Coinbhinsiún na Háige

(b) Dearbhuithe Reachtúla a dhéantar chun críocha Acht na gCuideachtaí in aon cheann de thíortha Choinbhinsiún na Háige

Tagraíonn sé seo do na tíortha atá ina bpáirtí sa Choinbhinsiún i nDáil le Dlítheanú Doiciméad Poiblí Eachtrach a Dhíothú a rinneadh sa Háig an 5 Deireadh Fómhair 1961. Mura mbíonn an dlínse ina dhéantar an dearbhú ina páirtí sa Choinbhinsiún CE ach má bhíonn sí ina páirtí i gCoinbhinsiún na Háige, ní gá ach píosa reachtaíochta amháin a fháil, i bhfoirm deimhnithe, ar a dtugtar "deimhniú fíoraithe", stampáilte ar an dearbhú nó ceangailte leis, má bhíonn an dearbhú sínithe sa dlínse eachtrach, os comhair duine atá i dteideal duine a chur faoi mhionn sa dlínse sin, mar nótaire poiblí. Féadfar an deimhniú fíoraithe seo a fháil ón údarás inniúil ainmnithe sa dlínse i dtrácht. Níl i gceist ach an dearbhú a chur isteach go dtí an CRO chun an deimhniú fíoraithe atá riachtanach a fháil. Nuair a bhíonn an deimhniú fíoraithe comhlánaithe go hiomlán ag an údarás inniúil ainmnithe, deimhneoidh sé go bhfuil an síniú barántúil, an cumas inar ghníomhaigh an duine atá ag síniú an dearbhaithe, agus nuair is iomchuí, an duine a chuir séala nó stampa ar an dearbhú. Ní gá an deimhniú fíoraithe féin a fhíordheimhniú.

Ní mór dearbhú reachtúil a dhéantar i dtír Choinbhinsiún na Háige (nach bhfuil ina páirtí sa Choinbhinsiún CE) a chur isteach chuig an CRO, leis an deimhniú fíoraithe, chun go nglacfar leis le haghaidh cláraithe.

Mar shampla, má dhéantar dearbhú reachtúil chun críocha Achtanna na gCuideachtaí laistigh den Ríocht Aontaithe, cur i gcás i Londain, os comhair duine a bhfuil cumhacht aige/aici duine a chur faoi mhionn sa dlínse sin (aturnae Sasanach cleachtach mar shampla), ní mór próiseas dá leithéid a fhíordheimhniú. Ciallaíonn sé seo gur gá deimhniú fíoraithe a fháil ón Legalisation Office, Foreign and Commonwealth Office, Milton Keynes (an t-údarás inniúil ainmnithe don RA) agus a chur isteach go dtí an CRO leis an dearbhú i dtrácht.

Chun liosta suas chun dáta a fháil de thíortha Choinbhinsiún na Háige agus den údarás inniúil atá ainmnithe do gach dlínse, féach http://www.hcch.net/index_en.php?act=conventions.text&cid=41Links to external website.

Tír Tír Tír Tír Tír
An Albáin Andóra Antigua & Barbúda An Airgintín An Arméin
An Astráil An Ostair An Asarbaiseáin Na Bahámaí Barbadós
An Bhealarúis An Bheilg* An Bheilís Bosnia & Heirseagaivéin An Bhotsuáin
Brúiné Darasalám An Bhulgáir An tSín (Hong Cong) An tSín (Macao) An Cholóim
Oileáin Cook An Chróit An Chipir Poblacht na Seice An Danmhairg*
Doiminice Eacuadór An tSalvadóir An Eastóin Fidsí
An Fhionlainn An Fhrainc* IPI na Macadóine An tSeoirsia An Ghearmáin
An Ghréig Grenada Hondúras An Ungáir An Íoslainn
An India Éire Iosrael An Iodáil* An tSeapáin
An tSeapáin An Chóiré Poblacht na Laitvia Leosóta An Libéir
Lichtinstéin An Liotuáin Lucsamburg An Mhaláiv Málta
Oileáin Marshall Oileán Mhuirís Meicsiceo An Mholdóiv Monacó
Montenegro An Namaib An Ísiltír An Nua-Shéalainn Niue
An Iorua Panama An Pholainn An Phortaingéil An Rómáin
Cónaidhm na Rúise San Críostóir Nimheas San Lucia San Uinseann agus na Greanáidíní Samó
San Mairíne São Tomé e Principe An tSeirbia Na Séiséil An tSlóvaic
An tSlóivéin An Afraic Theas An Spáinn Suranam An tSuasalainn
An tSualainn An Eilvéis Tonga Oileáin na Tríonóide & Tobága An Tuirc
An Úcráin An Ríocht Aontaithe Na Stáit Aontaithe Vanuatu Veiniséala

*toisc go bhfuil an Coinbhinsiún CE i bhfeidhm freisin, ní gá a bheith ag brath ar Choinbhinsiún na Háige

Tabhair faoi deara go gcuimsíonn an Ríocht Aontaithe críocha eile, lena n-áirítear na hOileáin Cayman, Giobráltar, Oileáin na dTurcach agus Caicos, agus Beirmiúda, chun críocha Choinbhinsiún na Háige. Féadfar liosta iomlán de na críocha iomchuí agus sonraí teagmhála a n-údarás inniúil ainmnithe a rochtain tríd an nasc gréasáin thuas.

Aire: Is nótaí ginearálta iad seo. I gcásanna sonracha, moltar duit dul i gcomhairle le do chomhairleoir gairmiúil féin, mar d'aturnae, cuntasóir nó rúnaí cairte. Ní féidir leis an CRO comhairle a thabhairt ar ghnéithe cáis. Ní féidir leis an CRO glacadh le haon dearbhú reachtúil le haghaidh cláraithe a dhéantar in áit lasmuigh den Stát má theipeann ar an dearbhú reachtúil forálacha ailt 886 den Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le proifisiúnach má bhíonn tú éiginnte ar bhealach ar bith ar conas dearbhú reachtúil a chomhlánú agus/nó a fhorghníomhú sula ndéantar é a thaisceadh leis an CRO.

Siar go Dearbhú Reachtúil