Nuachtlitir 2012

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

Tacaíocht Ghnó - An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Le haghaidh eolais faoi réimse tacaí, idir tacaí airgeadais agus neamhairgeadais, atá ar fáil chun cabhrú le cuideachtaí fás, a gcuid iomaíochais a fheabhsú, fostaíocht a chruthú agus feabhas a chur ar tháirgiúlacht, téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne - Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2012. Leathanach greasáin DJEI

Íocaíochtaí  Cártaí Creidmheasa/Dochair sa CRO

Is féidir cárta creidmheasa/dochair a úsáid chun íoc as lóisteálacha agus fiosruithe in Oifig Phoiblí CRO. Leathnaíodh roghanna ar líne le haghaidh cártaí creidmheasa/dochair chomh maith agus is féidir cárta creidmheasa/dochair a úsáid anois chun íoc as iarratais ar líne ar Ainm Gnó i CORE. https://www.core.ie/Main/index.jsp

Cuntais Chustaiméara ar Líne

Cuireadh áis nua lenár dtimpeallacht Cuardach Cuideachta chun ligean do chustaiméirí Cuntas Taisce CRO a oscailt ar líne. Ciallaíonn an rogha sin nach gá iarratas páipéir a dhéanamh a thuilleadh. Is féidir an cuntas a úsáid chun cuardaigh ar líne a dhéanamh agus chun íoc as foirmeacha leictreonacha B1 agus A1. Is féidir é a úsáid freisin chun doiciméid a lóisteáil leis an CRO. Ní mór creidmheas a choimeád sa chuntas i gcónaí. Cliceáil ar an nasc thíos chun féachaint ar an áis. - https://www.cro.ie/search/NewCustomer.aspx

Athrú ar an Díolúine Ó Iniúchadh

Tabhair faoi deara go ndearna Ordú 2012 faoi Acht na gCuideachtaí 1999 (Leasú) (Uimh.2), Ionstraim Reachtúil Uimh. 308 de 2012, méadú ar iomlán an chláir chomhardaithe agus ar na tairseacha láimhdeachais chun críocha leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh. Déantar figiúr an chláir chomhardaithe a leasú go €4.4 milliún agus déantar an figiúr láimhdeachais a leasú go €8.8 milliún. Thairis sin, má iarrann roinnt de scairshealbhóirí na cuideachta (Scaireanna a bheith agat lena mbaineann 10% ar a laghad de chearta votála na cuideachta ina gcomhiomlán) nach nglacfar leis an díolúine agus má chuireann siad é seo in iúl don chuideachta i scríbhinn le linn na bliana airgeadais díreach roimh an bhliain airgeadais i gceist nó le linn na bliana airgeadais i gceist, ach nach déanaí ná mí amháin ó dheireadh na bliana sin, caithfidh an chuideachta iniúchadh a dhéanamh.

Is féidir cinneadh a dhéanamh go nglacfaidh an chuideachta le díolúine ó iniúchadh le linn na bliana airgeadais ina nglacfar leis an díolúine, nó i leith bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Ní gá a bheith ar eolas ag na stiúrthóirí go gcomhlíonn nó go gcomhlíonfaidh an chuideachta na coinníollacha reachtúla ach ní mór dóibh a bheith den tuairim go gcomhlíonfar na coinníollacha sin.

Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin go gcuirtear cosc le díolúine ó iniúchadh a fháil go cúlghabhálach mura mbíonn deireadh tagtha le bliain airgeadais inar gá cinneadh a dhéanamh agus a thaifeadadh de réir ceanglais reachtúil. Féach Bileog Fáisnéise uimhir 10.

Athrú ar Chuideachtaí Beaga

Tabhair faoi deara go ndearnadh méadú ar iomlán an chláir chomhardaithe agus ar na tairseacha láimhdeachais le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cuntais) 2012, Ionstraim Reachtúil Uimh. 304 de 2012. Déantar figiúr an chláir chomhardaithe a leasú go €4.4 milliún agus déantar an figiúr láimhdeachais a leasú go €8.8 milliún. Leathanach Cuideachta Beag.

Please login or register to post comments.