Nuachtlitir 2016

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

UAIREANTA OSCAILTE NA NOLLAG/NA hATHBHLIANA

Dé hAoine 23 Nollaig 2016 9.30 r.n. go 12 meán lae
Dé Luain 26 Nollaig 2016 Dúnta
Dé Mairt 27 Nollaig 2016 Dúnta
Dé Céadaoin 28 Nollaig 2016 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 I.n
Déardaoin 29 Nollaig 2016 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 i.n
Dé hAoine 30 Nollaig 2016 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 I.n
Dé Luain 2 Eanáir 2017 Dúnta
Dé Mairt 3 Eanáir 2017 Atosaíonn gnáthuaireanta oscailte ar aghaidh

 
Beidh an áis athchóiriú mear a bheith ar fáil mar is gnáth ó 10:30 agus 12 meán lae ar an 28ú, 29ú agus 30ú Nollaig.

Mar gheall ar an cur isteach a dhéantar do sheirbhísí thar na saoire tréimhse, tuairisceán bliantúil, i gcás ina mbeidh an spriocdháta do chomhdú idir 23 Nollaig, 2016 agus 2 Eanáir, 2017, a chóireáil mar a fuarthas in am má comhdaíodh faoin 3ú Eanáir 2017.

An Cláraitheoir agus foireann an CRO mian dár gcliaint go léir ar Shona Nollag agus Bliain Nua Chorrchoill.

**** DEIREADH NA hIDIRTHRÉIMHSE ****

Amhail an 1 Nollaig 2016, tá an Idirthréimhse tagtha chun deiridh. Tionscnaíodh imeachtaí áirithe le deireadh na hIdirthréimhse agus tá  ailt 61, 980, 1190 agus 1247 d’Acht na gCuideachtaí 2014 tagtha in éifeacht. Mar thoradh air sin, bhí dualgas ar Chláraitheoir na gCuideachtaí na forálacha measta de na hailt sin a chur i bhfeidhm agus athruithe áirithe a chur chun feidhme maidir leis na cuideachtaí agus na cineálacha cuideachta a leanas.

Ní féidir a thuilleadh doiciméid a chur isteach chun comhshó nó chun ainm na cuideachta a athrú trí fhoirmeacha N1, N2 nó N3 a úsáid. Diúltófar d’aon doiciméid den sórt sin a gheofar tar éis an 1 Nollaig. Measadh cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna a bheith ina gcuideachtaí LTD amhail an 1 Nollaig.



*** BEIDH RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH 2017 AR AGHAIDH ***

I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tiocfaidh an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017. Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:

Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht)
Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe
Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí
Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú

Beidh tionchar díreach ag na hathruithe sin ar an gcuideachta ina bhfuil tú i do stiúrthóir. Ós rud é go bhfuil dualgas ar gach cuideachta Foirm B1 a chomhdú gach bliain, tá sé ríthábhachtach go ndéanann aon chuideachta a dtiteann a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil tar éis an 31 Bealtaine 2017 eolas a chur ar an bpróiseas ar líne roimh a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil.

Nasc chuig CORE (Timpeallacht Cláraithe Cuideachtaí Ar Líne) https://core.cro.ie/

Tá an CRO i mbun oibre faoi láthair ar fheachtas faisnéise a fhorbairt chun eolas a thabhairt do chuideachtaí faoi na
ceanglais nua ríomhchomhdaithe.


*** Úinéireacht Thairbhiúil *****

Nasc chuig ionstraim reachtúil uimh. 560 de 2016 dar teideal ‘Rialacháin  an Aontais Eorpaigh (Frithsciúradh Airgid: Úinéireacht Thairbhiúil Eintiteas Corparáideach), 2016’. Ceanglaítear leis an ionstraim reachtúil sin ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile atá corpraithe laistigh den Stát seo faisnéis atá leordhóthanach,
cruinn agus cothrom le dáta a choinneáil faoina n-úinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí faoi na leasanna tairbhiúla atá á sealbhú. Tháinig sí i bhfeidhm an 15 Samhain 2016.

Cé gur cuireadh tús cheana féin leis an obair chun clár lárnach um úinéireacht thairbhiúil a chur i bhfeidhm, ní dóigh go mbeidh a leithéid cláir réidh go dtí lár na bliana 2017. Is féidir aon cheisteanna i ndáil leis an ionstraim reachtúil a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: aml@finance.gov.ie

https://www.cro.ie/Cl%C3%A1r%C3%BA/Cuideachta/Oibleag%C3%A1id%C3%AD-Teagmhasacha/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-thairbhi%C3%BAil


*** CUIDEACHTAÍ NUA - SPRIOCDHÁTA NA NOLLAG 2016 ***

Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag. 

GNÁTHSCHÉIM 2ú NOLLAIG 2016
SCÉIM FÉ PHRÁIN: 8ú NOLLAIG 2016
SCÉIM A1 ÁR LÍNE 14ú NOLLAIG 2016
ATHRÚ AR AINM 8ú NOLLAIG 2016
ATHCHLÁRAITHE 8ú NOLLAIG 2016
ÁIRITHINTE AR AINM CUIDEACHTA 19ú NOLLAIG 2016


*** ATHBHUNÚ - NOLLAIG 2016 ****

Ón 1 Nollaig 2016 i leith, beidh céim bhreise ag teastáil sula n-athbhunófar an chuideachta sa Chlár, is cuma cé acu is le hAthbhunú Riaracháin, le hAthbhunú Cúirte nó le hAthbhunú Mear atá an chuideachta á hathbhunú ann. 
Tabhair faoi deara go bhfuil deireadh tagtha amhail an 1 Nollaig 2016 leis an Idirthréimhse le haghaidh an phróisis chomhshó faoi Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí 2014 i dtaca le cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna atá ann cheana.

Le Codanna 16, 18 agus 19 d’Acht na gCuideachtaí 2014, forchuirtear ceanglais ainm cuideachta ar chineálacha áirithe cuideachta, mar atá cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn ráthaíochta (Cuid 16), cuideachtaí poiblí faoi theorainn ráthaíochta (Cuid 18) agus cuideachtaí neamhtheoranta, bíodh siad príobháideach nó poiblí (Cuid 19).

Ní fhéadfar cuideachta ar bith a athbhunú mura gcuirtear an iarmhír cheart i bhfeidhm.

Please login or register to post comments.