Nuachtlitir 2014

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

 

TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA - BUAIC DHEIREADH FÓMHAIR

Comhdaítear go luath, agus b'fhearr linn go gcomhdófaí go leictreonach. Beidh 28 lá breise ón dáta comhdúcháin ag an té a chomhdaíonn go leictreonach chun a c(h)uid cuntas a sheachadadh, agus is é €20 an táille chomhdúcháin, seachas €40 i gcás na bhfoirmeacha a chomhlánaítear de láimh.

Molann an CRO go gcuirtear isteach na tuairisceáin bhliantúla in am trátha chun a chinntiú go bhfaightear in am iad. Cuirtear pionóis i bhfeidhm don chomhdú mall má chomhdaítear Tuairisceán Bliantúil go mall, agus de réir mar is infheidhme is amhlaidh a chaillfidh an chuideachta a teidlíocht freisin chun díolúine iniúchta a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain dá héis.

Is féidir cabhair a fháil maidir le haon deacracht a d'fhéadfadh bheith agat le comhdú leictreonach d'fhoirme ach na foinsí seo a leanas a cheadú:

Lóghlao 1890-252536* / 059-9178981 / 01-8045394 nó eb1@djei.ie

Tá cúnamh i leith saincheisteanna teicniúla agus TF ar fáil ó:01-8045374/ 01 8045307/ 01 8045355 nó electronic.filing@djei.ie

*Tugtar faoi deara go bhféadfadh na rátaí a ghearrtar ar úsáid na n-uimhreacha 1890 (Lóghlao) bheith éagsúil i measc soláthróirí seirbhíse éagsúla.

 TAKING CARE OF BUSINESS

Beidh ‘Taking Care of Business’ ar siúl san Ionad Comhdhála, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar an 16 Deireadh Fómhair, 2014 idir 8:30rn agus 1:30in. Ceapadh an t-imeacht uathúil seo go sonrach chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus gnólachtaí nua-thionscanta tuiscint a fháil ar na seirbhísí a chuireann go leor dár gcuid oifigí agus gníomhaireachtaí Stáit ar fáil, agus tairbhe a bhaint astu. Cláraigh ar líne ag www.takingcareofbusiness.ie nó seol
ríomhphost chuig info@takingcareofbusiness.ie. Ní ghearrfar aon táille isteach.

TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA LÍONTA I 2014 LE hAGHAIDH 2015

Sonraíonn Achtanna na gCuideachtaí gur gá do chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Caithfidh cuideachta a bhfuil dáta ARD 2015 aici tuairisceán bliantúil a chomhdú agus dáta éifeachtach i 2015 aige chun an riachtanas seo a chomhlíonadh agus a gcéad ARD eile a bhogadh ar aghaidh go dtí 2016.

Má chomhdaíonn tú do thuairisceán bliantúil agus dáta éifeachtach go mall i 2014 aige, agus tú ag súil go
gcomhlíonfaidh sé seo do dhualgais chomhdaithe do 2015, ní chomhlíonfaidh sé iad agus beidh ort tuairisceán bliantúil a chomhdú fós i 2015.

Ní féidir le cuideachtaí comhdú go luath ach i dtaca leis an mbliain ARD reatha, gan le haghaidh bliana sa todhchaí.

STÁDAS AIGHNEACHTAÍ DO THUAIRISCEÁN BLIANTÚIL A SHEICEÁIL

 Chuir an CRO roinnt modhanna i bhfeidhm trínar féidir le custaiméirí monatóireacht a dhéanamh ar stádas a gcomhdaithe tuairisceán bliantúil ag baint úsáide as CORE - timpeallacht clárúcháin ar líne CRO - agus as láithreán gréasáin an CRO (m.sh. má tá moill iomarcach in athrústádas de dhoiciméad go dtí "a fuarthas" ar CORE,d'fhéadfadh sé seo a thabhairt le fios gur cailleadh nó gur moillíodh sa phost iad). Iarrtar ar chustaiméirí na modhanna seo a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar stádas a gcomhdaithe agus, más rud é nach n-athraíonn an stádas go dtí "a fuarthas" laistigh de 10 lá oibre go neasach (15 lá ag ambhuaiceanna) ón lá a seoladh sa phost iad chuig CRO, ba chóir dóibh gníomh cuí a dhéanamh.

https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in/Nuachtlitir/2014-Ezine/ArtMID/1248/ArticleID/836/2014-07-08-Nuachtlitir-133

 CLÁR NA gCARA-CHUMANN - ATHRÚ AR AN REACHTAÍOCHT

Tá tús feidhme na reachtaíochta chun rómhaorlathas a laghdú ar chomharchumainn fógartha ag an Aire Bruton.
Rinneadh Acht na gCara-Chumann agus na gCumann Tionscail agus Soláthair (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014 a achtú ar an 21 Iúil 2014.

Féach ar shuíomh gréasáin na Roinne

http://www.djei.ie/press/2014/20140727.htm

Faoin Acht sin, leasófar roinnt forálacha a rinneadh sa dá cheann de na hAchtanna seo. Leis na hathruithe ar an dlí um Chumainn Tionscail agus Soláthair:

- Tabharfar isteach próiseas scrúdaitheoireachta maidir le Cumainn Tionscail agus Soláthair

- Ceadófar do chumainn aonair a dteorainneacha féin a leagan amach ar scairshealbha aonair sa chumann
- Maolófar srianta tuairiscithe airgeadais trí shíneadh a chur leisan tréimhse le haghaidh ullmhú agus cur isteach an tuairisceáin bhliantúil agus na gcuntas bliantúil.
- Fágfar níos éasca é cumainn a cuireadh ar ceal a chur ar ais ar an gclár
- Maolófar srianta tiomsaithe airgid i gcás cumainn neamh-thalmhaíochta

Cuirfear tús le codanna éagsúla den Acht ar dhátaí éagsúla sa todhchaí. Ní bheidh sé indéanta a thuilleadh Cara-Chumann nua a chlárú. Níl ach 47 Cara-Chumann ar an gclár faoi láthair agus tá go leor acu a bhfuil leibhéal
íseal gníomhaíochta acu.

Clárlann na gCara-Chumann - Cumainn Tionscail agus Soláthair agus Tuairisceáin Bhliantúla

Ní mór do chumann tuairisceán a chur isteach uair sa bhliain [alt 10(e) d'Acht na bliana 2014]. Cuirfear isteach an tuairisceán bliantúil tráth nach déanaí ná-

(i) an 31 Deireadh Fómhair, má tá dáta a chláir chomhardaithe dheiridh a foilsíodh idir an 1 Eanáir agus an 30 Meitheamh, agus

(ii) an 30 Deireadh Fómhair, má tá dáta a chláir chomhardaithe dheiridh a foilsíodh idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig (den bhliain roimhe sin);

Go hachomair:
Aon chumann a fhoilseoidh a chlár comhardaithe idir an 1 Iúil agus an31 Nollaig i mbliana, ní gá dó a thuairisceán bliantúil a chomhdú go dtí Aibreán 2015 Aon chumann a bhfuil dáta an chláir chomhardaithe idir Eanáir agus deireadh mhí an Mheithimh i mbliana, ní gá dó a thuairisceán bliantúil a chomhdú go dtí Deireadh Fómhair 2015 más amhlaidh gur chomhdaigh sé tuairisceán bliantúil i 2014. Tabhair faoi deara nach gá tuairisceáin Thríbhliantúla a
chur isteach a thuilleadh. Tá aisghairm déanta ar an gcuid d'Acht na bliana 1913 inar pléadh leis sin.

RÍOMHCHOMHDÚ IOMLÁN CHUNTAIS

Beidh feidhm ag Cuid 3 agus Cuid 4 d'Acht na gCuideachtaí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2013, lena n-éilítear go mbeidh sínithe CLÓSCRÍOFA ar gach cuntas arna chomhdú leis an CRO, ón Luan an 10 Márta 2014.

Faoin Acht sin, cuirtear deireadh leis an gceanglas maidir le sínithe lámhscríofa Stiúrthóirí, Iniúchóirí agus araile a bheith san áireamh i ndoiciméid chuntas a chomhdaítear leis an CRO.

Nuair a sheachadtar cuntais ina bhfuil ainmneacha clóscríofa amháin chuig an gCláraitheoir, éilítear faoin Acht go mbeidís deimhnithe ag Stiúrthóir agus Rúnaí de chuid na cuideachta, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm scríofa, agus go sonrófaí sa deimhniú sin go bhfuil gach ceann de na doiciméid chuntas atá i gceangal leis an tuairisceán
bliantúil ina chóip dhílis den doiciméad bunaidh.

B1 A RÍOMHCHOMHDÚ:

Agus B1 á ríomhchomhdú trí CORE, ní mór don té atá á chomhdú tic a chur i mbosca ar an B1 chun an cineál cuntas atá á chomhdú ag an gcuideachta a chur in iúl. Taispeánfar Deimhniú comhfhreagrach ansin ar leathanach na sínithe agus is féidir leis an Stiúrthóir agus an Rúnaí síniú i gcomhair na ríomhfhoirme B1 agus na gcuntas ar an leathanach aonair sin. Is amhlaidh a bheidh cibé an ndéantar na cuntais a uaslódáil mar cheangaltán PDF nó an gcuirtear i gceangal iad le leathanach na sínithe mar dhoiciméad páipéir.   Ní féidir le Gníomhaire Ríomhchomhdaithe an deimhniú cuntais ar an ríomhfhoirm B1 a shíniú go leictreonach.

B1 A RÍOMHCHOMHDÚ TRÍ PHACÁISTE BOGEARRAÍ

Tá soláthraithe bogearraí ag obair faoi láthair ar a gcuid pacáistí a thabhairt cothrom le dáta chun na cineálacha cuntais a chur san áireamh i liosta na gceangaltán agus na ndeimhnithe comhfhreagracha.  Go dtí go mbeidh an nuashonrú curtha i bhfeidhm, comhdaigh foirmeacha B1 mar is gnáth le do thoil, le cuntais ina bhfuil sínithe clóscríofa agus an deimhniú ábhartha agus é sínithe ag an Stiúrthóir agus an Rúnaí. 
Chun eolas a fháil ar cén uair a bheidh an áis nua ar fáil, déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí le do thoil.

FOIRM B1 AGUS CUNTAIS AR PHÁIPÉAR A CHOMHDÚ

Agus foirm B1 pháipéir á comhdú le cuntais a bhfuil sínithe clóscríofa iontu, ní mór deimhniú atá sínithe i lámhscríbhinn ag Stiúrthóir agus Rúnaí a chur i gceachtar den dá áit seo:

a) ar gach doiciméad faoi leith á shonrú go bhfuil an doiciméad ina chóip dhílis den cheann bunaidh, nó

b) ar ‘Deimhniú Foriomlán’ os comhair an chéad leathanaigh de na cuntais, á shonrú go bhfuil an doiciméad (na doiciméid) ina gcóipeanna dílse de na cinn bhunaidh (féach sampla de Dheimhniú Foriomlán anseo thíos).

Chun tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineálacha cuntais a fhéadfar a chur i gceangal le tuairisceán bliantúil, téigh go dtí:

http://www.cro.ie/gaa/file-accounts-electronically.aspx

Moill/neamhsheachadadh na ndoiciméad a seoladh sa phost don CRO

Is iad na cúinsí amháin ina mbíonn moill nó cailleadh doiciméad a seoladh sa phost don CRO á meas lena tharscaoileadh ná sa chás inar féidir leis an gcuideachta fianaise dhoiciméadach neamhspleách a thabhairt gur seoladh na doiciméid sa phost ag úsáid seirbhíse a ráthaíonn am seachadta, a léiríonn gur seoladh doiciméad ar dháta nach mór seachadadh in am don CRO a ráthú. (m.sh. Ráthaíonn Seirbhís de chuid An Post Express Post seachadadh ar an gcéad lá oibre eile agus féadtar síniú a fháil ar sheachadadh).

Please login or register to post comments.