Nuachtlitir 2012

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

COTHABHÁIL LÁITHREÁN GRÉASÁIN CRO

Beidh an CRO ag déanamh cothabhála ar ár láithreán gréasán ar an Luain seo chugainn 15 Deireadh Fomhair 2012. (www.core.ie agus Cuardach Cuideachta). Ciallaíonn sé sin nach mbeidh fáil ar láithreán gréasáin CRO idir 5 i.n. go dtí timpeall 7 i.n. Ní bheith fáil ar ár seirbhísí ar líne le linn an ama seo.

Is oth linn aon chur isteach ar an bpobal le linn na cothabhála riachtanaí seo.

Ár mbuíochas leat as do chomhoibriú.

Please login or register to post comments.