Important notice head!


CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy


click here to print

Foirceannadh - Cumann/Aontas

Cumann Tionscail agus Coigiltis

Foirceannadh

Cealú

Feadann Cláraitheoir clárú cumainn a chealú i gcás

  • go bhfuil sé sásta go bhfuil líon na gcomhaltaí laghdaithe go níos lú ná seachtar comhalta;
  • go bhfuarthas an clárú trí chalaois nó earráid;
  • nach bhfuil an cumann ag feidhmiú a thuilleadh, má mheasann sé oiriúnach é ar iarraidh an chumainn, nó le faomhadh an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta,
  • ar chruthúnas sásúil aige go bhfuil an cumann ag feidhmiú ar chúis neamhdhleathach nó go sáraíodh, i ndiaidh fógra ón Cláraitheoir, aon fhoráil na n-Achtanna.

Bhain an Cláraitheoir úsáid as an bhforáil deireanach sin le blianta beaga anuas le clárú cúpla céad cumann a chealú, cumainn ar theip orthu tuairisceáin bhliantúla a chur isteach, in ainneoin meabhrúchán, ceann i ndiaidh na cinn eile.

Cumann atá ag iarraidh a chlárú a chealú, ní mór dó na foirmeacha cuí a iarraidh ón gClárlann.

Díscaoileadh

Is féidir cuideachta a fhoirceannadh de réir forálacha Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le foirceannadh cuideachtaí.

Modh eile díscaoilte is ea trí ionstraim díscaoilte le toil agus síniú a fháil ó trí cheathrú de líon na gcomhaltaí Is féidir na foirmeacha cuí a iarraidh ón gClárlann. Níl an cineál díscaoilte sin ar fáil ach amháin ag comharchumainn talmhaíochta agus iascaireachta.

Nasc: Foirmeacha

Cara-Chumann

Foirceannadh

Cealú

Feadann Cláraitheoir clárú cumainn a chealú

  • má mheasann sé oiriúnach é ar iarraidh an chumainn, nó le faomhadh an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta;
  • ar chruthúnas sásúil go bhfuarthas an clárú trí chalaois nó earráid;
  • go bhfuil an cumann ag feidhmiú ar chúis neamhdhleathach nó go sáraíodh, i ndiaidh fógra ón Cláraitheoir, aon fhoráil na n-Achtanna.

Bhain an Cláraitheoir úsáid as an bhforáil deireanach sin le blianta beaga anuas le clárú cumann a chealú, cumainn ar theip orthu tuairisceáin bhliantúla a chur isteach, in ainneoin meabhrúchán, ceann i ndiaidh na cinn eile.

Cumann atá ag iarraidh a chlárú a chealú, ní mór dó na foirmeacha cuí a iarraidh ón gClárlann.

Díscaoileadh

Modh eile díscaoilte is ea trí ionstraim díscaoilte le toil agus síniú a fháil ó trí cheathrú de líon na gcomhaltaí i gcás cumann nach cara-chumainn iad agus ó chúig shéú de líon na gcomhaltaí i gcás cara-chumainn. Tá na foirmeacha cuí ar fáil ar iarratas don Chlárlann.

Nasc: Foirmeacha

Ceardchumann a Dhíscaoileadh

Éilíonn Leasú ar Alt 14 den Acht Ceardchumann (1871) go dtugann rialacha ceardchumainn an modh chun ceardchumann a dhíscaoileadh agus nach mór fógra díscaoilte a thabhairt don Chláraitheoir laistigh de 14 lá.