CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Nuachtlitir R-phoist
Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:
1. CRO E-Zine
Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.
2. Teachtaireachtaí Eatramhacha
Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).
An 'ríomh-lá' - 19 Meán Fómhair 2014 Féachtar faoin bPlean Náisiúnta Íocaíochtaí le costas chóras íocaíochta na hÉireann a laghdú trí úsáid níos mó a bhaint as modhanna íocaíochta níos éifeachtúla, rud a mbeidh iomaíochas agus éifeachtúlacht níos fearr ina thoradh air. Meastar sa Phlean Náisiúnta Íocaíochtaí gurb amhlaidh, dá mbeadh Éire ag teacht leis an dea-chleachtas san Eoraip, go bhféadfaí suas le €1 billiún in aghaidh na bliana a spáráil ar fud an gheilleagair. Díreofar go háirithe ar an 'ríomh-lá' - an 19 Meán Fómhair 2014 - ar an bpobal gnó a spreagadh chun athrú ó úsáid seiceanna go dtí íocaíocht trí mhodh leictreonach. Is é cur chuige atá ag an CRO ná tógáil ar spreagadh a thabharfaidh an 'ríomh-lá' d'fhonn deireadh a chur le láimhseáil seiceanna agus gach cineál foirm íocaíochta páipéir eile go hiomlán ó 2016 ar aghaidh. Cuireann an CRO roinnt roghanna íocaíochta leictreonaí ar fáil faoi láthair, ar nós cártaí creidmheasa agus cártaí dochair agus Cuntais do Chustaiméirí ar féidir iad a chur ar bun ar líne agus breisiú creidmheasa a chur leo ar líne le cárta creidmheasa nó cárta dochair. Tá sé beartaithe ag an CRO freisin roghanna íocaíochta leictreonaí breise ar nós Sainorduithe Dochair Dhírigh Aonair agus Athfhillteacha a chur ar fáil i rith 2015. Iarrann CRO ar gach custaiméir a íocann faoi láthair le seic tús a chur leis an bpróiseas a bhaineann le bogadh ar shiúl ó sheiceanna agus foirmeacha íocaíochta páipéir eile mar seo a leanas: (a) taithí a fháil ar na modhanna leictreonacha íocaíochta a nglacann CRO leo, atá leagtha amach thíos, agus (b) cibé athrú is gá a dhéanamh ar na nósanna imeachta laistigh de do ghnólacht nó do chuideachta, chun a chur ar do chumas stopadh ag baint úsáide as seiceanna agus foirmeacha íocaíochta páipéir eile ón 19 Meán Fómhair 2014, nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. CÁRTA CREIDMHEASA / DOCHAIR Is féidir úsáid a bhaint as cárta creidmheasa / dochair anois chun íoc astu seo a leanas: comhdú ar líne ar thuairisceáin bhliantúla B1, ar fhoirmeacha C1 agus ar iarratais ar Ainm Gnó trí CORE ag
https://core.cro.ie/Main/index.jsp
, taiscthí a chomhdú agus doiciméid a cheannach in Oifig Phoiblí an CRO, cuardaigh agus doiciméid a cheannach ar líne, airgead a chur i dtaisce i gCuntas Custaiméara.
Úsáideann CRO 3D Secure i gcomhair ceannachán ar líne agus i gcomhair íoc as foirmeacha ar líne. Seirbhís is ea 3D Secure a bhunaigh Visa agus MasterCard chun cabhrú leat do chárta creidmheasa a chosaint i gcoinne úsáid neamhúdaraithe ar líne. Oibríonn 3D Secure trí leas a bhaint as pasfhocal a chruthóidh tú féin mar d'aitheantóir uathúil ar líne. Iarrfar ort do Phasfhocal Secure 3D a thabhairt chun idirbhearta cárta creidmheasa ar líne leis an CRO a bhailíochtú. Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir leis an CRO glacadh ach le cártaí creidmheasa nó cártaí dochair atá cumasaithe i gcomhair 'slis agus UAP', agus iadsan amháin.
CUNTAIS CHUSTAIMÉARA AN CRO Soláthraíonn CRO seirbhís trínar féidir le custaiméirí Cuntas Custaiméara a oscailt ar féidir leat airgead a thaisceadh ann agus táillí a mhuirearú ina leith gach uair a dhéanfaidh tú doiciméad a chomhdú nó doiciméid a ordú ón Áis Chuardaigh Chuideachta. Féadfar cuntais a oscailt ar líne ach dul go dtí Córas Cuntas CRO agus 'Níl cuntas agat? Cláraigh anois' a roghnú. Comhlánaigh an fhaisnéis agus cliceáil ar 'Cuir an t-iarratas isteach'. Féadfar taiscí a chur le cuntas ar líne le cárta creidmheasa nó cárta dochair, nó le Nóta Creidmheasa de chuid an CRO. Ní mór Cuntais a choimeád ar sochar i gcónaí. Ansin féadfar an Cuntas a úsáid mar seo a leanas: Nuair a chomhdaítear doiciméid leictreonacha trí phacáistí bogearraí, déantar na táillí a mhuirearú go huathoibríoch ar Chuntas Custaiméara. Sa chás ina bhfuil ríomhchomhdú á dhéanamh trí CORE, ba chóir don té atá ag comhdú an doiciméid tic a chur sa bhosca agus PIN a chur isteach chun asbhaint na táille as an gCuntas a údarú ag céim na gabhála. Sa chás ina bhfuil doiciméid láimhe/páipéir á gcomhdú, féadfar an táille a chur de mhuirear ar Chuntas Custaiméara ach Foirm Údaraithe Íocaíochta a cheangal leis an doiciméad.
TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA LÍONTA I 2014 LE hAGHAIDH 2015
Sonraíonn Achtanna na gCuideachtaí gur gá do chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Caithfidh cuideachta a bhfuil dáta ARD 2015 aici tuairisceán bliantúil a chomhdú agus dáta éifeachtach i 2015 aige chun an riachtanas seo a chomhlíonadh agus a gcéad ARD eile a bhogadh ar aghaidh go dtí 2016.
Má chomhdaíonn tú do thuairisceán bliantúil agus dáta éifeachtach go mall i 2014 aige, agus tú ag súil go gcomhlíonfaidh sé seo do dhualgais chomhdaithe do 2015, ní chomhlíonfaidh sé iad agus beidh ort tuairisceán bliantúil a chomhdú fós i 2015.
Ní féidir le cuideachtaí comhdú go luath ach i dtaca leis an mbliain ARD reatha, gan le haghaidh bliana sa todhchaí.
CLÁR NA gCARA-CHUMANN - ATHRÚ AR AN REACHTAÍOCHT Tá tús feidhme na reachtaíochta chun rómhaorlathas a laghdú ar chomharchumainn fógartha ag an Aire Bruton. Rinneadh Acht na gCara-Chumann agus na gCumann Tionscail agus Soláthair (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014 a achtú ar an 21 Iúil 2014. Féach ar shuíomh gréasáin na Roinne http://www.djei.ie/press/2014/20140727.htm Faoin Acht sin, leasófar roinnt forálacha a rinneadh sa dá cheann de na hAchtanna seo. Leis na hathruithe ar an dlí um Chumainn Tionscail agus Soláthair: Tabharfar isteach próiseas scrúdaitheoireachta maidir le Cumainn Tionscail agus Soláthair Ceadófar do chumainn aonair a dteorainneacha féin a leagan amach ar scairshealbha aonair sa chumann Maolófar srianta tuairiscithe airgeadais trí shíneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh ullmhú agus cur isteach an tuairisceáin bhliantúil agus na gcuntas bliantúil. Fágfar níos éasca é cumainn a cuireadh ar ceal a chur ar ais ar an gclár Maolófar srianta tiomsaithe airgid i gcás cumainn neamh-thalmhaíochta Cuirfear tús le codanna éagsúla den Acht ar dhátaí éagsúla sa todhchaí. Ní bheidh sé indéanta a thuilleadh Cara-Chumann nua a chlárú. Níl ach 47 Cara-Chumann ar an gclár faoi láthair agus tá go leor acu a bhfuil leibhéal íseal gníomhaíochta acu. Clárlann na gCara-Chumann - Cumainn Tionscail agus Soláthair agus Tuairisceáin Bhliantúla Ní mór do chumann tuairisceán a chur isteach uair sa bhliain [alt 10(e) d'Acht na bliana 2014]. Cuirfear isteach an tuairisceán bliantúil tráth nach déanaí ná- (i) an 31 Deireadh Fómhair, má tá dáta a chláir chomhardaithe dheiridh a foilsíodh idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh, agus (ii) an 30 Deireadh Fómhair, má tá dáta a chláir chomhardaithe dheiridh a foilsíodh idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig (den bhliain roimhe sin); Go hachomair: Aon chumann a fhoilseoidh a chlár comhardaithe idir an 1 Iúil agus an31 Nollaig i mbliana, ní gá dó a thuairisceán bliantúil a chomhdú go dtí Aibreán 2015 Aon chumann a bhfuil dáta an chláir chomhardaithe idir Eanáir agus deireadh mhí an Mheithimh i mbliana, ní gá dó a thuairisceán bliantúil a chomhdú go dtí Deireadh Fómhair 2015 más amhlaidh gur chomhdaigh sé tuairisceán bliantúil i 2014. Tabhair faoi deara nach gá tuairisceáin Thríbhliantúla a chur isteach a thuilleadh. Tá aisghairm déanta ar an gcuid d'Acht na bliana 1913 inar pléadh leis sin. RÍOMHCHOMHDÚ IOMLÁN CHUNTAIS Beidh feidhm ag Cuid 3 agus Cuid 4 d'Acht na gCuideachtaí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2013, lena n-éilítear go mbeidh sínithe CLÓSCRÍOFA ar gach cuntas arna chomhdú leis an CRO, ón Luan an 10 Márta 2014. Faoin Acht sin, cuirtear deireadh leis an gceanglas maidir le sínithe lámhscríofa Stiúrthóirí, Iniúchóirí agus araile a bheith san áireamh i ndoiciméid chuntas a chomhdaítear leis an CRO. Nuair a sheachadtar cuntais ina bhfuil ainmneacha clóscríofa amháin chuig an gCláraitheoir, éilítear faoin Acht go mbeidís deimhnithe ag Stiúrthóir agus Rúnaí de chuid na cuideachta, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm scríofa, agus go sonrófaí sa deimhniú sin go bhfuil gach ceann de na doiciméid chuntas atá i gceangal leis an tuairisceán bliantúil ina chóip dhílis den doiciméad bunaidh. B1 A RÍOMHCHOMHDÚ: Agus B1 á ríomhchomhdú trí CORE, ní mór don té atá á chomhdú tic a chur i mbosca ar an B1 chun an cineál cuntas atá á chomhdú ag an gcuideachta a chur in iúl. Taispeánfar Deimhniú comhfhreagrach ansin ar leathanach na sínithe agus is féidir leis an Stiúrthóir agus an Rúnaí síniú i gcomhair na ríomhfhoirme B1 agus na gcuntas ar an leathanach aonair sin. Is amhlaidh a bheidh cibé an ndéantar na cuntais a uaslódáil mar cheangaltán PDF nó an gcuirtear i gceangal iad le leathanach na sínithe mar dhoiciméad páipéir. Ní féidir le Gníomhaire Ríomhchomhdaithe an deimhniú cuntais ar an ríomhfhoirm B1 a shíniú go leictreonach. B1 A RÍOMHCHOMHDÚ TRÍ PHACÁISTE BOGEARRAÍ Tá soláthraithe bogearraí ag obair faoi láthair ar a gcuid pacáistí a thabhairt cothrom le dáta chun na cineálacha cuntais a chur san áireamh i liosta na gceangaltán agus na ndeimhnithe comhfhreagracha. Go dtí go mbeidh an nuashonrú curtha i bhfeidhm, comhdaigh foirmeacha B1 mar is gnáth le do thoil, le cuntais ina bhfuil sínithe clóscríofa agus an deimhniú ábhartha agus é sínithe ag an Stiúrthóir agus an Rúnaí. Chun eolas a fháil ar cén uair a bheidh an áis nua ar fáil, déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí le do thoil. FOIRM B1 AGUS CUNTAIS AR PHÁIPÉAR A CHOMHDÚ Agus foirm B1 pháipéir á comhdú le cuntais a bhfuil sínithe clóscríofa iontu, ní mór deimhniú atá sínithe i lámhscríbhinn ag Stiúrthóir agus Rúnaí a chur i gceachtar den dá áit seo: a) ar gach doiciméad faoi leith á shonrú go bhfuil an doiciméad ina chóip dhílis den cheann bunaidh, nó b) ar ‘Deimhniú Foriomlán’ os comhair an chéad leathanaigh de na cuntais, á shonrú go bhfuil an doiciméad (na doiciméid) ina gcóipeanna dílse de na cinn bhunaidh (féach sampla de Dheimhniú Foriomlán anseo thíos). Chun tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineálacha cuntais a fhéadfar a chur i gceangal le tuairisceán bliantúil, téigh go dtí: foirm B1 á comhdú