CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
SÍNEADH AMA I nDÁIL LE TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL A CHOMHDÚ – BILEOG FAISNÉISE UIMH. 39
Faoi alt 343 d'Acht na gCuideachtaí 2014, le feidhm ón 1 Meitheamh 2015, féadfar iarratais ar shíneadh ama i ndáil le comhdú Tuairisceáin Bhliantúil a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Dúiche. Féadfaidh an Chúirt, ach í a bheith deimhin go mbeadh an cur chuige sin cóir, Ordú a dhéanamh lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse ama inar féidir tuairisceán bliantúil na cuideachta, i ndáil le bliain ar leith, a sheachadadh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí.
Féach Bileog faisnéise uimh. 39 chun tuilleadh faisnéise a fháil le do thoil.
https://www.cro.ie/Foilseacháin/Foilseacháin/Bileoga-Faisnéise
https://www.cro.ie/Tuairisceán-Bliantúil/Chomhdaítear-go-Déanach
RÍOMHCHOMHDÚ IOMLÁN AR RÁITIS AIRGEADAIS AR FÁIL ANOIS
Is féidir ríomhchomhdú iomlán ar thuairisceán bliantúil a dhéanamh anois trí CORE – www.core.ie agus trí phacáistí bogearraí príobháideacha eile:
- Féadfar an B1 a chur isteach ar líne, féadfar doiciméid a shíniú agus a dheimhniú trí mheán deimhnithe ROS agus féadfar íocaíocht a dhéanamh trí Chuntas Custaiméara nó le cárta creidmheasa,
- Féadfar Ráitis Airgeadais a uaslódáil mar cheangaltán PDF ach cliceáil i do Spás Oibre.
Baineann sé sin an riosca a ghabhann le doiciméid a chur ar an bpost, toisc go mbeidh na doiciméid a ndearnadh ríomhchomhdú orthu ar an liosta lena bpróiseáil sa CRO a luaithe a bheith cuntais na Ráiteas Airgeadais uaslódáilte. Gearrtar siar ar chostais dhaora phriontála agus phoist freisin.
Féach https://www.cro.ie/Seirbhísí/R-Chomhdú/Cuntais-a-ríomhchomhdú
nó
féach ar fhíseán YouTube maidir le conas B1 a chomhdú ar CORE ag
https://www.youtube.com/watch?v=fxgMpx23Wzk
CUIDEACHTAÍ NUA - SPRIOCDHÁTA NA NOLLAG 2015
Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag. GNÁTHSCHÉIM 3ú NOLLAIG 2015 SCÉIM FÉ PHRÁIN: 8ú NOLLAIG 2015 SCÉIM A1 ÁR LÍNE 15ú NOLLAIG 2015 ATHRÚ AR AINM 8ú NOLLAIG 2015 ATHCHLÁRAITHE 8ú NOLLAIG 2015 ÁIRITHINTE AR AINM CUIDEACHTA 18ú NOLLAIG 2015
SEACHADADH DOICIMÉAD AR CRO LE LINN NA BUAICTHRÉIMHSE
Má tá tuairisceáin bhliantúil á chur ar an bpost chuig an CRO agat, ba cheart é a sheoladh chuig CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach. Is ar an gcuideachta féin a chuirtear an fhreagracht i leith SHEACHADADH tráthúil a tuairisceáin bhliantúil ar an CRO faoi Acht na gCuideachtaí 2014.
Dá bhrí sin, má tá doiciméid á seoladh chuig an CRO agat agus an spriocdháta comhdaithe ag teannadh leat, molann CRO duit úsáid a bhaint as seirbhís seachadta ama ráthaithe lena soláthraítear cruthúnas seachadta. Tá roinnt soláthraithe éagsúla a thairgeann an tseirbhís sin (mar shampla, an tseirbhís Mhearphoist atá ag An Post). Mar rogha eile, is féidir le láithreoirí iad féin doiciméid a shíneadh isteach chuig Oifig Phoiblí CRO ag 14
Cearnóg Parnell áit a dtabharfar admháil duit i leith do chuid doiciméad.Tá an Oifig Phoiblí ar oscailt óna 9.30r.n. go dtí 4.30i.n. Meabhraítear dóibh siúd a shínfidh isteach a gcuid doiciméad go bhféadann na scuainí san Oifig Phoiblí a bheith níos giorra ar maidin agus gur chóir dóibh smaoineamh ar dhoiciméid a thaisceadh chomh luath agus is féidir lena chinntiú gur féidir iad a sheiceáil agus admháil a eisiúint ar an lá céanna.
NB: NÁ FÁG SEACHADADH DO THUAIRISCEÁIN BHLIANTÚIL DON BHLIAIN 2015 GO DTÍ AN NÓIMÉAD DEIRIDH. MÁ BHÍONN
TUAIRISCEÁN DÉANACH, NÍL AON ROGHA AG AN CRO ACH PIONÓIS A FHORCHUR AGUS AN DÍOLÚINE Ó INIÚCHADH A CHUR AR CEAL.Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cliceáil ar https://www.cro.ie/Tuairisceán-Bliantúil/Chomhdaítear-go-Déanach
TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA ARNA gCOMHDÚ IN 2015 I LEITH NA BLIANA 2016
Faoi Acht na gCuideachtaí 2014, níl cosc ar chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú in 2015 sa chás gur in 2016 atá a dáta tuairisceáin bhliantúil. Faoi láthair, áfach, ní féidir le CRO comhdú den sórt sin a phróiseáil ach amháin más rud é gur le foirm B1 PHÁIPÉAR a dhéantar é. Ba chóir an tuairisceán bliantúil sin a sheoladh chuig an mBainisteoir, Rannán na dTuairisceán Bliantúil, CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach, agus 'Tuairisceán Bliantúil 2016' marcáilte go soiléir ar an gclúdach.
MORGÁISTÍ AGUS CLÁRÚ I gCOMHAIR ROS – ATHRÁITEAS Ní mór Foirmeacha C1, C1A agus C1B agus F8, F8A agus F8B a ríomhchomhdú anois le síniú ROS. Ní ann d'áis ar bith chun na foirmeacha sin a chomhdú de láimh.
Ní bheidh an fhoirm comhdaithe go dtí go mbeidh an síniú ROS deiridh curtha i bhfeidhm le deimhniú ROS. Bí ar an eolas maidir leis an tráthchlár reachtúil ina leith sin le do thoil. Ní mór an méid atá sna foirmeacha sin a sheiceáil go cúramach, óir diúltófar dóibh má bhíonn siad neamhiomlán nó mícheart.
Ní mór go mbeadh an deimhniú nó an fo-dheimhniú ROS in ainm an té a bhfuil an fhoirm á síniú aige nó aici.
Ní mór do bheirt ar leithligh é a shíniú, duine amháin thar ceann na cuideachta agus an duine eile thar ceann an tsealbhóra muirir. I ndáil leis sin, cinntigh le do thoil go gcuirfear iad beirt isteach go cúramach san Fhoirm nó sna Foirmeacha i gcáil sínitheoirí. Tabhair faoi deara le do thoil nach mór an t-ainm iomlán a shonrú agus ní leagan giorraithe de (mar shampla, céadainm, iniseal nó sloinne).
Chun muirir a chomhdú faoi Acht na gCuideachtaí 2014:-• Logáil isteach agus cláraigh ar www.core.ie
• Faigh deimhniú nó fo-dheimhniú ROS ó na Coimisinéirí Ioncain https://www.cro.ie/Services/Registering-for-ROS féach www.ros.ie
Féach suíomh gréasáin CRO freisin ag https://www.cro.ie/Services/Registering-for-ROS
• Téigh i dtaithí ar shuíomh gréasáin an CRO, ar na foirmeacha nua agus ar Bhileog Faisnéise Uimhir 27.
Chun tuilleadh sonraí a fháil féach ar leathanach na Morgáistí le do thoil.
https://www.cro.ie/Iarchlárú/Cuideachta/Morgáistí-muirir
CUIDEACHTA A CHOMHSHÓ INA CINEÁL NUA – DEIMHNIÚ RÚN
Faoi Acht na gCuideachtaí 2014, féadfar cuideachta a chomhshó ina cuideachta TEO ach Foirm N1 (saor in aisce) a chur isteach chuig an CRO mar aon le rún speisialta agus cóip dá bunreacht nua, nó, más faoi Alt 60 den Acht atáthar á comhshó, ní theastóidh ach foirm N1 agus bunreacht nua.
Sa chás ina bhfuil roinnt cinntí i rún speisialta, éilíonn CRO go ndéanfar toiliú na scairshealbhóirí leis an gcomhshó ina TEO a asbhaint agus a chomhdú leis an bhfoirm N1, agus ní mór go ndeimhneoidh stiúrthóir nó rúnaí go bhfuil an sliocht sin ina chóip dhílis den cheann bunaidh.
Féach alt 191 go dtí alt 198, Acht na gCuideachtaí 2014 agus I.R. Uimh.39/2002 – alt 23(1), Na Rialacháin um Acht na gCuideachtaí, 1990 (Foirm agus Ábhar Doiciméad arna Seachadadh chuig an gCláraitheoir) 2002.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Bhileog Faisnéise 31 de chuid CRO nó ar shuíomh gréasáin CRO ag https://www.cro.ie/Acht-Nua-2014/Próiseas-Tiontúcháin