Nuachtlitir 2012

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA - BUAIC DHEIREADH FÓMHAIR

Comhdaítear go luath, agus b'fhearr linn go gcomhdófaí go leictreonach. Beidh 28 lá breise ón dáta comhdúcháin ag an té a chomhdaíonn go leictreonach chun a c(h)uid cuntas a sheachadadh, agus is é €20 an táille chomhdúcháin, seachas €40 i gcás na bhfoirmeacha a chomhlánaítear de láimh. Molann an CRO go gcuirtear isteach na tuairisceáin bhliantúla in am trátha chun a chinntiú go bhfaightear in am iad. Cuirtear pionóis i bhfeidhm don chomhdú mall má chomhdaítear Tuairisceán Bliantúil go mall, agus de réir mar is infheidhme is amhlaidh a chaillfidh an chuideachta a teidlíocht freisin chun díolúine iniúchta a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain dá héis.

Is féidir cabhair a fháil maidir le haon deacracht a d'fhéadfadh bheith agat le comhdú leictreonach d'fhoirme ach na foinsí seo a leanas a cheadú:

Lóghlao 1890-252536* / 059-9178981 / 01-8045394 nó eb1@djei.ie

Tá cúnamh i leith saincheisteanna teicniúla agus TF ar fáil ó:

01-8045374/ 01 8045307/ 01 8045355 nó electronic_filing@djei.ie.

*Tugtar faoi deara go bhféadfadh na rátaí a ghearrtar ar úsáid na n-uimhreacha 1890 (Lóghlao) bheith éagsúil i measc soláthróirí seirbhíse éagsúla.

DOICIMÉID A CHUR I GCOMHAD LEIS AN CRO

Má tá tuairisceán bliantúil á sheoladh tríd an bpost, ba cheart é a sheoladh chuig an CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach. Baintear úsáid as an oifig i gCeatharlach chun glacadh le lóisteálacha poist amháin agus ní oifig phoiblí í.

Mar rogha eile, is féidir láithreoirí seachadadh go pearsanta chuig Oifig Phoiblí an CRO ar Chearnóg Parnell áit a dtabharfar fáltas duit le haghaidh do chuid doiciméad. Bíonn an Oifig Phoiblí ar oscailt ó 9.30r.n. ar aghaidh. Cuirtear i gcuimhne do ghlaoiteoirí pearsanta gur minic go mbíonn na scuainí níos giorra san Oifig Phoiblí ar maidin agus ba cheart dóibh smaoineamh ar a gcuid doiciméad a lóisteáil chomh luath agus is féidir chun cinntiú gur féidir iad a sheiceáil agus fáltais a eisiúint ar an lá céanna.

Dúntar an Oifig Phoiblí ag 4.30 i.n. ach ba cheart doiciméid a sheachadadh roimh 4.i.n. chun cinntiú gur féidir iad a sheiceáil agus a stampáil agus seans go n-eiseofar fáltais ar an lá céanna. Mura n-eisítear fáltais eiseofar an lá dar gcionn iad.

ATHRÚ AR THÁILLÍ CHUMANN TIONSCAIL AGUS COIGILTIS (RFS)

Le hIonstraim Reachtúil 363 tugadh isteach rialachán nua maidir le táillí le héifeacht ón Luan, an 1 Deireadh Fómhair 2012. Tabhair faoi deara le do thoil an t-athrú ar Tháillí le haghaidh Chumann Tionscail agus Coigiltis.

TACAÍOCHT GHNÓ - An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Le haghaidh eolais faoi réimse tacaí, idir tacaí airgeadais agus neamhairgeadais, atá ar fáil chun cabhrú le cuideachtaí fás, a gcuid iomaíochais a fheabhsú, fostaíocht a chruthú agus feabhas a chur ar tháirgiúlacht, téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne - Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2012. http://www.djei.ie/enterprise/businesssupport.htm

ÍOCAÍOCHTAÍ CÁRTAÍ CREIDMHEASA/DOCHAIR SA CRO

Is féidir cárta creidmheasa/dochair a úsáid chun íoc as lóisteálacha agus fiosruithe in Oifig Phoiblí CRO.

Leathnaíodh roghanna ar líne le haghaidh cártaí creidmheasa/dochair chomh maith agus is féidir cárta creidmheasa/dochair a úsáid anois chun íoc as iarratais ar líne ar Ainm Gnó i CORE. https://core.cro.ie/Main/register_iri_ga.jsp

FOIRM B73 AGUS CÉAD THUAIRISCEÁN NA CUIDEACHTA

Tabhair faoi deara le do thoil nár cheart Foirm B73 a chur i gcomhad le céad thuairisceán bliantúil na cuideachta.

  • Tugtar céad thuairisceán bliantúil cuideachta suas go dtí an dáta a thiteann 6 mhí tar éis ionchorpraithe, ní chuirtear aon chuntais i gceangal leis.
  • Nuair a chuirtear an B73 i gcomhad giorraítear an t-amscála nach mór an chuideachta cuntais a chur i gcomhad laistigh de.

Mar shampla i gcás cuideachta a corpraíodh ar an 10 Feabhra 2012 tá a céad thuairisceán bliantúil le tabhairt (gan chuntais) suas go dtí an 10 Lúnasa 2012. Nuair a chuirtear an tuairisceán sin i gcomhad, socraítear an chéad dáta eile don tuairisceán bliantúil mar an 10 Lúnasa 2013. Ach má chuireann an chuideachta B73 i gcomhad lena céad thuairisceán, cruthaíonn sé DTB nua, is é sin an dáta atá ainmnithe aige ar an B73, agus beidh sé riachtanach cuntais a chur i gceangal lena dara tuairisceán ar féidir a thabhairt suas go dtí an 10 Feabhra 2013 ar a dhéanaí.

SEOLADH AR AIS - FOIRM B1

B1 - Tuairisceáin agus cuntais bhliantúla - Litreacha Seolta ar Ais Áit a n-aithnítear go bhfuil earráidí i dtuairisceán bliantúil arna gcur i gcomhad leis an CRO nuair a fhaightear an tuairisceán, seoltar ar ais chuig an láithreoir/an gcuideachta é le Fógra arna sheirbheáil faoi Alt 249A d’Acht na gCuideachtaí 1990. Ceanglaítear de réir Alt 249A go gceartófaí na hearráidí agus go ndéanfaí doiciméad atá go hiomlán comhlíontach a sheachadadh chuig an CRO laistigh de 14 lá ó seirbheáladh an Fógra. Má dhéantar doiciméad atá go hiomlán comhlíontach a sheachadadh chuig an CRO laistigh de 14 lá, measfar go bhfuair an CRO é ar dháta seachadta an bhundoiciméid easnamhaigh. Mura ndéantar amhlaidh, measfar nach ndearnadh an bundoiciméad a sheachadadh chuig an gCláraitheoir agus déileálfar leis an doiciméad athaighnithe mar aighneacht nua.

Meabhraítear do láithreoirí áit a seoltar tuairisceán bliantúil ar ais le ceartú, nach mór dóibh tuairisceán bliantúil atá go hiomlán comhlíontach a sheachadadh chuig an CRO laistigh de 14 lá* nó beidh baol ann go measfar nár seachadadh an bundoiciméad chuig an gCláraitheoir, agus d’fhéadfadh go ngearrfaí pionóis as comhdú deireanach agus go gcaillfí díolúine ó iniúchadh dá bharr sin).

*Áit a seoltar tuairisceáin bhliantúla ar ais toisc go bhfuil cuntais iniúchta ag teastáil, féadfar na doiciméid cheartaithe a athaighniú laistigh de 28 lá. Áit a bhfuil cuideachta liostaithe um baint den liosta, ní mór na doiciméid cheartaithe a sheachadadh roimh an dáta um baint den liosta). Le haghaidh tuilleadh sonraí faoin ábhar sin, chomh maith le focail go léir Alt 249A d’Acht na gCuideachtaí, 1990, féach Ezine 89 2010. Féach an leathanach faoi Earráidí Coitianta chun miondealú a fheiceáil ar na cúiseanna is coitianta go seoltar tuairisceáin bhliantúla ar ais le ceartú chomh maith le réitigh fhéideartha chun na hearráidí sin a cheartú.

Please login or register to post comments.