Nuachtlitir 2018


Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

Nuachtlitir 184 - 1 Deireadh Fómhair 2018

DÍOLÚINE Ó INIÚCHADH

De bharr athruithe a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla), 2018, cailltear an díolúine ó iniúchadh anois don chéad dá bhliain eile i gcás go gcomhdaítear tuairisceán bliantúil go déanach, agus ní sa bhliain reatha. Aon tuairisceán bliantúil atá á chur isteach go déanach, ní chaillfidh sé aon díolúine fhéideartha ó iniúchadh don bhliain sin ach ní bheidh sé incháilithe don díolúine ó iniúchadh don dá bhliain ina dhiaidh sin. (Alt 363 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, arna leasú le halt 10 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla), 2018).

Tosaíodh alt 10 d’Acht 2018 an 21 Meán Fómhair 2018 agus tá feidhm láithreach aige. 
  

ORDUITHE FOIRMEACHA NUA 

Rinneadh athruithe ar na forálacha foirmeacha le haghaidh gach réimse de Chlár na gCara-Chumann. Rinneadh athruithe ar na foirmeacha le haghaidh Cumainn Tionscail agus Choigiltis agus ar na foirmeacha le haghaidh Cara-Chumann agus Ceardchumann.

Féach an suíomh Gréasáin chun tuilleadh faisnéise a fháil. Sna míonna atá le teacht, tabharfar isteach an rogha chun doiciméid áirithe de chuid Chlár na gCara-Chumann a chomhdú ar líne agus eiseofar ríomhirisí breise ina leith sin.

Aon iarratas ar leasú páirteach/ iomlán ar rialacha a chlárú, ní mór do rúnaí an chumainn é a dhéanamh agus ní mór é a sheoladh chuig an gCláraitheoir, in éineacht leis na nithe seo a leanas:

(a) dearbhú reachtúil i bhFoirm C; agus
(b) dhá chóip de na rialacha nua de réir mar a athraíodh iad de bhun na leasuithe atá beartaithe. Ní mór an chóip de na rialacha nua a bheith sínithe ag triúr ball agus ag an rúnaí.

Athrú ar Lua - Ceanglas maidir le hIniúchóir Reachtúil
De bhun athruithe a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla) 2018, léitear an lua d’Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair mar Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 2018, anois agus léitear an lua d’Achtanna na gCara-Chumann mar Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 2018, anois.

Tá na hathruithe a bhaineann leis na hAchtanna sin leagtha amach i gCuid 3 d’Acht 2018. Cuireadh an téarma “iniúchóirí reachtúla” in áit aon tagairtí don téarma “iniúchóirí poiblí”. Tá alt 1441 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, aisghairthe anois.  

 

H15 - FÓGRA FOIRMIÚIL IARRATAIS

Bíodh a fhios agat:

  • NÍ leor foirm G1-H15 a chur faoi bhráid chun tús a chur leis an bpróiseas chun cuideachta a bhaint den liosta oifigiúil ná ní chuireann sé an chuideachta ar liostú de chuideachtaí atá lena mbaint de go deonach.
  • Tar éis don rún a bheith rite atá luaite ar fhoirm G1-H15, tá céimeanna eile le cur i gcrích sula féidir cuideachta a bhaint den chlár.
  • Ní mór Foirm H15 (an fógra foirmiúil iarratais) a chur faoi bhráid mar aon le doiciméid riachtanacha ar bith eile (cóip den bhfógra, ráiteas na gCoimisinéirí Ioncaim).
  • Feic suíomh idirlín na hOifige um Chlárú Cuideachtaí chun tuilleadh eolais a fháil.

Cuirtear Foirm G1-H15 faoi bhráid chun riachtanais Chuid 12 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh.
Ceanglaítear ar chuideachta rún a rith sa chás —
(i) go bhfuil beartaithe aici iarratas a chur chuig an gCláraitheoir le bheith bainte den chlár ar an bhforas nach ndearna sí gnó riamh nó go bhfuil sí éirithe as gnó a dhéanamh; agus
(ii) go bhfuil beartaithe aici nach ndéanfaidh sí aon ghnó agus nach bhfabhróidh sí aon dliteanais agus í ag fanacht le cinneadh faoina hiarratas chun bheith bainte den liosta (nó ag fanacht le cealú an phróisis, ar a hiarratas féin, má tharlaíonn a leithéid níos túisce ná sin).

 
CUIDEACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA 

Foirm FS1
Ceanglaítear ar chuideachtaí infheistíochta agus UCITeanna ráitis airgeadais a chur faoi bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí mar gheall ar gur tugadh isteach athruithe atá leagtha amach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017.

Éilítear go ndéanfar na ráitis airgeadais a chomhdú laistigh de 11 mí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo le haon airgead bliain a thosaigh an 1 Eanáir 2017 nó dá éis.

Baineann táille comhdaithe de €15 le Foirm FS1. Tá an fhoirm le fáil ón suíomh idirlín ag an leathanach idirlín seo a leanas.

ÍOCAÍOCHTAÍ LE RIALTAIS  

Foirm PR1
De réir athruithe a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017, éilítear go gcuirfeadh cuideachtaí áirithe Tuairiscí maidir le hÍocaíochtaí le Rialtais faoi bhráid faoi Chuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Éilítear go ndéanfar na tuairiscí a chomhdú laistigh de 11 mí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo le haon airgead bliain a thosaigh an 1 Eanáir 2017 nó dá éis.

Baineann táille comhdaithe de €15 le Foirm PR1. Tá an fhoirm le fáil ón suíomh idirlín ag an leathanach idirlín seo a leanas. Feic leathnach seo le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil.

Please login or register to post comments.

Theme picker