CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Soláthraíonn an CRO, sonraí i bhformáid bhuilc, faoi cheadúnas, d’úsáideoirí ardtoirte ár sonraí. Is faisnéis bhunúsach chuideachta maidir leis na cuideachtaí go léir atá ar an gclár atá i gceist leis na sonraí lena mbaineann. Is féidir nuashonraithe larthúla faoi na sonraí a íoslódáil tríd an idirlíon - sanntar pasfhocal don Cheadúnaí chun éascaíocht a dhéanamh dó sin. Leagtar amach na táillí don tseirbhís nuashonraithe laethúla sonraí thíos.
Féadtar cóipeanna de na doiciméid scanáilte go léir atá faighte ag an CRO a chur ar fáil chomh maith ar chostas €63,360 in aghaidh na bliana.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbaineann coinníollacha le soláthar na nuashonraithe sonraí agus na n-íomhánna scanáilte agus, go háirithe, go bhfuil sé riachtanach Comhaontú Ceadúnais foirmiúil a shíniú sula gcuirfear tús le soláthar. Bheadh saineolas ríomhaireachta ag teastáil ó cheannaitheoirí na sonraí chomh maith ionas go mbeidh siad in ann na sonraí a léamh.
Custaiméirí Bulcshonraí
Tá na custaiméirí bulcshonraí a mbíonn an CRO ag soláthar sonraí dóibh faoi láthair liostaithe in ord aibítre thíos. Sonraítear teagmhálaí chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí ag gach ceann de na custaiméirí a soláthraíonn an CRO sonraí dóibh chomh maith, in éineacht le seoladh suíomh gréasáin na gcustaiméirí céanna. Ba chóir fiosrúcháin ar bith maidir le húsáid sonraí ag custaiméirí bulcshonraí ar bith a chur ar aghaidh go dtí an duine atá liostaithe san eagraíocht sin. Ní ceadmhach ábhar margaíochta dírí a sheoladh go dtí seoltaí baile na stiúrthóirí faoin gceadúnas úsáide idir an CRO agus custaiméirí bulcshonraí.