CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
SEACHADADH DOICIMÉAD AR CRO LE LINN NA BUAICTHRÉIMHSE Má tá tuairisceáin bhliantúil á chur ar an bpost chuig an CRO agat, ba cheart é a sheoladh chuig CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach. Is ar an gcuideachta féin a chuirtear an fhreagracht i leith SHEACHADADH tráthúil a tuairisceáin bhliantúil ar an CRO faoi Acht na gCuideachtaí 2014. Dá bhrí sin, má tá doiciméid á seoladh chuig an CRO agat agus an spriocdháta comhdaithe ag teannadh leat, molann CRO duit úsáid a bhaint as seirbhís seachadta ama ráthaithe lena soláthraítear cruthúnas seachadta. Tá roinnt soláthraithe éagsúla a thairgeann an tseirbhís sin (mar shampla, an tseirbhís Mhearphoist atá ag An Post). Mar rogha eile, is féidir le láithreoirí iad féin doiciméid a shíneadh isteach chuig Oifig Phoiblí CRO ag 14 Cearnóg Parnell áit a dtabharfar admháil duit i leith do chuid doiciméad. Tá an Oifig Phoiblí ar oscailt óna 9.30r.n. go dtí 4.30i.n. Meabhraítear dóibh siúd a shínfidh isteach a gcuid doiciméad go bhféadann na scuainí san Oifig Phoiblí a bheith níos giorra ar maidin agus gur chóir dóibh smaoineamh ar dhoiciméid a thaisceadh chomh luath agus is féidir lena chinntiú gur féidir iad a sheiceáil agus admháil a eisiúint ar an lá céanna. NB: NÁ FÁG SEACHADADH DO THUAIRISCEÁIN BHLIANTÚIL DON BHLIAIN 2016 GO DTÍ AN NÓIMÉAD DEIRIDH. MÁ BHÍONN TUAIRISCEÁN DÉANACH, NÍL AON ROGHA AG AN CRO ACH PIONÓIS A FHORCHUR AGUS AN DÍOLÚINE Ó INIÚCHADH A CHUR AR CEAL. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cliceáil ar Chomhdaítear-go-Déanach
BEIDH RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH 2017 AR AGHAIDH I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tiocfaidh an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017. Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh: Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht) Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú Beidh tionchar díreach ag na hathruithe sin ar an gcuideachta ina bhfuil tú i do stiúrthóir. Ós rud é go bhfuil dualgas ar gach cuideachta Foirm B1 a chomhdú gach bliain, tá sé ríthábhachtach go ndéanann aon chuideachta a dtiteann a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil tar éis an 31 Bealtaine 2017 eolas a chur ar an bpróiseas ar líne roimh a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil. Nasc chuig CORE (Timpeallacht Cláraithe Cuideachtaí Ar Líne) https://core.cro.ie/ Tá an CRO i mbun oibre faoi láthair ar fheachtas faisnéise a fhorbairt chun eolas a thabhairt do chuideachtaí faoi na ceanglais nua ríomhchomhdaithe.
CUIDEACHTAÍ NUA - SPRIOCDHÁTA NA NOLLAG 2016 Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag. GNÁTHSCHÉIM 2ú NOLLAIG 2016 SCÉIM FÉ PHRÁIN: 8ú NOLLAIG 2016 SCÉIM A1 ÁR LÍNE 14ú NOLLAIG 2016 ATHRÚ AR AINM 8ú NOLLAIG 2016 ATHCHLÁRAITHE 8ú NOLLAIG 2016 ÁIRITHINTE AR AINM CUIDEACHTA 19ú NOLLAIG 2016 DUL I dTEAGMHÁIL LE hOIFIG AN CRO I gCEATHARLACH I MÍ NA SAMHNA I mbliana, anuas ar dhéileáil le gnáth-bhuaicthréimhse chomhdú na dtuairisceán bliantúil i mí na Samhna, beidh freagracht ar an oifig i gCeatharlach freisin as próiseáil a dhéanamh ar iarratais ó chuideachtaí ar a bheith comhshóite chuig cineál eile cuideachta (TEO nó CGA) sula gcríochnaíonn an idirthréimhse 18 mí an 30 Samhain. I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla atá ann i mbliana, ba mhór againn é dá bhféadfadh custaiméirí atá ag lorg faisnéise nó cabhrach ríomhphost a sheoladh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist seo a leanas in ionad glao gutháin a chur ar an oifig i gCeatharlach: Tuairisceáin Bhliantúla: crocarlow@djei.ie Ceisteanna maidir leis an r-B1: eb1@djei.ie Comhshó: conversions@djei.ie Ainmneacha Gnó: rbn@djei.ie An Chúirt Dúiche: dcet@djei.ie Aisíocaíochtaí Cárta Creidmheasa: epayments.cro@djei.ie Cuntais Chustaiméirí: cro.customer.accounts@djei.ie BRÓICÉIRÍ ÁRACHAIS AGUS TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL Cuireadh in iúl do Chláraitheoir na gCuideachtaí go bhfuil seans ann nach mbíonn bróicéirí árachais áirithe ag gníomhú i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá orthu faoi Acht na gCuideachtaí 2014 lántacar ráiteas airgeadais a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí in éineacht lena dtuairisceán bliantúil. Leagtar síos le halt 350 d’Acht na gCuideachtaí 2014 na critéir cháilitheacha le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide ar mian leo díolúine giorraithe a éileamh ó lánchuntais a chomhdú faoi théarmaí alt 352 den Acht. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go n-eisiatar le fo-alt 11(b) d’alt 350 den Acht cineálacha áirithe cuideachtaí ón díolúine sin a éileamh. Foráiltear don méid seo a leanas le halt 350(11)(b): “Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta sa chás- (a) …… (b) gur cuideachta a thagann faoi aon fhoráil (a mhéid is infheidhme maidir le cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna) de Sceideal 5.” Dá bhrí sin, ní féidir le cuideachtaí Sceideal 5 cáiliú mar chuideachtaí beaga ná mar chuideachtaí meánmhéide faoi théarmaí alt 250. Ní féidir leo díolúine giorraithe ná díolúine ó iniúchadh a éileamh faoi théarmaí ailt 352 agus 358 den Acht ach oiread Liostaítear i Sceideal 5 a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí 2014 na cuideachtaí atá eisiata. Áirítear leo sin na cuideachtaí seo a leanas in ailt 15 agus 17 den Sceideal: “15. Aon chuideachta eile a gceanglaítear, de bhua aon achtacháin nó de bhua aon ionstraime faoi aon achtachán, í a bheith údaraithe ag an mBanc Ceannais chun go mbeidh gnó á sheoladh aici.
16 … 17. Cuideachta is idirghabhálaí árachais de réir bhrí an Achta Árachais, 1989.” Tabhair faoi deara: Toisc nach féidir le Bróicéir Árachais díolúine ó iniúchadh ná díolúine giorraithe mar a fhoráiltear dóibh in ailt 352 agus 358 a éileamh, ní mór dóibh lánchuntais iniúchta a chomhdú i ngach cás. DAOINE A SHEALBHAÍONN CUNTAS LEIS AN CRO Ba cheart do dhaoine a shealbhaíonn cuntas leis an CRO a chinntiú go bhfuil go leor airgid ina gcuntas acu chun íoc as an idirbheart sula gcuireann siad a gcuid doiciméad isteach.