT NUA 2017 

Tá Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 nua le fáil ón http://www.irishstatutebook.ie/eli/2017/act/9/enacted/en/html

Is le halt 15 a leasaítear Cuid 6 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Cuirtear Caibidil nua 1A (ailt 280A – 280H) isteach leis an alt, ar caibidil í lena bhforáiltear do na critéir trína gcáileoidh cuideachtaí mar “cuideachtaí beaga”, “cuideachtaí meánmhéide” nó “cuideachtaí móra”. Tugtar catagóir nua cuideachta isteach leis freisin, is é sin, “micreachuideachta”. 
 
 

AN TRÉIMHSE UM BAINT DEN LIOSTA LE LAGHDÚ

Táthar leis an tréimhse idir tuairisceán bliantúil a cailleadh agus tosú imeachtaí bainte den liosta i gcoinne cuideachtaí as dáta le laghdú. Déanfar an tréimhse reatha os cionn 300 lá a laghdú go 200 lá thar trí mhí. Ní féidir Athbhunú Mear a fháil a thuilleadh. Ní féidir cuideachtaí a athbhunú san oifig phoiblí ar dháta faoi leith.

Ní mór iarratas ar athbhunú a dhéanamh ar fhoirm H1 agus ní mór gach tuairisceán bliantúil amuigh a chur isteach ar líne. Mar an gcéanna ní mór athruithe ar bith ar fhaisnéis stiúrthóra/rúnaí nó ar oifig chláraithe na cuideachta a dhéanamh ar fhoirm ar líne B10 nó B2. 
 
 
 
TÁ RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH 2017 AR AGHAIDH 

I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tá an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017. Tá feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:

Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht)
Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe
Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí
Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú

Nasc:
https://www.cro.ie/Athruithe-2017/2017/Comhd%C3%BA-%C3%A1r-l%C3%ADne-Meitheamh  
https://www.cro.ie/Athruithe-2017/CC-mar-r%c3%adomhchomhd%c3%ba  
https://www.cro.ie/Athruithe-2017/CCanna-Gn%c3%adomhaire-R%c3%adomhchomhdaithe  
 

Úinéireacht Thairbhiúil

Is féidir aon cheisteanna i ndáil leis an ionstraim reachtúil a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: aml@finance.gov.ie  
https://www.cro.ie/Comhsh%C3%B3/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-Thairbhi%C3%BAil  

Please login or register to post comments.