CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Nuachtlitir R-phoist
Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:
1. CRO E-Zine
Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.
2. Teachtaireachtaí Eatramhacha
Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).
Tuairisceáin Bhliantúla A Chomhdú - Earráidí Coitianta
In 2009, Fuair an Oifig um Chlárú Cuideachtaí 175,000 Tuairisceán Bliantúil (foirm B1) 27,000 acu (15.4%) a seoladh ar ais chuig an té/cuideachta a sheol. Is ráta earráide an-ard é seo a dhéanann obair sa bhreis do chách a bhaineann leis. Déantar liostú thíos ar na fáthanna is coitianta a seoltar Tuairisceáin Bhliantúla ar ais agus ar réitigh féideartha chun seoladh ar ais a sheachaint nó a laghdú. http://www.cro.ie/ena/common_filing_error.aspx
Is é 30 Meán Fómhair an t-aon dáta is coitianta do thuairisceán bliantúil i measc na gcuideachtaí atá cláraithe leis an CRO. Agus dáta do thuairisceán bliantúil i mí Mheán Fómhair bheith ag níos mó ná 40,000 cuideachta, is amhlaidh atáimid ag dúil go gcomhdófar toirt an-mhór tuairisceán bliantúil i mí Dheireadh Fómhair. Ba cheart go gcuideodh na leideanna seo a leanas le cuideachtaí chun comhdú in am ceart agus go gcuideoidís leis an CRO chun dul i ngleic go rathúil leis an tréimhse ghnóthach sin:
Comhdaítear go luath, agus b'fhearr linn go gcomhdófaí go leictreonach. Beidh 28 lá breise ón dáta comhdúcháin ag an té a chomhdaíonn go leictreonach chun a c(h)uid cuntas a sheachadadh, agus is é €20 an táille chomhdúcháin, seachas €40 i gcás na bhfoirmeacha a chomhlánaítear de láimh. Is féidir cabhair a fháil maidir le haon deacracht a d'fhéadfadh bheith agat le comhdú leictreonach d'fhoirme ach na foinsí seo a leanas a cheadú:
Lóghlao 1890-252536* / 059-9178981 / 01-8045394 nó eb1@deti.ie.
Tá cúnamh i leith saincheisteanna teicniúla agus TF ar fáil ó:
01-8045374 / 01 8045307 / 01 8045355 nó electronic_filing@deti.ie.
Beidh uaireanta líne chabhrach níos faide ar fáil ó 28 Deireadh Fómhair - ceadaítear www.cro.ie ag an tráth úd. Ní gá duit fanacht go dtí dáta do thuairisceáin deiridh chun comhdú má tá do chuntais ullmhaithe agus réidh le tabhairt isteach. Is féidir le cuideachta tuairisceán a chomhlánú chuig dáta níos luaithe ná a ARD gan a dáta ARD a athrú sna blianta amach romhainn. Ní foláir do chuideachta éigin a chomhdaíonn a tuairisceán bliantúil roimh a dáta ARD an tuairisceán a chomhlánú chuig dáta reatha: níor chóir go n-iontrálfaí a ARD mar dháta éifeachtach an tuairisceáin sin. Aon chuideachta atá réidh chun a tuairisceán a chomhdú go luath agus a chomhlánaíonn an tuairisceán chuig aon dáta is luaithe ná a ARD; caithfidh siad roghnú:
(a) an ARD céanna a choinneáil don chéad bhliain eile
nó
(b) a cuid ARD a athrú sa chéad bhliain eile chuig cothrom dáta an dáta níos luaithe sin.
Ní mór an bosca 'Tá/Is ea' ar leathanach 1 den Fhoirm B1 a thiceáil más é (a) cinneadh na cuideachta. Ní foláir an bosca 'Níl/Ní hea' a thiceáil más é (b) an cinneadh. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoin gcomhdúchán luath ag http://www.cro.ie/en/b1-practice-note.aspx
Molann an CRO go gcuirtear isteach na tuairisceáin bhliantúla in am trátha chun a chinntiú go bhfaightear in am iad. Cuirtear pionóis i bhfeidhm don chomhdú mall má chomhdaítear Tuairisceán Bliantúil go mall, agus de réir mar is infheidhme is amhlaidh a chaillfidh an chuideachta a teidlíocht freisin chun díolúine iniúchta a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain dá héis.
Ba cheart go gcuirfí na tuairisceáin bhliantúla chuig an seoladh An Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach. Ní féidir linn glacadh le cailliúint ná le moill sa phost mar chúis le comhdú mall do thuairisceán bliantúil. Baintear leas as Mearphost má táthar á chur sa phost gar go dtí an spriocdháta, óir go ráthaíonn sé sin seachadadh sa chéad lá oibre eile, ní nach ionann agus an Post Cláraithe trína ráthaítear cruthúnas seachadta amháin. Ní ghlactar ach amháin le taiscí poist in Oifig an CROar Bhóthar Uí Bhriain sa Cheatharlach, agus ní oifig phoiblí í.
Mar mhalairt rogha is féidir leat é a sheachadadh de láimh chuig Oifig Phoiblí an CRO ar Chearnóg Parnell. Tugtar faoi deara go ndúntar an oifig phoiblí ag 4.30i.n. Meabhraítear do chuairteoirí pearsanta gur féidir leis na scuainí bheith níos giorra san oifig phoiblí ar maidin agus go mba cheart dóibh breithniú chun a gcuid cáipéisí a thaisceadh san oifig phoiblí roimh 4i.n. lena chinntiú gur féidir iad a cheadú agus admhálacha a eisiúint ar an lá céanna.
Ba chóir go gcinnteodh na láithreoirí go mbíonn síniú, dáta curtha le seiceanna, agus go mbíonn siad stáplaithe leis na cáipéisí eile - ná baintear leas as fáiscíní páipéir. Ná seoltar na seiceanna chuig "an CRO" ach "an Oifig um Chlárú Cuideachtaí" a litriú amach ina hiomláine. Ná cuirtear seic istigh i gclúdach ina aonar riamh gan an taisceadh lena mbaineann sé a tháscadh.
Is féidir leis an té a thugann isteach an taisceadh íoc as trí chárta creidmheasa trí mheán Cuntais Chustaiméara an CRO. Is féidir leat Cuntas Custaiméara a oscailt ach foirm A/C1 a íoslódáil ó láithreán gréasáin an CRO www.cro.ie ag http://www.cro.ie/ena/forms-a-to-b29.aspx Is féidir leat taiscí a chur i do Chuntas Custaiméara in www.cro.ie at https://www.cro.ie/search/AccountLogin.aspx
*Tugtar faoi deara go bhféadfadh na rátaí a ghearrtar ar úsáid na n-uimhreacha 1890 (Lóghlao) bheith éagsúil i measc soláthróirí seirbhíse éagsúla.