CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.
Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.
Irisí CRO de réir blianta
Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004 .
IRIS CRO 2012
Cuideachtaí a bhfuil dáta tuairisceáin bhliantúil acu ar an 30 Meán Fómhair agus spriocdháta comhdaithe ar an 28 Deireadh Fómhair, iarrtar orthu an tuairisceán bliantúil a chomhdú in am, agus é a chomhdú ar líne mar an chéad rogha. 1ú Meitheamh 2017: Tá feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh: Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht), Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe, Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí, Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú.
Má chuireann tú d'fhoirm B1 isteach ar líne beidh 28 lá eile agat ón dáta ar ar cuireadh isteach é chun do leathanach sínithe agus do chuid ráiteas airgeadais a sheachadadh ar an CRO. Gearrtar táille comhdaithe €20 ar r-B1. Má dhéantar comhdú déanach ar thuairisceán bliantúil, cuirfear pionóis um chomhdú déanach ort agus, i gcás inarb infheidhme, caillfidh an chuideachta an teidlíocht maidir le díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin. Má bhíonn deacrachtaí agat maidir le d'fhoirm a chomhdú ar líne, tá cabhair maidir le hábhar na foirme ar fáil ó: Íosghlao 1890-252536* / 059-9178981 / 01-8045394 nó eb1@djei.ie Tá cabhair maidir le gnóthaí teicniúla nó gnóthaí TF ar fáil ó: 01 8045355 nó electronic.filing@djei.ie * Tabhair faoi deara go bhféadfadh soláthraithe seirbhíse éagsúla rátaí éagsúla a ghearradh ar uimhreacha 1890 (Íosghlao).