Nuachtlitir 2013

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

BREITHIÚNAS IN AGHAIDH NA gCUIDEACHTAÍ NACH BHFUIL AIRGEAD INCHLÁRAITHE FAOI ACHTANNA NA gCUIDEACHTAÍ

Forálann na hAchtanna Cuideachtaí le Morgáistí Breithiúnais a chur ar an taifead poiblí. Morgáistí Breithiúnais a bhain le cuideachtaí ar an CRO. Tá clárú inchláraithe de bhun alt 102 CA 1963. breithiúnais airgead in aghaidh na cuideachtaí nach bhfuil inchláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, ná FiFas(treoracha chun an sirriam chun earraí agus airnéisí de chuid féichiúnaí breithiúnais a urghabháil Níor chóir cuideachta), agus mar sin a chur faoi bhráid na hOifige - más ann fhaightear, tá dualgas ar an CRO a dhiúltú céanna marinchláraithe.

CUIDEACHTAÍ NUA - SPRIOCDHÁTA NA NOLLAG 2013

Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag.

  • GNÁTHSCHÉIM 3ú NOLLAIG 2013
  • SCÉIM FÉ PHRÁIN: 10ú NOLLAIG 2013
  • SCÉIM A1 ÁR LÍNE 13ú NOLLAIG 2013
  • ATHRÚ AR AINM 9ú NOLLAIG 2013
  • ATHCHLÁRAITHE 9ú NOLLAIG 2013
  • ÁIRITHINTE AR AINM CUIDEACHTA 17ú NOLLAIG 2013

 TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA LÍONTA I 2013 LE hAGHAIDH 2014

Sonraíonn Achtanna na gCuideachtaí gur gá do chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Caithfidh cuideachta a bhfuil dáta ARD 2014 aici tuairisceán bliantúil a chomhdú agus dáta éifeachtach i 2014 aige chun an riachtanas seo a chomhlíonadh agus a gcéad ARD eile a bhogadh ar aghaidh go dtí 2015.

Ní féidir le cuideachta a chomhdú ar 2014 tuairisceán bliantúil le dáta éifeachtach i 2013

AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (MAOINIÚ POLAITÍOCHTA), 2012

Síníodh an tAcht seo sa dlí 6/11/2012.Déantar i gceann de na forálacha den Acht sin an méid tairsí maidir le nochtadh tabhartas polaitiúil a laghdú, tabhartas a thug cuideachta, cumann nó ceardchumann ar fhoirm thuairisceáin bhliantúil atá comhlíonta ag cuideachta, cumann nó ceardchumann. Le héifeacht ó 7/11/2013 rinneadh an tairseach don nochtadh sin a laghdú go suntasach ó €5,079 go €200.

Cuideachtaí, cumainn agus ceardchumainn a dhéanann tuairisceán bliantúil suas le dáta 7/11/2013 nó ina dhiaidh sin, éilítear orthu gach tabhartas polaitiúil a thug an chuideachta, cumann nó ceardchumann atá níos mó na €200 san iomlán a nochtadh sa tuairisceán sin, de réir mar is infheidhme, le linn na tréimhse lena mbaineann sa tuairisceán bliantúil. Cuideachtaí, cumainn agus ceardchumainn a dhéanann tuairisceán bliantúil suas le dáta 6/11/2013 nó roimhe sin, éilítear orthu gach tabhartas polaitiúil a thug an chuideachta, cumann nó ceardchumann atá níos mó na €5,079 san iomlán a nochtadh sa tuairisceán sin, de réir mar is infheidhme, le linn na tréimhse lena mbaineann sa tuairisceán bliantúil.

CUNTAIS CHUSTAIMÉIRÍ an CRO

Tá gach sonraí Cuntas Custaiméirí, lena n-áirítear idirbhearta agus ráitis dhéanach, ar fáil anois ar líne in http://www.core.ie

Dá réir sin, ó 1 Eanáir 2013 ní eiseoidh CRO ráitis Chuntas Custaiméirí tríd an bpost. D’fhonn do shonraí Cuntas Custaiméirí a fheiceáil ar líne, mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, beidh ort clárú in CORE trí chliceáil ar https://www.core.ie/Main/register_iri.jsp.

Nuair a bheidh tú cláraithe, is féidir d’idirbhearta a bhreathnú trí chliceáil ar Mo Chuntais/ Cuir Leis/ agus trí d’uimhir chustaiméara agus do PIN a chur isteach. Ní bheidh ort é sin a dhéanamh ach uair amháin, agus beidh do shonraí uile ar fáil gach uair a lógálann tú isteach chuig CORE.

Tairgeann an áis nua reimse de ghnéithe breise do shealbhóirí Cuntas, amhail- an cumas idirbhearta cothrom le dáta agus an t-iarmhéid reatha a bhreathnú,- an cumas ráiteas a oscailt in Excel nó i bhformáid inphriontáilte a dhéanann an seanráiteas a mhacasamhlú, - rochtain a fháil ar gach ráiteas ó osclaíodh an cuntas,- an cumas cistí a chur i dtaisce nó cuntas nua a oscailt ar líne.

Is féidir Cuntas Custaiméara nua a oscailt ar líne ag https://www.cro.ie/search/NewCustomer.aspx. Is féidir breis a fháil ar an gCuntas trí Chárta Creidmheasa a úsáid agus is féidir é a úsáid le táillí comhdaithe agus pionóis a íoc nuair a dhéantar iarratais a chomhdú go leictreonach trí CORE.

Bí ULLAMH DON GHEIMHREADH

Féach an nasc thíos maidir le cur chun cinn an "Bí Ullamh don Gheimhreadh" le do thoil Feachtas Faisnéise an Rialtais 2013-2014.

http://www.winterready.ie/Be-Winter-Ready_ga.aspx

Please login or register to post comments.