CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Nuachtlitir R-phoist
Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:
1. CRO E-Zine
Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.
2. Teachtaireachtaí Eatramhacha
Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).
SÍNIÚ FHOIRMEACHA AN OCC GO LEICTREONACH
Tá córas atá go hiomlán leictreonach le haghaidh comhdú tuairisceán bliantúil in éineacht le cuntais shínithe ar fáil den chéad uair ag an OCC. Tá an teastas sínithe dhigitigh á úsáid cheana ag cuideachtaí a chomhdaíonn a dtuairisceáin Cánach Corparáidí tríd an tSeirbhís Ar Líne ag na Coimisinéirí Ioncaim (ROS). Tá sé tugtha isteach ag an OCC mar rogha breise le cur le ríomhfhoirm tuairisceáin bhliantúil "B1".Má tá tuilleadh eolais uait faoi shíniú digiteach, téigh go dtí an suíomh gréasáin.
COMHDÚ CUNTAS AG AN OCC MAR PDF
Thug an Oifig um Chlárú Cuideachtaí áis isteach le déanaí a ligeann do chustaiméirí leagan pdf dá gCuntais Bhliantúla a uaslódáil le dul in éineacht le foirm Tuarascála Bliantúla Leictreonaí B1. Tá an áis chomh simplí sin le húsáid nach gá ach doiciméad a cheangal de ríomhphost. Beidh sé de rogha ag an gcustaiméir leagan reatha leictreonach dá c(h)untais a iompú ina pdf nó leagan cruachóipe de na cuntais a scanadh agus iad a shábháil mar pdf.
Uaireanta Oscailte na Nollag/ na hAthbhliana
CUIDEACHTAÍ NUA - SPRIOCDHÁTA NA NOLLAG 2010
Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag.
CUR AR AIS
Ón 1 Nollaig 2010, ní ghlacfaidh an CRO a thuilleadh le híocaíocht seic nó Foirmeacha Údaraithe Íocaíochta (FÚÍ) as (Fast Track) cuideachtaí athbhunú ar an modh mear. Ní foláir íocaíocht a dhéanamh le Dréacht Bainc nó le hairgead crua. Ní mholtar airgead tirim a sheoladh sa phost.
TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA LÍONTA I 2010 LE hAGHAIDH 2011
Sonraíonn Achtanna na gCuideachtaí gur gá do chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Caithfidh cuideachta a bhfuil dáta ARD 2011 aici tuairisceán bliantúil a chomhdú agus dáta éifeachtach i 2011 aige chun an riachtanas seo a chomhlíonadh agus a gcéad ARD eile a bhogadh ar aghaidh go dtí 2012.
Má chomhdaíonn tú do thuairisceán bliantúil agus dáta éifeachtach go mall i 2010 aige, agus tú ag súil go gcomhlíonfaidh sé seo do dhualgais chomhdaithe do 2011, ní chomhlíonfaidh sé iad agus beidh ort tuairisceán bliantúil a chomhdú fós i 2011.
Ní féidir le cuideachtaí comhdú go luath ach i dtaca leis an mbliain ARD reatha, gan le haghaidh bliana sa todhchaí.