CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Nuachtlitir R-phoist
Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:
1. CRO E-Zine
Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.
2. Teachtaireachtaí Eatramhacha
Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).
Tús i bPáirt le hAlt 72 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005. Scor Foilsithe d’Fhógraí Reachtúla Ar Leith i bhForlíonadh Iris Oifigiúil
Tá tús i bpairt le cur le hAlt 72 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 trí Ionstraim Reachtúil agus tiocfaidh an fhoráil tosaithe i bpáirt i bhfeidhm ar 19 Samhain 2012. Mar thoradh air seo, tabharfar údarás d’fhoilsiú d’Fhógraí Reachtúla ar leith go heisiach in Companies Registration Office Gazette ("CRO Gazette"), rud a éascóidh CRO scor d’fhoilsiú comhuaineach na bhFógraí seo in Iris Oifigiúil Supplement
Ó 19 Samhain 2012, beidh riachtanas Fógraí Reachtúla ar leith a fhoilsiú in CRO Gazette faoi Achtanna na gCuideachtaí agus ní bheidh foilsiú níos leithne riachtanach faoi Achta na gCuideachtaí tar éis an dáta sin. Ach, go ceann ceithre mhí go neasach ó 19 Samhain 2012, leanfar ar aghaidh le foilsiú Fhógraí ar leith in Iris Oifigiúil Supplement agus in CRO Gazette freisin. Tarlóidh sé seo nuair a rinne comhfhreagras/fógraí reachtúla a eisíodh ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí chuig cuideachtaí roimh 19 Samhain 2012 tagairt d’fhoilseachán in Iris Oifigiúil . Sna cásanna seo, foilseofar an fógra in CRO Gazette freisin.
CUIDEACHTAÍ NUA - SPRIOCDHÁTA NA NOLLAG 2012
Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag.
NUA SHONRú DE CHLEACHTAS FINEARáLTA CRO NUAIR A CHUIRTEAR DíOSPóIDí STIúRTHóRA IN IúL
Má chuirtear in iúl don CRO go bhfuil díospóid ann idir comhaltaí/oifigigh chuideachta agus/nó gur rinneadh comhduithe frithráiteacha nó contrártha chuig an Oifig maidir le hoifigigh chuideachta mar thoradh ar a leithéid de dhíospóid sin, agus nach raibh na comhduithe ina leith sin claraithe fós, níl an CRO in ann breithniú ar na saincheisteanna atá faoi dhíospóid nó rialú ar cé acu comhdú atá inchláraithe.
Chun clárú d’iarratais a d’fhéadfadh a bheith míthreorach agus míchruinn a chosc, is é cleachtas ginearálta an CRO iarrata(i)s neamhchláraithe dá leithéid sin a choinneáil i stádas "A Fuarthas" go ceann tréimhse uasmhéid de shé mhí chun ligean do na faicsin na saincheisteanna faoi dhíospóid a réiteach, trí chomhaontú nó, mura bhfuil comhaontú ann, trí leas a bhaint as an Ard-Chúirt le haghaidh faoisimh dhearbhaithigh. Ag deireadh na tréimhse sé mhí seo, tiocfaidh coinneáil sealadach na n-iarratas sa stádas "A Fuarthas" chun deiridh agus leanfaidh an CRO leis na doiciméid seo a phróiseáil chuig clárú. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach http://www.cro.ie/ena/directordisputes.aspx le do thoil
ACHTANNA UM SHAORáIL FAISNéISE 1997
Tá an CRO fo-ordaithe faoi na hAchtanna Um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 ("na hAchtanna"). Le tuilleadh faisnéise a fháil mar aon le mionsonraí ar conas iarratas a dhéanamh le haghaidh faisnéise faoi na hAchtanna, féach le do thoil Lámhleabhar FOI an CRO (nasc chuig ceangaltán ar an láithreán gréasáin).
Tabhair do d’aire le do thoil sa chás d’iarratais a fhaightear faoi na hAchtanna, glactar leis go mbíonn scaoileadh i gceist seachas sa chás de dhíolúintí ar leith a bheith i bhfeidhm. Fiú sa chás de dhíolúintí ar leith a bheith measta a bheith a i bhfeidhm, ní mór a mheas an bhfuil sé i leas an phobail na taifid a scaoileadh. Dá bhrí sin, ba chóir tabhairt do d’aire nuair a chuirtear iarratais neamhreachtúla isteach chuig an CRO, go bhféadfadh aon taifid a bheith scaoilte ag an CRO.
Le tuilleadh faisnéise a fháil ar Shaoráil Faisnéise, téacs na nAchtanna san áireamh, tabhair cuairt le do thoil ar láithreán gréasáin an Rialtais www.foi.gov.ie/
STÁDAS DO CHUID AIGHNEACHTAÍ A SHEICEÁIL
Bíonn an 30 Meán Fómhair mar dháta tuairisceáin bhliantúil do thart ar 38,000 cuideachta. Mar thoradh ar líon an-mhór na dtuairisceán a chuirtear i gcomhad suas go dtí an bhuaicdáta comhdaithe den 28 Deireadh Fómhair, tógfaidh sé thart don CRO chun na tuairisceáin sin a phróiseáil agus iad a chur ar fáil le féachaint orthu ar ár láithreán gréasáin - http://www.cro.ie
nó chun monatóireacht a dhéanamh orthu ar CORE.
Déantar gach doiciméad a stampáil leis an dáta a fuair an CRO é, áfach, agus déantar an dáta sin a thaifeadadh mar an "dáta fála" is cuma cathain a chuirtear an doiciméad isteach sa Chlár.
CUARDACH AR LÍNE - RFS
Is féidir íomhá de dhoiciméad a cheannach ar líne do Chumann Tionscail agus Choigiltis. (Táille Chomhdaithe €3.00). Ach, i láthair na huaire, ní féidir íomhá de dhoiciméad a cheannach ar líne do Cheardchumann nó do Chara-Chumann. Tá sé beartaithe againn an fheidhmiúlacht seo a chur leis sa todhchaí.
Féach Áis Chuardaigh RFS - http://www.cro.ie/RFS/
STÁDAS D’IARRATAS A SHEICEÁIL LE LINN TRÉIMHSE BHUAICE
Tá bealaí éagsúla inar féidir le custaiméirí stádas a dtuairisceán bliantúil a sheiceáil gan dul i dteagmháil leis an CRO:Le linn na tréimhse buaice, déanfaidh an CRO nuashonrú laethúil ar chuid "What's New" de láithreán gréasáin an CRO ag cur in iúl dáta a fuarthas tuairisceáin bhliantúla atá á bpróiseáil ar an lá sin - féach http://www.cro.ie/ena/whats-new.aspx . Le linn an ama seo, ní bheidh an CRO in ann fáil de dhoiciméid a seachadadh tar éis an dáta a luaitear ar an láithreán gréasáin a dheimhniú.
Ina theannta sin, is féidir le láithreoirí sonraí cuideachtaí a chuardach ar an láithreán gréasáin san áis Cuardach Cuideachtaí faoi "Seirbhísí" - má bhog NARD na cuideachta go dtí 2013, ciallaíonn sé sin go bhfuarthas a dtuairisceán bliantúil 2012 agus gur féidir liosta iarratas agus a stádas a bhreathnú saor in aisce.
Mar thríú modh, is féidir le hoifigigh chuideachtaí clárú ar CORE - www.CORE.ie - áit ar féidir "breathnú" a chur ar bun ar chuideachta ábhartha le stádas iarratas a cuireadh nó a comhdaíodh ar líne a sheiceáil. Déanfar stádas gach cuideachta ar an liosta breathnaithe a nuashinrú de réir mar a fhaightear agus a dhéantar iarratais don chuideachta sin a phróiseáil. Iarrtar ar chustaiméirí ceann de na modhanna seo a úsáid i dtosach báire le stádas a gcomhduithe a sheiceáil sula gcuireann siad scairt ar an CRO nó ríomhphost chuige.
CUNTAIS CHUSTAIMÉIRÍ an CRO
Tá gach sonraí Cuntas Custaiméirí, lena n-áirítear idirbhearta agus ráitis dhéanach, ar fáil anois ar líne in http://www.cro.ie. Dá réir sin, ó 1 Eanáir 2013 ní eiseoidh CRO ráitis Chuntas Custaiméirí tríd an bpost.
D’fhonn do shonraí Cuntas Custaiméirí a fheiceáil ar líne, mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, beidh ort clárú in CORE trí chliceáil ar https://core.cro.ie/Main/register_iri.jsp.
Nuair a bheidh tú cláraithe, is féidir d’idirbhearta a bhreathnú trí chliceáil ar Mo Chuntais/ Cuir Leis/ agus trí d’uimhir chustaiméara agusdo PIN a chur isteach. Ní bheidh ort é sin a dhéanamh ach uair amháin, agus beidh do shonraí uile ar fáil gach uair a lógálann tú isteach chuig CORE.
Tairgeann an áis nua reimse de ghnéithe breise do shealbhóirí Cuntas, amhail
Is féidir Cuntas Custaiméara nua a oscailt ar líne ag https://www.cro.ie/search/NewCustomer.aspx. Is féidir breis a fháil ar an gCuntas trí Chárta Creidmheasa a úsáid agus is féidir é a úsáid le táillí comhdaithe agus pionóis a íoc nuair a dhéantar iarratais a chomhdú go leictreonach trí CORE.
TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA LÍONTA I 2012 LE hAGHAIDH 2013
Sonraíonn Achtanna na gCuideachtaí gur gá do chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Caithfidh cuideachta a bhfuil dáta ARD 2013 aici tuairisceán bliantúil a chomhdú agus dáta éifeachtach i 2013 aige chun an riachtanas seo a chomhlíonadh agus a gcéad ARD eile a bhogadh ar aghaidh go dtí 2014.
Má chomhdaíonn tú do thuairisceán bliantúil agus dáta éifeachtach go mall i 2012 aige, agus tú ag súil go gcomhlíonfaidh sé seo do dhualgais chomhdaithe do 2013, ní chomhlíonfaidh sé iad agus beidh ort tuairisceán bliantúil a chomhdú fós i 2013.
Ní féidir le cuideachtaí comhdú go luath ach i dtaca leis an mbliain ARD reatha, gan le haghaidh bliana sa todhchaí.
Seoladh ar ais - Foirm B1
B1 - Tuairisceáin agus cuntais bhliantúla - Litreacha Seolta ar AisÁit a n-aithnítear go bhfuil earráidí i dtuairisceán bliantúil arna gcur i gcomhad leis an CRO nuair a fhaightear an tuairisceán, seoltar ar ais chuig an láithreoir/an gcuideachta é le Fógra arna sheirbheáil faoi Alt 249A d’Acht na gCuideachtaí 1990. Ceanglaítear de réir Alt 249A go gceartófaí na hearráidí agus go ndéanfaí doiciméad atá go hiomlán comhlíontach a sheachadadh chuig an CRO laistigh de 14 lá ó seirbheáladh an Fógra. Má dhéantar doiciméad atá go hiomlán comhlíontach a sheachadadh chuig an CRO laistigh de 14 lá, measfar go bhfuair an CRO é ar dháta seachadta an bhundoiciméid easnamhaigh. Mura ndéantar amhlaidh, measfar nach ndearnadh an bundoiciméad a sheachadadh chuig an gCláraitheoir agus déileálfar leis an doiciméad athaighnithe mar aighneacht nua.