Nuachtlitir CRO 185
Cuideachtaí nua - Spriocdháta na Nollag 2018
Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag.
Gnáthschéim |
3ú Nollaig 2018 |
Scéim fé phráin |
7ú Nollaig 2018 |
Scéim a1 ár líne |
14ú Nollaig 2018
|
Athrú ar ainm |
7ú Nollaig 2018 |
Athchláraithe |
7ú Nollaig 2018 |
Áirithinte ar ainm cuideachta |
19ú Nollaig 2018 |
TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA – BUAICPHOINTE
Má chuireann tú d'fhoirm B1 isteach ar líne beidh 28 lá eile agat ón dáta ar ar cuireadh isteach é chun do leathanach sínithe agus do chuid ráiteas airgeadais a sheachadadh ar an CRO. Gearrtar táille comhdaithe €20 ar r-B1.
Má dhéantar comhdú déanach ar thuairisceán bliantúil, cuirfear pionóis um chomhdú déanach ort agus, i gcás inarb infheidhme, caillfidh an chuideachta an teidlíocht maidir le díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.
A luaithe atá foirm B1 (foirm Tuairisceáin Bhliantúil) comhdaithe ar CORE laistigh de 28 lá ó dháta a tuairisceáin bhliantúil, ní mór na Ráitis Airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF tráth nach déanaí ná an dara tréimhse 28 lá agus sula seachadtar an leathanach sínithe chuig CRO. Ní mór íocaíocht as an tuairisceán bliantúil a dhéanamh ar líne.
Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an chéad lá oibre eile ina dhiaidh.
CUIRTEAR NA DOICIMÉID AR AIS CHUIG LÁITHREOIRÍ - AR MHODH LEICTREONACH AMHÁIN
Ba mhaith leis an CRO/Cláraitheoir a chur ar aird láithreoirí ó tugadh isteach an ríomhchomhdú éigeantach an 1 Meitheamh 2017 nach gcuirfear na tuairisceáin bhliantúla agus foirmeacha eile a chomhdaítear go leictreonach ar ais chuig an láithreoir lena gceartú ach ar mhodh leictreonach le ríomhphost. Ní chuirfear cóipeanna crua de na tuairisceáin bhliantúla agus foirmeacha eile amach sa phost.
Éilítear ar an láithreoir an B1, B2 agus B10 etc. a chur in eagar agus a chur isteach arís agus agus iad a chur isteach chuig an CRO/Cláraitheoir. Tabhair do d’aire le do thoil nach mór tuairisceáin bhliantúla a chur isteach arís laistigh de cheithre lá déag den dáta ar an litir a cuireadh ar ais sin nó measfar de réir an dlí go mbeidh siad mall.
CUIDEACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA
Foirm FS1
Ceanglaítear ar chuideachtaí infheistíochta agus UCITeanna ráitis airgeadais a chur faoi bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí mar gheall ar gur tugadh isteach athruithe atá leagtha amach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017.
Éilítear go ndéanfar na ráitis airgeadais a chomhdú laistigh de 11 mí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo le haon airgead bliain a thosaigh an 1 Eanáir 2017 nó dá éis. Baineann táille comhdaithe de €15 le Foirm FS1. Tá an fhoirm le fáil ón suíomh idirlín ag an leathanach idirlín seo a leanas.
https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foirmeacha-Cuideachta
DÍOLÚINE Ó INIÚCHADH
De bharr athruithe a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla), 2018, cailltear an díolúine ó iniúchadh anois don chéad dá bhliain eile i gcás go gcomhdaítear tuairisceán bliantúil go déanach, agus ní sa bhliain reatha. Aon tuairisceán bliantúil atá á chur isteach go déanach, ní chaillfidh sé aon díolúine fhéideartha ó iniúchadh don bhliain sin ach ní bheidh sé incháilithe don díolúine ó iniúchadh don dá bhliain ina dhiaidh sin. (Alt 363 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, arna leasú le halt 10 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla), 2018).
Tosaíodh alt 10 d’Acht 2018 an 21 Meán Fómhair 2018 agus tá feidhm láithreach aige.
ORDUITHE FOIRMEACHA NUA
Rinneadh athruithe ar na forálacha foirmeacha le haghaidh gach réimse de Chlár na gCara-Chumann. Rinneadh athruithe ar na foirmeacha le haghaidh Cumainn Tionscail agus Choigiltis agus ar na foirmeacha le haghaidh Cara-Chumann agus Ceardchumann.
Féach an suíomh Gréasáin chun tuilleadh faisnéise a fháil. Sna míonna atá le teacht, tabharfar isteach an rogha chun doiciméid áirithe de chuid Chlár na gCara-Chumann a chomhdú ar líne agus eiseofar ríomhirisí breise ina leith sin.
https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foirmeacha-RFS/Foirmeacha-Cara-Chumainn
https://www.cro.ie/Foilseach%c3%a1in/Foirmeacha-RFS/Foirmeacha-Cumainn-Tionscail-agus-Coigiltis
https://www.cro.ie/Foilseach%c3%a1in/Foirmeacha-RFS/Foirmeacha-Ceardchumainn
H15 - FÓGRA FOIRMIÚIL IARRATAIS
Bíodh a fhios agat:
- NÍ leor foirm G1-H15 a chur faoi bhráid chun tús a chur leis an bpróiseas chun cuideachta a bhaint den liosta oifigiúil ná ní chuireann sé an chuideachta ar liostú de chuideachtaí atá lena mbaint de go deonach.
- Tar éis don rún a bheith rite atá luaite ar fhoirm G1-H15, tá céimeanna eile le cur i gcrích sula féidir cuideachta a bhaint den chlár.
- Ní mór Foirm H15 (an fógra foirmiúil iarratais) a chur faoi bhráid mar aon le doiciméid riachtanacha ar bith eile (cóip den bhfógra, ráiteas na gCoimisinéirí Ioncaim).
- Feic suíomh idirlín na hOifige um Chlárú Cuideachtaí chun tuilleadh eolais a fháil.
ÍOCAÍOCHTAÍ LE RIALTAIS
Foirm PR1
De réir athruithe a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017, éilítear go gcuirfeadh cuideachtaí áirithe Tuairiscí maidir le hÍocaíochtaí le Rialtais faoi bhráid faoi Chuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014.
Éilítear go ndéanfar na tuairiscí a chomhdú laistigh de 11 mí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo le haon airgead bliain a thosaigh an 1 Eanáir 2017 nó dá éis. Baineann táille comhdaithe de €15 le Foirm PR1. Tá an fhoirm le fáil ón suíomh idirlín ag an leathanach idirlín seo a leanas. https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foirmeacha-Cuideachta
Feic leathnach seo le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil.
https://www.cro.ie/Iarchl%C3%A1r%C3%BA/Cuideachta/Tuairisc-maidir-le-h%C3%8Doca%C3%ADochta%C3%AD-le-Rialtais