Newsletter/Nuachtlitir

Email Newsletter The CRO newsletter facility allows subscribers to receive regular news updates from the office by email. These emails are delivered in text format:

1. CRO E-Zine This is an electronic bulletin published once a month. It informs all subscribers of the current developments within the Office and also notifies subscribers of future events.

2. Interim Messages The email newsletter service is effectively split in two (though only one subscriber list is used). Every subscriber receives delivery of the CRO E-Zine once every month. In the interim subscribers may receive further updates if necessary from the Office (urgent or time sensitive messages).

Format of Newsletter

The CRO email newsletter is issued in text format only. Contained within each text are hyperlinks to the relevant (if any) parts of the website. Your email application may not allow some long URLs to fit onto one line. Simply copy and paste the entire link into your browsers address bar or view the newsletter archive on the site. Please see Archive Newsletter 130 for an example of the email issued.

Security Statement

To register for our email service, only your email address has to be supplied to us, and this is retained by the CRO in order that the newsletter may be transmitted to you. If at any time you cancel your subscription your email address will be retained by us for record purposes concerning your subscription to the newsletter service but will not be used by CRO for no other purpose.

You can subscribe or unsubscribe to this Newsletter by following the links.

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

Formaid/Sampla Nuachtlitreach Eisítear nuachtlitir r-phoist CRO i bhformáid téacs amháin. Bíonn hipearnaisc i ngach r-phost téacs chuig codanna ábhartha an láithreáin gréasáin (más gá). Is féidir nach ligfidh d'fheidhmchlár r-phoist roinnt URL fada a chur ar líne amháin. Níl le déanamh ach an nasc iomlán a chóipeáil agus a ghreamú isteach i réimse seolta do bhrabhsálaí nó amharc ar chartlann na Nuachtlitreacha ar an láithreán.

Féach Cartlann na Nuachtlitreacha Eisiúint 133 mar shampla den r-phost a eisíodh.

Liostáil/Díliostáil Le liostáil leis an tseirbhís r-phoist iontráil do sheoladh r-phoist , is féidir leat liostáil/díliostáil seol r-phost chuig Nuachtlitir CRO.

Ráiteas Slándála Le clárú lenár seirbhís nuachtlitreach r-phoist, ná tabhair ach do sheoladh r-phoist dúinn, agus coimeádfaidh an CRO é seo chun an nuachtlitir a sheoladh duit. Má chuireann tú do liostáil leis an nuachtlitir r-phoist ar ceal am ar bith, coimeádfaimid do sheoladh r-phoist chun taifead a choimeád maidir le do liostáil leis an tseirbhís nuachtlitreach ach ní bhainfidh CRO úsáid as ar chúis ar bith eile.

TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA – BUAICPHOINTE DHEIREADH FÓMHAIR 

Cuideachtaí a bhfuil dáta tuairisceáin bhliantúil acu ar an 30 Meán Fómhair agus spriocdháta comhdaithe ar an 28 Deireadh Fómhair, iarrtar orthu an tuairisceán bliantúil a chomhdú in am, agus é a chomhdú ar líne mar an chéad rogha.

Má chuireann tú d'fhoirm B1 isteach ar líne beidh 28 lá eile agat ón dáta ar ar cuireadh isteach é chun do leathanach sínithe agus do chuid ráiteas airgeadais a sheachadadh ar an CRO. Gearrtar táille comhdaithe €20 ar r-B1.

Má dhéantar comhdú déanach ar thuairisceán bliantúil, cuirfear pionóis um chomhdú déanach ort agus, i gcás inarb infheidhme, caillfidh an chuideachta an teidlíocht maidir le díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.

A luaithe atá foirm B1 (foirm Tuairisceáin Bhliantúil) comhdaithe ar CORE laistigh de 28 lá ó dháta a tuairisceáin bhliantúil, ní mór na Ráitis Airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF tráth nach déanaí ná an dara tréimhse 28 lá agus sula seachadtar an leathanach sínithe chuig CRO. Ní mór íocaíocht as an tuairisceán bliantúil a dhéanamh ar líne.

Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an chéad lá oibre eile ina dhiaidh.

Is é €20 an táille a ghearrtar as ríomhfhoirm B1 a chomhdú. Cuimhnigh gurb amhlaidh, má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí chárta creidmheasa, gur lom láithreach a ghlacfar an íocaíocht agus NACH mBEIDH sí in-aisíoctha (mar nach féidir linn sonraí cárta a stóráil). Má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí chuntas custaiméara, ní asbhainfear an íocaíocht ó do chuntas custaiméara go dtí go gcuirtear sínithe leis. Má chomhdaítear tuairisceán bliantúil go déanach,
beidh feidhm ag pionóis i leith comhdú déanach agus, nuair is infheidhme, caillfidh an chuideachta a teidlíocht i leith díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.

Má bhíonn deacrachtaí agat maidir le d'fhoirm a chomhdú ar líne, tá cabhair maidir le hábhar na foirme ar fáil ó:

https://www.cro.ie/R-Chomhd%C3%BA/Sonra%C3%AD-Teagmh%C3%A1la  

Más rud é nár uaslódáladh na ráitis airgeadais go fóill tráth a fhaightear an leathanach sínithe in CRO, eiseofar ríomhphost chuig an Deontóir á chur in iúl dó/di gur seoladh a d(h)oiciméad ar ais agus nach mór dó/di foirm B1 uaidh/uaithi a thaisceadh an athuair, a ráitis airgeadais a uaslódáil, leathanach sínithe nua a phriontáil
agus a shíniú agus an leathanach sin a sheachadadh chuig CRO laistigh de 14 lá.

Ba cheart do Chuideachtaí agus do Dheontóirí a chinntiú go gcuireann siad na seoltaí ríomhphoist chearta ar fáil chun a áirithiú go dtabharfar fógra dóibh tráth a sheoltar a gcuid doiciméad ar ais mar nach bhfaighidh siad litir ná doiciméid trí chasadh an phoist a thuilleadh. 
 

CUIRTEAR NA DOICIMÉID AR AIS CHUIG LÁITHREOIRÍ - AR MHODH LEICTREONACH AMHÁIN

Ba mhaith leis an CRO/Cláraitheoir a chur ar aird láithreoirí ó tugadh isteach an ríomhchomhdú éigeantach an 1 Meitheamh 2017 nach gcuirfear na tuairisceáin bhliantúla agus foirmeacha eile a chomhdaítear go leictreonach ar ais chuig an láithreoir lena gceartú ach ar mhodh leictreonach le ríomhphost. Ní chuirfear cóipeanna crua de na tuairisceáin bhliantúla agus foirmeacha eile amach sa phost.

Éilítear ar an láithreoir an B1, B2 agus B10 etc. a chur in eagar agus a chur isteach arís agus agus iad a chur isteach chuig an CRO/Cláraitheoir. Tabhair do d’aire le do thoil nach mór tuairisceáin bhliantúla a chur isteach arís laistigh de cheithre lá déag den dáta ar an litir a cuireadh ar ais sin nó measfar de réir an dlí go mbeidh siad mall. 
 
NÍ DHEIMHNÍTEAR SEACHADADH LÁ DÁR GCIONN LE POST CLÁRAITHE 

Tabhair faoi deara gur chuir An Post in iúl NACH nDEIMHNÍTEAR SEACHADADH LÁ DÁR gCIONN LE POST CLÁRAITHE. Dá bhrí sin, más rud é go seoltar doiciméad chuig an CRO trí Phost Cláraithe agus go seachadtar é tar éis an spriocdháta comhdaithe, níl an dara rogha ag an CRO de réir an dlí ach caitheamh leis mar dhoiciméad déanach.

Más rud é go bhfuil Tuairisceán Bliantúil á sheoladh ag cuideachta chuig an CRO tamall gairid roimh a spriocdháta comhdaithe, molann an CRO don chuideachta úsáid a bhaint as seirbhís ama dheimhnithe a chuireann cruthúnas seachadta ar fáil. Ba cheart go mbainfeadh sé sin an riosca go seachadfaí an doiciméad go mall agus d’fhéadfadh go sábhálfadh sé an chuideachta ar phionóis um chomhdú déanach a thabhú agus ar íoc as dhá iniúchadh.

Is ann do roinnt soláthraithe a thairgeann an cineál seo seirbhíse, lena n-áirítear MEARPHOST, a dheimhníonn seachadadh lá dár gcionn ag a bhfuil saoráidí rianaithe laistigh den Stát. 

DAOINE A SHEALBHAÍONN CUNTAS LEIS AN CRO 

Ba cheart do dhaoine a shealbhaíonn cuntas leis an CRO a chinntiú go bhfuil go leor airgid ina gcuntas acu chun íoc as an idirbheart sula gcuireann siad a gcuid doiciméad isteach.

Tá Oifig Phoiblí na CRO ag Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 . Níl aon oifig phoiblí i gCeatharlach https://www.cro.ie/Eolas-faoi-CRO/D%C3%A9an-Teagmh%C3%A1il-Linn/Seoladh-%C3%81it

Please login or register to post comments.