Cuntas Taisce a Oscailt

Foirm le comhlánú chun cuntas a oscailt - ac1 Irish fillable.pdf

Cuardach Cuideachta a Úsáid

Má dhéanann tú mionchuardach ar láithreán gréasán CRO, is féidir gur mian leat cuntas a oscailt linn. Ní mór creidmheas a choinneáil sa chuntas i gcónaí nó ní féidir cuardach a dhéanamh. Is féidir an cuntas seo a úsáid chun doiciméid a lóisteáil le CRO.

Faoi láthair, cuirtear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar scáileán saor in aisce, agus ní gá rochtain a fháil ar chuntas:

  • Ainm na cuideachta
  • Uimhir na cuideachta
  • Seoladh na hoifige cláraithe
  • Dáta corpraithe
  • Stádas na cuideachta
  • Dáta a comhdaíodh an tuairisceán bliantúil deireanach

Agus tú mar shealbhóir cuntais leis an Oifig seo, féadann tú iarraidh go seolfar asphrionta cuideachta agus íomhánna doiciméad ar ais chugat trí fhacs nó r-phost. Achoimre cuideachta is iad asphrionta, ina bhfuil sonraí faoi stiúrthóirí, oifig chláraithe, doiciméid a fuarthas agus muirir mhorgáiste atá cláraithe in aghaidh na cuideachta. Facsamhail doiciméid a fuarthas ón gcuideachta is ea íomhá doiciméid. Áirítear sna cineálacha doiciméad ná tuairisceán bliantúil agus cuntais, fógraí ar athrú stiúrthóirí na cuideachta nó athrú ar oifig chláraithe.

Freisin, tá an fhaisnéis curtha ar fáil ar scáileán do gach úsáideoir saor in aisce faoi láthair mar seo a leanas:

  • Ainm na cuideachta
  • Uimhir na cuideachta
  • Seoladh na hoifige cláraithe
  • Dáta corpraithe
  • Stádas na cuideachta
  • Dáta a comhdaíodh an tuairisceán bliantúil deireanach
  • Uimhir thaiscithe gach doiciméad
  • Uimhir an doiciméid i ngach taisceadh
  • Cineál an taiscithe
  • Stádas an taiscithe
  • Dáta a fuarthas gach taisceadh
  • Dáta cláraithe an taiscithe
  • Fáil ar íomhá (fáil uirthi/níl fáil uirthi)
  • Líon na leathanach atá i ngach doiciméad scanta
  • Gabh chuig Táillí le liosta na dtáillí a chuardach.

Ba cheart do shealbhóirí cuntais modhanna íocaíochta a thabhairt faoi deara mar tá teorainn ar mhodhanna íocaíochtaí don CRO faoi láthair.

Chun Cuntas a Oscailt

Ní mór an fhoirm iarratais a phriontáil, a chomhlánú ina hiomláine agus a sheoladh ar ais chugainn sa phost leis an íocaíocht. Nuair a fhaigheann CRO d’fhoirm iarratais agus íocaíocht tógfar uimhir chuntas custaiméara agus uimhir PIN duit. Nuair a fhaigheann tú uimhir chuntais agus uimhir PIN beidh tú i dteideal seirbhísí ar ár láithreán gréasáin CRO. ac1 form Irish fillable (0.19 MB, Adobe PDF)

Chun asphrionta cuideachta nó íomhánna scanta na ndoiciméad nó an bheirt acu araon a iarraidh ní mór creidmheas a bheith i do chuntas i gcónaí.

Airgead a Lóisteáil sa Chuntas

Is féidir airgead a lóisteáil sa Chuntas le Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair ar líne ag Logáil Isteach. Tabhair faoi deara go gcaithfidh na cártaí a bheith cumasaithe maidir le 3D.

Tabhair faoi deara nach féidir leis an CRO glacadh le híocaíocht Chárta Creidmheasa ar an teileafón.

Ar an scáileán tar éis duit logáil isteach, roghnaigh 'Mo Chuntais'. Roghnaigh Cuir Cuntas leis agus taispeánfar scáileán ina n-iarrfar Uimhir an Chuntais agus PIN

Ráitis agus Idirbhearta le Déanaí ar CORE

Tá fáil ar na sonraí go léir maidir le Cuntas Custaiméara, lena n-áirítear idirbhearta agus ráitis le déanaí, ar www.core.ie. Beidh ort clárú le CORE más rud é nach bhfuil sin déanta agat cheana féin. Nuair a bheidh tú cláraithe agus logáilte isteach, cliceáil ar 'Mo Chuntais', cliceáil ar 'Cuir leis', agus cuir isteach d'uimhir chustaiméara agus do PIN. Nascfar do shonraí Cuntais le do chuntas CORE. Ní bheidh ort an méid sin a dhéanamh ach uair amháin agus beidh do chuid sonraí go léir ar fáil gach uair a logálfaidh tú isteach go dtí CORE agus a roghnóidh tú 'Mo Chuntais'.

Féadfar https://core.cro.ie a úsáid chun foirmeacha a ríomhchomhdú leis an CRO.

Athruithe ar Chuntas

Is féidir athruithe a dhéanamh ar aon sonraí Cuntais (m.sh. seoladh, sonraí teagmhála) trí ríomhphost a sheoladh chuig cro.customer.accounts@dbei.gov.ie atá marcáilte lena chur faoi bhráid rannóg na gCuntas Custaiméara, nó trí scríobh chuig Rannóg na gCuntas Custaiméara, CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.

Údarú Íocaíochta

Nuair atá an fhoirm iarratais ceadaithe, seolfar leabhar Foirmeacha um Údarú Íocaíochta (PAF) sa phost chuid an duine teagmhála, sa chás a comhlánaíodh an chuid ábhartha den fhoirm a/c 1 amháin. Ní mór PAF comhlánaithe a lóisteáil le gach tacar doiciméad a chuirtear le comhdú sa CRO. Ní féidir ach iad siúd atá liostáilte ar an bhfoirm a/c1 PAF a shíniú. I gcás ar mian le custaiméir sínitheoir nua-údaraithe a chur leis, ní mór dó/di an fhoirm a chomhlánú agus a chur isteach arís don CRO roimh PAF a chur isteach.