Athrú Iasachtóra


Ar chlár muirear CRO, déantar taifead ar "na daoine atá i dteideal an mhuirir" mar cheann de na nithe éigeantacha mar a shonraítear in Alt 414(1)(f) d'Acht na gCuideachtaí 2014.

Sa chás ina dtagann athrú ar shonraí an iasachtóra faoi mhuirear cláraithe le linn shaolré an mhuirir sin, is féidir go ndéanfaí leasú ar shonraí an duine (na ndaoine) atá i dteideal an mhuirir ar an gclár CRO ach Foirm C17 a chur isteach. Táille comhdaithe €15. Má mhainnítear fógra a thabhairt don CRO faoi aon athrú ar ainm/seoladh an tsealbhóra muirir (an té atá i dteideal an mhuirir), d'fheadfaí muirear a chlárú go mícheart mar cheann a rinneadh a lánsásamh, toisc go bhféadfaí an fógra a eisiúint chuig seoladh mícheart. Ní leagtar freagracht ar bith ar an CRO in imthosca den sórt sin.

Is féidir Form C17 (Athruithe ar sonraí shealbhóir an Mhuirir) a chomhdú chun go bhféadfaí athrú a dhéanamh ar shonraí shealbhóir an mhuirir i ndáil le muirir iomlána (suas le 25) a fhad is 

  • Go mbaineann na muirir go léir le cuideachta amháin
  • Gur ionann sealbhóir an mhuirir reatha agus roimhe i ndáil leis na muirir go léir
  • Gur ionann dáta an athraithe ar shonraí shealbhóir an mhuirir i ndáil leis na hathruithe go léir 

Is féidir an cleachtas seo a úsáid freisin nuair atá an fhoirm á comhdú chun athrú in ainm agus/nó i seoladh a léiriú. Tá doiciméad teimpléid inlíonta ina leagtar amach formáid chun an fhaisnéis a sholáthar ar fail.  C17 Annex irish fillable.pdf.  Is féidir é seo a úsáid mar aguisín agus é a cheangal leis an bhFoirm C17. Is é EUR 15 an táille comhdaithe.