Iris - Fógraí bainte den liosta

Tús i bPáirt le hAlt 72 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005. Scor Foilsithe d’Fhógraí Reachtúla Ar Leith i bhForlíonadh Iris Oifigiúil.

Tá tús i bpairt le cur le hAlt 72 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 trí Ionstraim Reachtúil agus tiocfaidh an fhoráil tosaithe i bpáirt i bhfeidhm ar 19 Samhain 2012. Mar thoradh air seo, tabharfar údarás d’fhoilsiú d’Fhógraí Reachtúla ar leith go heisiach in Companies Registration Office Gazette ("CRO Gazette"), rud a éascóidh CRO scor d’fhoilsiú comhuaineach na bhFógraí seo in Iris Oifigiúil Supplement

Ó 19 Samhain 2012, beidh riachtanas Fógraí Reachtúla ar leith a fhoilsiú in CRO Gazette faoi Achtanna na gCuideachtaí agus ní bheidh foilsiú níos leithne riachtanach faoi Achta na gCuideachtaí tar éis an dáta sin. Ach, go ceann ceithre mhí go neasach ó 19 Samhain 2012, leanfar ar aghaidh le foilsiú Fhógraí ar leith in Iris Oifigiúil Supplement agus in CRO Gazette freisin. Tarlóidh sé seo nuair a rinne comhfhreagras/fógraí reachtúla a eisíodh ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí chuig cuideachtaí roimh 19 Samhain 2012 tagairt d’fhoilseachán in Iris Oifigiúil . Sna cásanna seo, foilseofar an fógra in CRO Gazette freisin.

Baineann an tOrdú um Thosach Feidhme leis na fógraí seo a leanas:

  • 1. Fógraí bainte den liosta deonacha faoi alt 311(2) agus (3) d’Acht na gCuideachtaí 1963 agus fógra díscaoilte faoi alt 311(5) den Acht céanna
  • 2. Fógraí bainte den liosta leachtaithe faoi alt 311(3) d’Acht na gCuideachtaí 1963
  • 3. Fógra bainte den liosta neamhdheonach faoi alt 12(2) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982 agus fógraí díscaoilte faoi alt 12(3) den Acht céanna
  • 4. Fógra bainte den liosta ioncaim faoi alt 12A(2) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982 agus fógra díscaoilte faoi alt 12A(3) den Acht céanna
  • 5. Baint den liosta den seanchuideachta faoi alt 8(1) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983
  • 6. Foilsiú d’fhógra de sheachadadh doiciméad ar leith chuig an CRO ag cuideachta phoiblí theoranta faoi alt 55 (1) (a) go dtí (j) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983

NB. Le tamall anuas d’fhoilsigh an CRO na fógraí thuas sa dá fhoilseachán go comhuaineach. Ó 19 Samhain 2012, áfach, mionathrófar an riachtanas dlí le foilsiú a éileamh in CRO Gazette amháin.